Meascán Mearaí 10 – Iriseoir agus Polaiteoir

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Meascán Mearaí 10 – Iriseoir agus Polaiteoir

Gníomhaíocht 1

Tá polaiteoir a bhfuil caimiléireacht curtha ina leith á chur faoi agallamh ag iriseoir áitiúil.   Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht caint an pholaiteora  a chumadh. Nuair atá sé déanta agaibh déanaigí an t-agallamh a aithris os ard.

Iriseoir:: Ar mhiste leat an chonspóid a mhíniú i d’fhocail féin?

Polaiteoir:

Iriseoir: I gcead duit, a dhuine uasail, níl ach cúpla bliain ann ó tharla sé seo agus tá fianaise ann go ndearna tú caimiléireacht thromchúiseach.

Polaiteoir:

Iriseoir: Tá sé de cheart agat dul i muinín na cúirte más maith leat ach ní bhaineann sé seo le polaiteoirí eile i ndáiríre, baineann sé leatsa. Tabhair míniú dár lucht féachana ar an tsuim mhór airgid a deir Ruairí Mac Rachmais a thug sé duit.

Polaiteoir:

Iriseoir: Ach thug sé €50,000 duit in airgead tirim i gcarrchlós an óstáin.

Polaiteoir:

Iriseoir: Níl aon cháipéisíocht ann a léiríonn go ndearna tú an t-airgead sin a lóisteáil. 

Polaiteoir:

Iriseoir: Deir an cuntasóir céanna linne nár thug tú pingin rua dó timpeall an ama sin.

Polaiteoir:

Iriseoir: Tá cáipéisí againn anseo a léiríonn gur cheannaigh tú carr luach €48,000 seachtain tar éis duit an t-airgead sin a fháil ón Uasal Mac Racmhais.

Polaiteoir:

Iriseoir: Ceannaire do pháirtí!

Gníomhaíocht 2

Gníomhaíocht 3:

Ag obair leis an duine in aice  leat déanaigí iarracht bhur n-agallamh féin a scríobh. Bainigí úsáid as cuid de na focail san agallamh samplach. Déanaigí nathanna eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

  • Nuair a bheidh sé déanta, déanaigí é a aithris os ard.
  • Déanaigí é a aithris do bheirt eile agus éistigí leis an agallamh a rinne siadsan.

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 10 – Iriseoir agus Polaiteoir'