McGuinness – réalta Shinn Féin ag dul abhaile go Doire

Bhí an SDLP agus Sinn Féin marbhánta le tamall anuas; níor mhiste dá gcuirfeadh an nimh i nDoire beocht iontu…

19/6/2015 Northern Ireland Deputy First Minister Martin McGuinness signed the book of condolence today at the Mansion House for the victims of the tragic accident in Berkeley, California. Photo: /RollingNews.ie
Pictiúr:RollingNews.ie

Cuireadh faobhar i nDoire ar an réamhimirt do thoghchán an Tionóil nuair a d’fhógair Martin McGuinness go mbeidh sé ag dul ar ais cois Feabhail chun suíochán breise a bhuachan do Shinn Féin ar an 5 Bealtaine. Is é seo an chéim is suntasaí sa bhfeachtas atá ar siúl ag Sinn Féin le fada chun an SDLP a threascairt i ndúnáras John Hume.

Tá scór bliain caite ón uair dheiridh a sheas McGuinness i dtoghcheantar an Fheabhail. D’aistrigh sé go Lár Uladh le haghaidh toghchán Westminster i 1997 nuair a bhain sé an suíochán de Willie McCrea DUP agus is ann a bhí sé ina ionadaí ó shin. “Is le croí trom a fhágaim slán ag Lár Uladh, ach táim sásta go bhfuil Sinn Féin níos láidre ná ariamh ann,” a dúirt an LeasChéad-Aire ag ócáid i nDoire nuair a d’fhógair sé plean a pháirtí don ruathar nua. ‘Sé a aidhm ná trí shuíochán as na sé cinn a ghnóthú do Shinn Féin.

“Airím chomh fuinniúil le duine scór bliain d’aois,” arsa McGuinness le déanaí. Bail ó Dhia air, ní gach duine atá ag druidim leis an 65 a bheadh chomh maíteach, misniúil. ‘Sé McGuinness réalta Shinn Féin i dTuaisceart Éireann, agus níl ionadaí eile acu a thagann ina ghaobhar. Iarrthóir an-láidir é agus measann Sinn Féin gurb é an toghchán seo an seans is fearr ariamh acu chun a dhul chun tosaigh ar an SDLP.

I gcaitheamh na mblianta d’fhéach Mitchel McLaughlin, Martina Anderson agus Gearóid Ó hEara fé seach le suíochán Westminster a bhaint den SDLP, ach chuir vótóirí John Hume, agus ina dhiaidh, Mark Durkan, ó dhoras iad. Rinneadh tréaniarracht freisin i dtoghcháin an Tionóil ach choinnigh an SDLP na trí shuíochán.

Tháinig cor nua sa scéal áfach nuair a chuaigh Sinn Féin chun tosaigh ar SDLP den chéad uair sna toghcháin áitiúla i 2014. Neartaigh an SDLP arís sa vótáil do Westminster anuraidh. An geábh seo, tá Pat Ramsay, SDLP, a raibh vóta pearsanta mór aige, éirithe as an Tionól ar chúinsí sláinte. Anuas air sin tá ceannaire nua an SDLP ann – Colum Eastwood, an teachta deiridh a toghadh sa chomhaireamh i 2011. Airíonn SF go bhfuil deis mhaith acu agus gurb é McGuinness an t-iarrthóir is oiriúnaí don fheidhm.

D’ainneoin chomh maith is a chruthaigh SF in aghaidh an SDLP le cúig bliana déag anuas, níor éirigh leo ceannaire a chur dá chois, murab ionann agus an DUP a threascair David Trimble, ceannaire an UUP. Is léir go gcreideann siad gur buille marfach don SDLP a bheadh ann a gceannaire a bhualadh. Rinneadar a ndícheall an t-iarcheannaire Alasdair McDonnell a shárú i ndeisceart Bhéal Feirste anuraidh; i bhfianaise an fheachtais sin déantar talamh slán de go mbeidh iomaíocht fhíochmhar sa bhFeabhal.

Rinne an SDLP beag is fiú de phlean Shinn Fein go poiblí. Ní foláir nó is gairm chun gnímh dóibh é mar sin féin; d’fhéadfadh gur bás nó beatha a bheadh mar thoradh air.

Dianscrúdú don cheannaire nua ab ea an toghchán Tionóil, fiú sular chuir Sinn Féin an lasair sa bharrach i nDoire. Ba é caomhnú a gcuid suíochán Tionóil an rud ba lú a chaithfeadh Colum Eastwood a bhaint amach chun stop a chur le meath an pháirtí. Ní raibh caint ar bith ar Dhoire an uair sin agus iad á thuar go bhféadfadh ceathrar teachtaí a bheith i mbaol. ‘Sé dúshlán Eastwood suíocháin a pháirtí i nDoire agus sna 17 toghcheantar eile a chosaint agus, ag an am céanna, fuinneamh is gus a mhúscailt i measc a lucht tacaíochta.

Tá an ráta vótála náisiúnach ag titim diaidh ar ndiaidh ó thus an chéid seo. Thit líon na suíochán i measc na náisiúnach sa toghchán Tionóil i 2011 agus arís i dtoghchán Westminster anuraidh. Beidh Sinn Féin ag baint leas as comóradh an chéid ar 1916 agus na torthaí sa toghchán ó dheas chomh maith le ceisteanna logánta chun a vótóirí féin a mhealladh amach. An mbeidh Eastwood in ann tine a chur faoi lucht leanta SDLP? Agus an gcuirfidh neamhspleáigh nó dornán iarrthóirí frithdhéine casadh eile sa scéal don dá pháirtí – i nDoire agus in iarthar Bhéal Feirste, mar shampla. Bhí an SDLP agus Sinn Féin marbhánta le tamall anuas; níor mhiste dá gcuirfeadh an nimh i nDoire beocht iontu.

Fág freagra ar 'McGuinness – réalta Shinn Féin ag dul abhaile go Doire'

  • Cormac

    Alt an-mhaith!