Macalla ó ré eile agus na Barrs agus na fir ón Glen ag dul san iomaíocht i bPáirc Uí Chaoimh

Ba iad foirne na cathrach boic mhóra na hiomána i gCorcaigh tráth agus aithne mhaith ag ár gcolúnaí ar an ngéariomaíocht a bhíodh eatarthu

Macalla ó ré eile agus na Barrs agus na fir ón Glen ag dul san iomaíocht i bPáirc Uí Chaoimh

Laoch an Ghleanna, Patrick Horgan. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Leanann aicsean na gclubanna ar aghaidh an deireadh seachtaine seo agus cluichí ar siúl i ngach páirc sa tír, nó geall leis. Agus go dtí seo, buíochas le Dia, tá baol an Covid-19 á láimhseáil go stuama ag na clubanna agus an chuid is mó des na cluichí ag dul ar aghaidh.

An tseachtain seo caite, scríobhas go mbeadh sé mar bhónas againn Joe Canning a fheiceáil ar ais ag imirt agus cluiche Phort Omna le craoladh ar an teilifís. Agus bhí sé mar bhónas agus Joe go hiontach ar na buillí saora ach taispeánadh cárta dearg conspóideach dó sa dara leath. Lean a nia, Jack, é go dtí an taobhlíne go luath ina dhiaidh sin agus bhí rás Phort Omna rite.

Beidh naoscairí eile le feiceáil againn anocht ar RTÉ 2 mar beidh cluiche ó Chorcaigh idir Fánaithe an Ghleanna agus Cumann Barrra Naofa á taispeáint ag an chraoltóir náisiúnta. Beidh an naoscaire sin, Patrick Horgan, ag dul chun páirce leis an Ghleann.

Bhí tráth ann nuair a bhíodh na sluaite fud fad na tíre ag aon cluiche idir ‘The Glen’ agus ‘The Barrs’. Faraor, agus cosc ar níos mó ná 200 duine bheith i láthair, is dócha go mbeidh an slua is lú riamh i láthair ag an chluiche anocht.

Nuair a bhí mise i mo ghasúr in Achadh Bolg, fiche míle ón chathair, chuala mé na céadta scéal faoi The Glen, The Barrs agus na Rockies, Carraig Dubh.

Ba iadsan boic mhóra na hiomána i gCorcaigh. As an 131 craobh shinsir a bhí ann ón tús, tá 84 buaite ag na trí chlub cathrach sin. Tá an scéal sin athraithe le tamall de bhlianta, áfach. Ó thús na mílaoise, níl ach péire an ceann buaite ag an Glen agus ag na Rockies agus tá na Barrs gan aon chraobh ó 1993.

D’imir mise i gcluiche ceannais na sinsear den chéad uair le Cumann Barra i gcoinne an Ghleanna i 1977. I ndiaidh na scéalta go léir a bhí cloiste agam faoin teannas, an t-easaontas, agus an dianiomaíocht a bhí idir an dá chlub thar na mblianta, bhí sé fíor-aisteach bheith sa pharáid taobh thiar de Bhanna Shráid na Beairice agus staid nuachóirithe Pháirc Uí Chaoimh lán go doras. Deir siad gurb é sin an slua is mó riamh a d’fhreastail ar chluiche ceannais i gCorcaigh agus níos mó ná 34,000 duine i láthair an lá sin.

Ag an am, bhí níos mó ná fiche bliain ann ó bhuaigh na Barrs ar a sean-naimhde. Mar aon leis sin, bhí an chraobh buaite ag an Ghleann an bhliain roimhe. D’fhág sin gurbh iad an Gleann rogha na n-údar.

Ba iad na Barrs ab fhearr an lá sin, áfach, agus thugamar léasadh do leaids thuaisceart na cathrach. Bhí dosaen pointí sa bhreis againn ag an deireadh.

Mar sin féin, tá rudaí athraithe go mór breis agus 40 bliain ina dhiaidh sin. Le blianta beaga anuas is iad an Gleann is fearr sa chathair. Bhuadar an chraobh in 2015 agus in 2016 agus chailleadar cluiche ceannais 2019 i gcoinne na foirne dúiche Uí Mhic Coille, a bhuaigh an chraobh den tríú huair as a chéile. Seachas Patrick Horgan, is é an t-iarimreoir contae Stephen McDonnell an t-aon fhear ar fhoireann an Ghleanna a d’imir do Chorcaigh.

Tá na Barrs gann ar thaithí chontae freisin agus gan ach Damien Cahalane acu. Chailleadar an cluiche leathcheannais i gcoinne Uí Mhic Coille anuraidh ach b’in dul chun cinn mar bhíodar lag go leor le tamall de bhlianta anuas.

Sea, beidh Páirc ‘Nua’ Uí Chaoimh oscailte arís anocht agus an Glen agus na Barrs ann. Macalla des na seanlaethanta i staid a bheidh beagnach folamh agus a bheidh lán de mhacalla.

Nach maith é sa saol ‘nua’ seo go bhfuil sinn bheith ábalta féachaint ar an aicsean ón chéad babhta agus sinn ar ár gcompord ar an tolg.

Fág freagra ar 'Macalla ó ré eile agus na Barrs agus na fir ón Glen ag dul san iomaíocht i bPáirc Uí Chaoimh'

  • alan titley

    ‘……Ar ár gcompórd ar an tolg’. Ní dóigh liom go raibh tú mar sin John, ach an oiread liom féin. Nár mhúscail na smugagheansaithe rugbaí sin ón nGlen fonn urlacain agus caitheamh aníos ort? Nár thug siad chun cuimhne na seanlaethanta ba mheasa dá raibh riamh againn? Ní gá a bheith chomh neodrach sin. Scaoiltear an bhinb amach, dream bundúnach, gruamach, brumaireach, raibiléireach gan rath is ea an Glen agus gach duine a bhfuil aon chuimilt dá laghad acu leo.Is geall le galar é féachaint orthu. Is é an donas go bhfuil na bastaird chomh maith sin, níos fearr ná sinne (faoi láthair….go sealadach)