Thíos tá cuid d’alt nuachta as Tuairisc.ie. Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart.
Is féidir an freagra a fháil thíos mar aon le nasc chuig an leagan bunaidh.
- Bhí ‘love’, ‘fun’ agus ‘help’ i measc na ndeich bhfocal is mó cuardach i mbliana chomh maith.5
- “Tá taighde ann a léiríonn gurb iad na focail is mó úsáid sa chaint is mó a chuardaítear sna foclóirí,” a deir urlabhraí ó foclóir.ie.3
- Ar na ‘cuardaigh gan toradh’ seo, bhí ‘student nurse’, ‘theory test’, ‘teaching council’, ‘oat milk’, ‘antigen test’ agus ‘smart watch’.8
- Focail “bheaga shimplí” ab ea na focail ba mhó cuardach ar foclóir.ie in 2022, de réir eolais atá curtha ar fáil ag lucht na bhfoclóirí do Tuairisc.1
- Ar fhoclóir Uí Dhónaill a bhí 50% den trácht ar teanglann.ie in 2022, chomh maith le 20% ar fhoclóir de Bhaldraithe agus ar na comhaid fuaime agus ghramadaí.10
- An rud céanna a bhíonn i gceist i gcás foclóirí eile, a deirtear.2
- Cuirfear na focail sin leis an bhfoclóir an bhliain seo chugainn.9
- 8 milliún duine a thug cuairt ar foclóir.ie in 2022 agus 2.4 milliún úsáideoir a bhain leas as teanglann.ie.6
- ‘For’, ‘go’ agus ‘to’ na trí fhocal ba mhó cuardach i mbliana.4
- Bhí focail agus téarmaí eile á gcuardach ag daoine i mbliana nach bhfuil san fhoclóir fós.7
Is féidir an leagan ceart a léamh anseo.
Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord'