Má díbrítear an Rúis ar fad ón gclann idirnáisiúnta, ní chun ár leasa a bheidh sé…

Tá ceachtanna le foghlaim ag na Náisiúin Aontaithe ó ionradh na Rúise ar an Úcráin

Má díbrítear an Rúis ar fad ón gclann idirnáisiúnta, ní chun ár leasa a bheidh sé…

An ceacht is mó atá le foghlaim ón méid atá tarlaithe san Úcráin ná go gcaithfidh muid a bheith ar airdeall níos luaithe nuair a thosaíonn tír, mar a rinne an Rúis, ag cur brú ar thíortha gar dóibh. Cuireadh síol an chogaidh san Úcráin in 2014, ach bhí muid sásta cur suas leis an mbrú, leis an smachtú agus leis an soláthar arm a bhí ar siúl ag an Rúis i gcúinne den Úcráin, gan cur isteach nó amach orthu. 

Mar gheall go raibh muid sásta glacadh leis sin agus mar nár thug na Náisiúin Aontaithe nó an Chomhairle Slándála aon rabhadh don Rúis, tugadh an teachtaireacht dóibh go bhféadfaidís leanúint ar aghaidh mar a bhí. 

Ceann de na fáthanna gur cuireadh tús leis an gcogaíocht san Úcráin ná go bhfuil mionlach Rúiseach san iarthar, mionlach a bhí míshásta. Theip ar rialtas na hÚcráine déileáil leo agus thug sé sin leithscéal eile don Rúis ionsaí a dhéanamh ar an tír. Caithfidh muid a bheith cinnte éisteacht leis an méid a chloiseann muid ó mhionlaigh.

Mura ndéantar aon rud faoi na fadhbanna a bhíonn ag mionlaigh cearta daonna a bhaint amach, tá an baol ann go mbeidh fadhb níos mó agat sara fada. Sin an dara ceacht atá le foghlaim againn ón ghéarchéim seo agus is ceacht stairiúil é seo.

An tríú ceacht a chaithfeas muid a fhoghlaim ón chogadh san Úcráin go gcaithfidh muid a bheith cúramach nach gcuireann muid an iomarca béime ar choimhlint amháin seachas coimhlintí eile. Tá tíortha eile – an Libia, an Éimin, sa tSiria, an Afganastáin, mar shampla – ag faire ar na hEorpaigh atá ag oscailt a ndoirse, a dtithe agus a dteorainneacha agus ag scaoileadh isteach na daoine atá ag teitheadh ón Úcráin.

Is ceart go bhfuilimid á dhéanamh sin ach tá rud amháin soiléir – má tá craiceann bán ort, má tá tú lonnaithe san Eoraip agus má bhrúitear an chogaíocht ort tabharfar cabhair duit, ach más ón gcine dubh tú agus más as tír thú nach bhfuil cion ná meas againn uirthi, níl muid chun na doirse a oscailt. Is dearcadh an-dainséarach é seo ó thaobh na síochána agus chearta an duine. 

An fáth gur bunaíodh na Náisiúin Aontaithe ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda ná stop a chur leis an gcogaíocht. I gCairt na Náisiún Aontaithe, is é an focal ‘síocháin’ an focal is mó a sheasann amach, mar sin é an dúshlán a bhí ann nuair a cuireadh na Náisiúin Aontaithe ar bun. 

An fhadhb atá againn faoi láthair go bhfuil an-bhéim ar an gcogaíocht. Tá armáil ar gach taobh, tá gunnaí, eitleáin agus gach saghas cuidiú míleata agus gach saghas comhairle cogaíochta á gcur againn ar an Úcráin ach níl mé chomh cinnte sin an bhfuil dóthain á dhéanamh againn le teacht ar an mbealach chun teacht amach as an gcogaíocht seo. 

Mar a thuigeann muid féin sa mbaile, tagann pointe agus caithfear stop a chur le cogaíocht. Ciallaíonn sin go gcaithfidh tú suí síos leis na daoine atá i mbun na cogaíochta. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh muid suí síos leis na Rúisigh freisin. Ní bheidh deireadh leis an gcogadh go dtí go ndéanfaimid sin agus an dúshlán atá romhainn mar eagraíocht ná bealach a leagan amach do na páirtithe uilig le teacht chun cainte. Faoi láthair, sin an fhadhb is mó –níl aon bhealach le dul chun cainte. Agus tá orainn dul ag caint. 

Tá sé soiléir gur thosaigh an Rúis cogadh mídhleathach. Tá sé soiléir freisin go bhfuil coireanna cogaidh ar bun agus is ceart agus is cóir go mbeimis ag labhairt amach faoi na coireanna cogaidh sin agus faoi chearta an duine a bheith á sárú. Sin ráite, tá an-fhaitíos orm go bhfuil an Rúis á brú amach as na córais idirnáisiúnta. Caitheadh amach as an gCoinbhinsiún Eorpach iad. Bhí caint ar shrianta a chur ar an Rúis sna Náisiúin Aontaithe.

Cé gur rogha tharraingteach atá ann tíortha a chaitheamh amach as na heagraíochtaí seo, tá contúirt mhór ag baint leis sin. Níor chaith muid Stáit Aontaithe Mheiriceá amach as na Náisiúin Aontaithe nuair a chuaigh siad chun cogaíochta san Iaráic gan cead na Comhairle Slándála. Tá an-bhaol ann go bhfuil muid ag déanamh eisceachtaí do thíortha áirithe agus ag dul níos déine ar thíortha eile. 

I ndeireadh an lae, creidimse, ó thaobh na Náisiún Aontaithe, go bhfuil sé de dhualgas orainn daoine a choinneáil istigh sa gclann agus gan iad a bhrú amach, fiú agus muid ag troid leo, fiú agus muid ag bagairt orthu agus muid buartha faoin dochar atá á dhéanamh acu. 

Tá sampla maith againn sa Chóiré Thuaidh atá taobh amuigh den chóras go hiomlán agus gan aon bhealach againn iad a thabhairt isteach. Tá contúirt mhór i gceist leis an Chóiré Thuaidh agus an chaoi a bhfuil siad ag armáil agus ag bagairt ar chomharsana agus níl aon bhealach againn dul chun cainte leo mar go bhfuil siad brúite amach againn le blianta. 

Sin é an dainséir a bhaineann le cás na Rúise, go mbeidh muid ródhírithe ar na cúiseanna atá againn a bheith i gcoinne na Rúise.  Tá an baol ann go ndéanfaimid dearmad má bhrúnn muid amach iad ó na hinstitiúidí, na próisis agus na struchtúir idirnáisiúnta atá againn ago gcaillfidh muid an deis, ní hamháin chun stop a chur le leis an gcogadh ach le cogaí eile amach anseo. Tiocfaidh an lá nuair a bheidh deireadh leis an gcogadh agus beidh orainn déileáil leis an Rúis maidir le cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí míleata agus maidir leis an gcumhacht atá acu agus an tionchar a bhíonn acu ar thíortha thart orthu. 

Má bhíonn an Rúis ina cadhan aonair ar fad, ní chun ár leasa a bheidh sé. 

Is Toscaire Speisialta sna Náisiún Aontaithe Fionnuala Ní Aoláin a bhíonn ag plé le cearta an duine agus Frith-Sceimhlitheoireacht. Ollamh le Dlí agus Cearta an Duine in Ollscoil Minnesota í. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith. 

Fág freagra ar 'Má díbrítear an Rúis ar fad ón gclann idirnáisiúnta, ní chun ár leasa a bheidh sé…'

  • Indrek Ois

    Tá simpliú déanta ar go leor rudaí san alt seo … nach ceart tús áite a thabhairt don Ucráin thar chogaí eile, nár tugadh aon rabhadh don Rúis faoina hiompar in am, go gcaithfidh muid suí síos leis na Rúisigh chun stop a chur leis an gcogadh … I dtús báire, ar leac ár ndorais féin atá an cogadh seo ar siúl, mar sin ba dheacair a rá nach mbaineann sé linn. Ar an dara dul síos, is iomaí uair a cáineadh an Rúis as a bheith ag bagairt ar thíortha atá taobh leis, as dúnmharuite a chur i gcrích thar lear nó as airm cheimiceacha a úsáid ar phobal na Siria … Ba chuma sa tsioc léi an cáineadh sin. Ní féidir ‘labhairt’ le Hitler ár linne féin agus é meáite ar an Ucráin neamhspleách a chur de dhroim an tsaoil agus leath den Eoraip a chur faoina chois. Is é an lámh láidir an t-aon rud a thuigeann sé. Dá mbeadh fonn air dul i mbun cainte, níl ann ach sos cogaidh a fhógairt.

  • Bertie

    Tá an t-alt seo thar barr, buaileann sí an táirne ar an gcloigeann ó thús deireadh.