Méadú ar an éileamh ar choláistí Gaeilge i ndiaidh titim thubaisteach sé bliana

De réir figiúirí oifigiúla a tháinig chun cinn i gceist Dála ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív, d’fhreastail 26,024 scoláire ar chúrsaí Gaeltachta i mbliana, méadú 17% ar an 22,201 a d’fhreastail ar na cúrsaí in 2014

Méadú ar an éileamh ar choláistí Gaeilge i ndiaidh titim thubaisteach sé bliana

Coláiste Lurgan

Tá méadú ag teacht arís ar líon na scoláirí a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh sna ceantair Ghaeltachta tar éis na titime tubaistí a tháinig ar an líon scoláirí sna sé bliana roimhe sin. Tá ceisteanna curtha ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, áfach, faoi na ciorruithe atá déanta ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, trína n-íoctar na mná tí.

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua gur tháinig méadú 17% ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar choláistí samhraidh in 2016 ón mbliain 2014.

De réir figiúirí oifigiúla a tháinig chun cinn i gceist Dála ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív, d’fhreastail 26,024 scoláire ar chúrsaí Gaeltachta i mbliana, méadú 17% ar an 22,201 a d’fhreastail ar na cúrsaí in 2014.

Tháinig méadú ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar gach aon cheann de na ceantair Ghaeltachta le trí bliana anuas. Ba i nGaeltacht na Mumhan trí chéile a bhí an méadú ba mhó, +49%, agus ba i nGaeltacht Phort Láirge a bhí an méadú ba mhó in aon chontae Gaeltachta, +55%.

Cé nár tháinig ach méadú réasúnta beag, +8%, ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí na Gaillimhe, ba chuig Gaeltacht an chontae sin a chuaigh 46% de na scoláirí — 11,989.

Ba iad an Mhí agus Maigh Eo an dá chontae nach raibh titim i gceist idir na blianta 2008 agus 2014. Bhí méadú i gceist arís don phéire acu i bhfigiúirí na bliana seo. Tháinig méadú 2% ar fhigiúirí Mhaigh Eo, ó 2,892 go 2,955 scoláire, agus méadú 14% ar fhigiúirí na Mí, ó 345 go 393, idir 2014 agus 2016.

Méadú níos mó ná aon trian (37%) a bhí i gceist i nGaeltacht Thír Chonaill. D’fhreastail 5,668 scoláire ar choláistí Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Ghort an Choirce agus na gceantar Gaeltachta eile sa chontae in 2016 le hais an 4,149 a thug aghaidh ar an gcontae in 2014.

Ba í Gaeltacht Chorcaí ba mhó a bhí thíos i bhfigiúirí 2014, thit líon na scoláirí a chuaigh ó dheas go Múscraí 56% ó 2008 go 2014, ach bhí méadú níos mó ná aon trian (35%) i gceist sa cheantar Gaeltachta sin idir 2014 agus 2016.

Cé go bhfuil ardú ar na figiúirí i gceist le dhá bhliain anuas, bhí titim 7% fós i gceist ó fhigiúirí 2008 in 2016. Anuas air sin, níl an titim réasúnta beag sin ag teacht leis an titim mhór san airgead a bhronntar trí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Tá titim 28% ar an airgead sin ó bhí 2008 ann.

Dúirt an t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie gur “údar mór díomá” nár cuireadh an t-airgead ar fáil arís nuair atá airgead a baineadh díobh naoi mbliana ó shin á chur ar fáil arís i réimsí eile den státseirbhís le tamall anuas.

“Tá na scoláirí ar ais, a bheag nó a mhór, mar a bhí. Tá titim 7% ar líon na scoláirí, mar sin ba cheart go mbeadh titim 7% san airgead. Baineadh euro amháin den airgead a tugadh ag an uasphointe, an €10.50, sin 9%, agus tá 7% eile imithe de bharr ciorruithe eile atá curtha i bhfeidhm ag an Roinn ó 2008.

“Ach fágann sé sin go bhfuil an scéim fós 5% gann mar gheall ar chiorruithe an Rialtais dheiridh, a bhíonn ag maíomh nach bhfuil aon chiorrú déanta acu. Is iad na coláistí beaga is mó atá thíos leis agus is údar mór díomá é nach bhfuil an t-airgead tugtha ar ais do na mná tí mar ba mhór an cúnamh a bheadh ann. Ní chosnódh sé ach fíorbheagán airgid €0.50 a thabhairt ar ais in aghaidh na hoíche — €200,000 atá i gceist, agus ní thógfaí teach air sin,” a dúirt Ó Cuív.

Bronnadh €5,593,486 faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2008, nuair a d’fhreastail 28,112 ar chúrsaí samhraidh Gaeltachta.

€4,013,806 a bronnadh anuraidh, nuair a d’fhreastail 26,024 ar na cúrsaí.

Fág freagra ar 'Méadú ar an éileamh ar choláistí Gaeilge i ndiaidh titim thubaisteach sé bliana'