Tá ráite ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go mbeadh sé sásta dul i gcomhrialtas le Fine Gael ach clár rialtais a aontú leo.
Dúirt Martin go mbeadh sé sásta comhrialtas a bhunú le Fine Gael fad is go mbeadh “cur chuige nua” ag an rialtas maidir le cúrsaí tithíochta, cúrsaí sláinte agus an t-athrú aeráide.
Ag labhairt dó ar Today with Seán O’Rourke ar RTÉ, níor chuir Martin as an áireamh é go mbeadh post an Taoisigh á roinnt ar bhonn sealaíochta le Fine Gael dá dtiocfaí ar chomhréiteach.
Dúirt sé arís eile nach rachadh Fianna Fáil i gcomhrialtas le Sinn Féin. B’amhlaidh go “scriosfadh” polasaithe Shinn Féin an fhiontraíocht in Éirinn, a mhaígh Martin. Dúirt sé go raibh Sinn Féin “níos faide amach ar an eite chlé ná mar a bhí cúig bliana ó shin” agus go mhaígh sé go ndéanfadh a bpolasaithe dochar don gheilleagair.
Dúirt sé go bhféadfaí rialtas nua a bhunú níos tapa ná mar a tharla in 2016 agus go bhféadfaí cuid mhaith den obair sin a dhéanamh sna seachtainí amach romhainn.
“Anois an t-am a chaithfear cinneadh a dhéanamh, sin ataimid ag áiteamh. Is dóigh liom go bhfuil sé in am ag gach páirtí polaitiúil bogadh ar aghaidh ó thréimhse na réamhchainteanna agus tabhairt faoi chlár rialtais a d’fheáfadh athrú a dhéanamh i saol na ndaoine,” arsa Martin.
Deir Fine Gael gur faoi na páirtithe eile atá sé rialtas a bhunú agus go bhfuil siad féin ag ullmhú do sheal sa bhfreasúra. Ach dúirt Martin go gcaithfí éirí as an gcaint sin agus aghaidh a thabhairt ar fhírinne na polaitíochta.
“I mo thuairimse, féadadh daoine leanúint orthu ag rá gur chóir do dhaoine eile rialtas a bhunú ach tiocfaidh an realpolitik i gceist luath nó mall.”
Chas foireann idirbheartaíochta Fhianna Fáil le hionadaithe ó Fhine Gael inné agus dúirt Martin go raibh plé “dáiríre” ag an gcruinniú sin faoi pholasaithe.
Dúirt ceannaire Fhianna Fáil nach “maithfeadh” an pobal do na polaiteoirí é dá mbeadh toghchán eile ann. Dúirt sé, áfach, nach raibh aon “eagla” air roimh thoghchán eile.
Fág freagra ar 'Martin sásta dul i gcomhrialtas le Fine Gael'