Má cheapann tú go bhfuil scéal Dheirdre agus Chlann Uisnigh ar eolas agat, fan go léifidh tú an leagan seo…

Is iomaí seoid atá faoi gharda in iarsmalanna na cruinne nach mbuailfeadh leagan nua Dharach Uí Scolaí de scéal Dheirdre agus Chlann Uisnigh

Má cheapann tú go bhfuil scéal Dheirdre agus Chlann Uisnigh ar eolas agat, fan go léifidh tú an leagan seo…

Deirdre
Darach Ó Scolaí
Ealaín le Anastasia Melnykova
Leabhar Breac €18
 

An bhfuil aon duine sa tír seo nár chuala leagan éigin de scéal Dheirdre agus Chlann Uisnigh, bíodh sin i mBéarla nó i nGaeilge? Cá bhfágfainn na filí agus na healaíontóirí eile a thug faoi intinn agus cinniúint Dheirdre a thuiscint.

Mar is dual don fhear léinn thug Darach Ó Scolaí a aghaidh ar an mbunscéal Loingeas Mhac Uisnigh [Longes Mac nUislenn] ach chuir a thuiscint ar scéalta eile na Rúraíochta agus a luí leo anam sa saothar nádúrtha seo is bailchríoch air. Ní hamháin sin ach déanann sé éigeas den léitheoir seo freisin a cheapann gurb é an bunsaothar atá á léamh aici gan dua!

Is geall le bheith ag cloisteáil an scéil seo den chéad uair é, tá beocht, dúchas is dánacht Dheirdre i chuile shiolla, idir phrós is duan.

Más fonn rachmaill a ghriog Neas i rí Uladh, Fearghas mac Róich, is daor a d’íocfadh sé ar a shásamh. Féirín a rachadh chun leasa a mic Conchúr agus a shliocht an éiric a bhain Neas de.

Is maith a chruthaigh Conchúr mac Neasa in Eamhain Mhacha ‘óir bhí teas i ngréin, iasc in inbhear, meas ar craobh agus rath mór ar an gcúige dá réir’ agus gliceas Mhama á threorú.

Seo linn, muid fhéin is na hUltaigh ag fleá i dteach an scéalaí, Feilimí mac Daill, agus a bhean ag tindeáil orainn cé go bhfuil sí “trom torrach”. Scréach ón leanbh sa mbroinn a chuir scéin sa gcomhluadar. Ní raibh d’eolas ag an máthair bhocht féin dóibh ach ceist a chur ar an bhfear feasa, Cafadh Draoi.

I bhfilíocht shnasta a chuir seisean síos go mion ar scéimh an linbhín sa mbroinn ach mo léan drochthuar a bhí aige dóibh.

Arb aon údar iontais duit gur “maraítear an iníon” a d’ordaigh “maithe” Uladh, go háirithe an tráth seo agus sléacht á fhearadh ag ‘maithe’ na cruinne ar mhná agus páistí ar son fearainn is mórtais.

Sa lios ar an iargúil “i mbroinn na coille” a shantaigh Deirdre fear a mbeadh “gile an tsneachta ar a chneas, duibhe an fhéich ar a fholt agus deirge na fola ar a ghrua”.

Má theastaíonn comhairle spallaíochta uait, léigh an chéad chomhrá a bhí ag Deirdre le Naoise agus í i ngreim dhá chluais ann. Fág uaim an chluain Mhuimhneach!

Tá cur síos breá againn ar a gcuid eachtraí in Albain – is aoibhinn liomsa an comhrá uile sa téacs seo mar meallann sé isteach sa saol sin thú seachas a bheith á léamh, bua an tseanchaí.

Is iontach go deo an cumas uisce faoi thalamh a bhí ag na ceannairí tuaithe seo – dá mhéid geis a bhí orthu bhí bealach thairis le cníopaireacht is breabaireacht.

Is eol dúinn nár tugadh blas airde ar aisling ná ar thuar Dheirdre agus fonn baile ar chlann Uisnigh agus iad réidh le focal an rí a shlogadh.

Dá mheabhraí dá raibh sí níorbh fhiú tráithnín í seachas a háilleacht agus dá théisiúla dá raibh sí ní raibh de chumhacht aici ach fir na míchomhairle a leanacht.

Plus ça change?

Is aoibhinn an dán a chum Deirdre agus í faiteach go maith ag fágáil na hAlban.

Bhí an t-ár déanta agus Deirdre ag Conchúr. Níor thug sí “gean gáire, níor chaith sí a sáith bia, agus níor ardaigh sí a ceann dá glúin”, ach chum sí dán a bhrisfeadh do chroí.

Tá freagra maith aici do Chonchúr ach a bhfiafraíonn sé di ‘Céard is mó is gráin leat..?’

Laoi Dheirdre an churadhmhír a chuireann críoch leis an insint aoibhinn seo. Má cheapann tú go bhfuil an scéal seo ar eolas agat, fan go mbeidh an leagan seo léite agat.

Is iomaí seoid atá faoi gharda in iarsmalanna na cruinne nach mbuailfeadh an leabhar seo le háilleacht, bua deartha faoi leith atá ag Leabhar Breac agus a mbíonn muid ag súil leis anois.

Mura mbeadh cuma ná caoi ar an scéal féin is fiú duit an páipéar sa leabhar seo a shlíocadh agus an cló agus an ealaín a adhradh le do dhá shúil féin. Tá an mhistéir, an urchóid is an chinniúint ag spochadh fút ó leagfas tú súil ar an ealaín dhiamhair ar an gclúdach agus lámh chosanta ag bean Fheilimí ar thoradh a broinne.

Is maith mar a thugann an t-ealaíontóir Úcránach, Anastasia Melnykova, léi éirim an scéil ina cuid pictiúr.

Leabhar don duine fásta. Má cheannaíonn tú é le léamh don ghasúr – coinneoidh tú duit féin é.

Fág freagra ar 'Má cheapann tú go bhfuil scéal Dheirdre agus Chlann Uisnigh ar eolas agat, fan go léifidh tú an leagan seo…'