Mí-ádh ar pheileadóirí Scoil Chuimsitheach Chiaráin i gcluiche ceannais Chonnacht

Cé gur acu a bhí an lámh in uachtar ar feadh tréimhsí fada de chluiche ceannais an chúige tráthnóna, níor éirigh le buachaillí Chonamara an beart a dhéanamh in aghaidh Ard-Scoil Chuain

Mí-ádh ar pheileadóirí Scoil Chuimsitheach Chiaráin i gcluiche ceannais Chonnacht

Ard-Scoil Chuain 1-9 Scoil Chuimsitheach Chiaráin 0-10

Ba é cúl Shaun Keane an scór cinniúnach a d’fhág go bhfuair Ard-Scoil Chuain an ceann is fearr ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua i gcluiche ceannais ‘D’ Chonnacht tráthnóna.

Ba iad buachaillí Chonamara ba láidre a bhí ar feadh tréimhsí fada i bPáirc Naomh Iarfhlatha i dTuaim ach, sa deireadh, d’íoc siad as an drochthús a chuir siad leis an gcluiche.

Agus cóir na gaoithe acu, bhí Ard-Scoil Chuain imithe trí phointe chun cinn agus gan ach ceithre nóiméad imeartha agus cé go raibh deiseanna á gcruthú ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, ní raibh siad á dtógáil.

D’aimsigh Oisín Mac Donnacha an chéad scór dóibh sa gcúigiú nóiméad ach ba iad Ard-Scoil Chuain a d’aimsigh na chéad trí phointe eile, agus Odhrán Loughrey a fuair péire acu sin. Níos measa fós don scoil Ghaeltachta bhí siad ocht bpointe chun deiridh sa 24ú nóiméad nuair a bháigh an lántosach Keane an liathróid i gcúl na heangaí tar éis d’Owen Naughton pas a thabhairt dó os comhair an chúil.

Mhúscail an scór sin peileadóirí Chonamara, áfach, agus ba iad ab fhearr as sin go dtí leath ama. D’aimsigh Oisín Mac Donnacha agus Warren Seoige pointí dóibh agus d’fhéadfadh an bhearna a bheith níos lú fós mura mbeadh mí-ádh ar Éanna Mac Cormaic le cúpla deis ar chúl. Rinne James Kennedy sábháil mhaith ar iarracht amháin agus, ar an drochuair, an posta a bhuail Mac Cormaic leis an gceann eile.

Iarracht Éanna Mhic Corcmaic a bhuail an cuaille

Mar a tharla sa chéad leath, níor chuir Scoil Chuimsitheach Chiaráin tús iontach leis an dara leath ach an oiread agus chuir siad cúpla iarracht eile amú. Ach choinnigh siad orthu ag cruthú na ndeiseanna.

Bhí seacht bpointe idir na foirne, 1-7 in aghaidh 0-3, agus 25 nóiméad fágtha ach faoin 55ú nóiméad, ní raibh buachaillí na Gaeltachta ach pointe amháin chun deiridh, 1-8 in aghaidh 0-10, agus an bhearna dúnta a bhuíochas d’Oisín Mac Donnacha, den chuid is mó. D’aimsigh an tosach gach ceann de na seacht bpointe a scóráil a fhoireann sa dara leath agus ba é Mac Donnacha féin a bhuaigh trí cinn de na sé ciceanna saora a scóráil sé.

Chinn ar bhuachaillí na Gaeltachta mar sin féin an comhscór a fháil. Agus an 60 nóiméad beagnach caite, bronnadh cic saor bog go maith ar Ard-Scoil Chuain, cic a shlánaigh Darragh Glynn go paiteanta. D’fhág an ceann sin go raibh cúl ag teastáil ó bhuachaillí Chonamara ach bhí a gcuid imeartha róscaollmhar in am cúitimh agus bhí an lá le hArd-Scoil Chuain.

Ard-Scoil Chuain: Jamie Kennedy; Eoghan McCabe, Seán Naughton, Evan Naughton; Diarmuid Butler, Jack Hughes, Dean Reilly; Cian O’Rourke (0-1), Éanna O’Rourke; Michael Glynn, Ross Hannon (0-1), Darragh Glynn (0-2, 2 chic saor); Owen Naughton, Shaun Keane (1-1, 1 chic saor), Odhrán Loughrey (0-3, 2 chic saor). Fir Ionaid: Enda Kenny in áit E McCabe (39 nóim).

Scoil Chuimsitheach Chiaráin: Aonghus Ó Dubháin; Christopher Mac Donnacha, Mikey Mac Donnacha, Peadar Ó Flatharta; Éamonn Ó Cualáin, Dylan Seoighe, Johnny Ó Tiarnaigh; Fiachra Ó Sé, Christopher Seoige; Éanna Mac Cormaic, Oisín Mac Donnacha (0-9, 8 gcic saor), Dylan Seoige; Warren Seoige (0-1), Joe Ó Gubáin, Micheál Mac Donnacha. Fir ionaid: Evan Ó Gríofa in áit É Ó Cualáin (34 nóim), Feithín Ó Cualáin in áit Mhichíl Mhic Dhonnacha (50 nóim), Mícheál Ó Curraoin in áit C Mac Donnacha (60 nóim).

Réiteoir: Austin O’Connell.

 

Foireann Scoil Chuimsitheach Ciaráin, An Cheathrú Rua

 

Foireann Ard-Scoil Chuain, a bhuaigh Craobh Chonnacht

 

Mikey Mac Donnacha, SCC ard san aer

 

Warren Seoige ag casadh i dtreo an chúil agus Evan Naughton á leanacht

 

Christopher Seoige, SCC, leis an liathroíd

 

 

Fág freagra ar 'Mí-ádh ar pheileadóirí Scoil Chuimsitheach Chiaráin i gcluiche ceannais Chonnacht'