Meascán Mearaí 15 – comhrá le bearnaí/ custaiméir agus freastalaí (Cartlann)

Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht...

Meascán Mearaí 15  – comhrá le bearnaí/ custaiméir agus freastalaí (Cartlann)

Custaiméir agus Freastalaí

Gníomhaíocht 1:

Tá custaiméir míshásta lena bhéile.  Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht caint an chustaiméara a chumadh. Nuair a bheidh sé déanta agaibh déanaigí an t-agallamh a aithris os ard.

Custaiméir: (ag caint go míshásta)
Freastalaí: Ní fhéadfadh sé a bheith fuar. Táim tar éis é a thabhairt as an gcistin anois díreach.
Custaiméir:
Freastalaí: Nílim á rá sin ar chor ar bith ach ní thuigim cén tslí go mbeadh sé fuar.
Custaiméir:
Freastalaí: Táim cinnte gur áibhéil é sin. (Blaiseann sí an bia). Ó, tá an ceart agat. Níl a fhios agam ó thalamh an domhain cén chaoi ar tharla sé sin.
Custaiméir:
Freastalaí: Ní gá dul thar fóir. Ní fhéadfadh sé a bheith chomh holc sin, tá an béile ar fad ite agat nach mór.
Custaiméir:
Freastalaí: Gheobhaidh mé béile nua duit ar an toirt.
Custaiméir:
Freastalaí: Níl an t-údarás sin agam.
Custaiméir:
Freastalaí: Tá bainisteoir nua díreach tosaithe linn, gheobhaidh mé é má tá sé ar fáil.
Bainteoir: Hé, aithním tusa. An raibh tú ag gearán faoi bhéile sa bhialann trasna an bhóthair nuair a bhí mé ag obair ann?
Custaiméir:

Gníomhaíocht 2:

Gníomhaíocht 3:

Ag obair leis an duine in aice  leat déanaigí iarracht bhur gcomhrá féin a scríobh. Bainigí úsáid as cuid de na focail san agallamh samplach. Déanaigí nathanna eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

  • Nuair atá sé déanta, déanaigí é a aithris os ard.
  • Déanaigí é a aithris do bheirt eile agus éistigí leis an gcomhrá atá déanta acusan.

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 15 – comhrá le bearnaí/ custaiméir agus freastalaí (Cartlann)'