Má tá athrú ar chur chuige na hÉireann beartaithe ag Joe Schmidt, ní raibh Seán O’Brien ag ligean tada air féin

Labhair Tuairisc.ie le himreoir na hÉireann Seán O’Brien faoina bhfuil i ndán dúinn i gCraobh na Sé Náisiúin

 

Sean O'Brien. INPHO/Dan Sheridan
Sean O’Brien. INPHO/Dan Sheridan

In ainneoin nach raibh rath orthu ag Corn an Domhain, deir Sean O’Brien go bhfuil muinín fós aige as scuad na hÉireann agus iad ag prapáil roimh thús Chraobh na Sé Náisiún. Is iad Warren Gatland agus an Bhreatain Bheag na cuairteoirí a thiocfaidh chuig an Aviva an deireadh seachtaine seo agus cé go bhfuil gach cúige – seachas cúige Chonnacht – díbeartha ó chomórtais na hEorpa, tá sé soiléir nach bhfuil cliste ar mhisneach fhoireann Joe Schmidt. An t-aon droch-scéala a bhí ann an tseachtain seo ná gur baineadh gortú de Luke Fitzgerald a fhágfaidh go mbeidh na hÉireannaigh dá uireasa don chomórtas.

“Ní dóigh liom gur chóir go mbeadh aon ní eile seachas muinín againn ag teacht isteach anseo [roimh Chomórtas na Sé Náisiún]. Tá an-chuid díograis ann i measc an ghrúpa. Tá úire sa ghrúpa leis. Agus, Comórtas na Sé Náisiún atá ann – rud gur chóir dúinn a bheith ag tnúth leis.”

Agus a theanga ina leathphluc aige, deir O’Brien gur maith an rud é go bhfuil Paul O’Connell éirithe as toisc nach mbíonn sé timpeall níos mó ag stánadh ar dhaoine agus ag cur eagla orthu.

Ach le himeacht an fhathaigh go Toulon, tá folús le líonadh. Ní hiad Fitzgerald agus O’Connell an t-aon bheirt atá in easnamh ar Éirinn ach an oiread agus amhras ann faoi fholláine Peter O’Mahony, Cian Healy, Mike Ross, Tommy Bowe, Iain Henderson agus Marty Moore. Beidh Schmidt ag guí chomh maith go mbeidh Johnny Sexton tagtha chuige féin roimh theacht na Breataine Bige. Rinne an Bhreatain Bheag gaisce i gCorn an Domhain agus deichniúr imreoirí gortaithe acu. Thit an tóin as foireann Schmidt agus gan leath an méid gortuithe acu. In éagmais O’Connell, deir O’Brien gur faoi dhaoine eile atá sé an bhearna a líonadh.Dar le O’Brien go bhfuil “gach éinne agus céim chun tosaigh tugtha acu” le coicís anuas.

Bíodh sin mar atá, nochtaigh an méid a tharla i gCorn an Domhain easnamh mór i gcur chuige Joe Schmidt. Bhí rath ar chur chuige na foirne le dhá bhliain roimhe sin, ach tá sé in am d’athrú stile. Léirigh fiú an Iodáil i gCorn an Domhain go bhféadfadh siad creathadh a bhaint as foireann Schmidt.

Ach deir O’Brien nach bhfuil mórán d’athrú déanta. Go dtuga Dia slán sinn, más ag brath ar an gcic ard ó Conor Murray agus Sexton a bheimid. Obair chrua thuirsiúil atá i ndán dúinn más ea.

Fág freagra ar 'Má tá athrú ar chur chuige na hÉireann beartaithe ag Joe Schmidt, ní raibh Seán O’Brien ag ligean tada air féin'