Margadh déanta faoi phrótacal an Tuaiscirt – tuairiscí

Chuir Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, clabhsúr tráthnóna ar na cainteanna faoi na socruithe trádála don Tuaisceart

Margadh déanta faoi phrótacal an Tuaiscirt – tuairiscí

Tá sé ina mhargadh idir an Bhreatain agus na tAontas Eorpach faoin bprótacal iarBhreatimeachta, de réir tuairiscí tráthnóna.

Chuir Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, deireadh tráthnóna leis na cainteanna faoi na socruithe trádála don Tuaisceart.

Casta agus deilgneach go maith a bhí na cainteanna ar cuireadh clabhsúr inniu orthu.

Agus margadh déanta is é an chéad dúshlán eile roimh Rishi Sunak ná an DUP agus Eoraisceiptigh ina pháirtí féin, na Tóraithe, a mhealladh chun tacú leis an margadh.

Cuirfidh Sunak agus von der Leyen sonraí an mhargaidh ar fáil ag preasócáid tráthnóna.

Comhaontú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach is ea an prótacal a dréachtaíodh le déileáil leis an gconstaic is mó a bhí ag seasamh roimh chainteanna an Bhreatimeachta – is é sin an teorainn ar thalamh na hÉireann.

Leis an teorainn a choinneáil oscailte, is amhlaidh a socraíodh gur i Muir Éireann a dhéanfaí na seiceálacha custaim agus rialacháin a bhí riachtanach de thoradh an Bhreatain a bheith ag imeacht as an Aontas Eorpach.

Ar ndóigh chuir cinneadh sin an Bhreatimeachta leis an maorlathas a bhain leis an trádáil idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann, crá croí breise dá lán gnóthaí agus údar cantail d’aontachtaithe a mhaíonn go mbaineann an prótacal trádála sin an bonn de stádas Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe.

Bhain an DUP leas as a veto chun Stormont a threascairt mar agóid in aghaidh an phrótacail.

Tá an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe cuid mhaith ar aon fhocal gur gá idirdhealú a dhéanamh idir earraí as an mBreatain atá ag teacht anall go Tuaisceart Éireann don mhargadh sin agus earraí atá le seoladh ó dheas thar an teorainn gan aon seiceáil agus isteach sa mhargadh aonair sa tír seo nó ar aghaidh.

Tuairiscítear gur dóigh go gcruthófar lána glas agus lána dearg d’earraí a thiocfadh as an Ríocht Aontaithe.

Fág freagra ar 'Margadh déanta faoi phrótacal an Tuaiscirt – tuairiscí'