Luimneach gan locht, briseadh croí do Phort Láirge arís, díocas na gCat agus Aontroim i measc na mboc mór

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra i bPáirc an Chrócaigh i gcraobhacha iomána agus camógaíochta na hÉireann

Luimneach gan locht, briseadh croí do Phort Láirge arís, díocas na gCat agus Aontroim i measc na mboc mór

Luimneach gan locht

Cé go raibh gach cluiche a d’imir siad go dtí sin i mbliana buaite ag Luimneach, ní raibh barr a maitheasa bainte amach ag an bhfoireann sa chraobh. Bhí a gcumas le feiceáil anois agus arís, tráth i gcoinne Thiobraid Árann agus sa tréimhse i ndiaidh leath ama i gcluiche ceannais na Mumhan ach bhí tuilleadh iontu.

I gcluiche leathcheannais na hÉireann an mhí seo caite, bhí Gaillimh lag go maith ach lig Luimneach dóibh teacht ar ais ar comhscór agus an t-am beagnach cait. D’éirigh leo na Gaillimhigh a chur de dhroim seoil faoi dheireadh.

Thugadar a gcroí agus a n-anam sa chluiche ceannais inné, áfach. Éacht atá ann taispeántas den chaighdeán sin a thabhairt in aon chluiche ach is gaisce de chineál eile ar fad atá ann a leithéid a thabhairt i gcluiche ceannais na hÉireann, an cluiche is tábhachtaí sa bhliain.

Seans go gcathfeá dul siar go dtí 2008 agus bua Chill Chainnigh ar Phort Láirge bocht go bhfeicfeá foireann i bhfíorbharr a maitheasa i gcluiche ceannais na hÉireann. Luíonn an brú go trom ar fhoirne de ghnáth. Tharla sé do Luimneach in 2018 cé gur éirigh leo ar deireadh, ach bhí siad dochloíte inné.

Bhí imreoirí Phort Láirge plúchta ag fir Luimnigh an lá ar fad. Ag pointí áirithe sa chéad leath, tugadh chun cuimhne an píosa imeartha cáiliúil i gcluiche leathcheannais peile na hÉireann 2003 idir Ciarraí agus Tír Eoghain nuair a bhí Dara Ó Cinnéide, Darragh Ó Sé agus Eoin Brosnan timpeallaithe ag buíon fiáin as Tír Eoghain. Bhí iománaithe Luimnigh gach pioc chomh díocasach céanna inné.

Tá foireann seo Luimnigh níos láidre ná aon fhoireann eile sa tír ach tá scil nach beag acu chomh maith. Scóráil Aaron Gillane agus Séamus Flanagan pointí breátha sa chéad deich nóiméad agus iad beagnach sa chéad ró d’Ardán Uí Chíosóig nuair a thug siad faoi na postaí. Léirigh Gearóid Hegarty, Tom Morrissey agus Kyle Hayes an cruinneas céanna. Fir mhóra théagartha iad ach tá siad fós in ann an sprioc a aimsiú agus iad ag rith ar lánluas áit ar bith ar an bpáirc, beagnach.

 

Briseadh croí na nDéiseach. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Briseadh croí arís do Phort Láirge

I ndáiríre, níl foireann ar bith sa tír a bheadh in ann coinneáil le Luimneach inné. Bhí seaimpíní na hÉireann gan locht ach, mar sin féin, beidh díomá ar Phort Láirge nach raibh an choimhlint beagáinín níos géire.

Bhí na Déisigh ar fheabhas in aghaidh Chill Chainnigh sa chluiche leathcheannais ach ní fhacthas tada inné de na rudaí maithe a bhí le feiceáil uathu sa chluiche sin.

Bhí sárbhliain ag Jamie Barron go dtí sin ach ní bhfuair sé aon deis in aghaidh Luimnigh gearradh trí lár na páirce. B’ionann an scéal ag Calum Lyons, Jack Fagan agus a lán eile. Cuireadh an oiread brú ar na Déisigh nuair a bhí seilbh acu ar an liathróid nach raibh aon dara rogha acu ach an sliotar a lascadh síos i dtreo na dtosaithe ach ní raibh deis ar bith ag leithéidí Dessie Hutchinson aon dul chun cinn a dhéanamh agus é timpeallaithe ag triúr i gcónaí.

Beidh an-díomá ar Phort Láirge nár thug siad taispeántas níos fearr uathu, tá sé tábhachtach go dtógfaidís ar an dul chun cinn a rinneadh i mbliana.

Tar éis dóibh cluiche ceannais 2017 a chailliúint, níor bhuaigh siad cluiche craoibhe arís go dtí i mbliana.

Buaileadh greadadh ar Phort Láirge i gcluiche ceannais 2008 ach tháinig an fhoireann sin ar ais chun na babhtaí leathcheannais a bhaint amach trí bliana i ndiaidh a chéile agus Craobh na Mumhan a bhuachan in 2010.

Beidh Liam Cahill ag súil le freagra den chineál sin agus lena thuilleadh nuair a fhillfidh Port Láirge in 2021.

 

Luimneach na seaimpíní le séideadh na feadóige. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Drochscéal do gach duine eile agus imreoirí Luimnigh i mbláth na hóige

Meastar go minic i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann go gcuirfidh an fhoireann bhuacach tús le ré fhada cheannasaíochta. Bíonn gaiscí na foirne díreach feicthe againn agus Corn Mhic Cárthaigh anois ina seilbh acu. Bíonn sé deacair a shamhlú go mbeadh aon fhoireann eile in ann an dream iontach seo a chloí.

In 2010, ceapadh go ndéanfadh iománaithe Thiobraid Árann scrios ar chách bliain i ndiaidh bliana ach, mar atá tarlaithe go minic i gcás na dTiobraid Árannach, ní hamhlaidh a bhí. Tharla an rud céanna i ndiaidh bhua na Gaillimhe in 2017. Bhí foireann mhór láidir ag Gaillimh agus measadh go raibh ré órga i ndán dóibh. Níl an bhuaic sin bainte amach acu ó shin.

Tá cás Luimnigh beagáinín difriúil, áfach. Ar an gcéad dul síos, seo í an dara craobh atá bainte acu ó chríochnaigh an gorta in 2018. Murach a dteip in aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh, agus bhí beagáinín den mhí-ádh orthu an lá úd, d’fhéadfadh go mbeadh trí chraobh as a chéile buaite ag Luimneach. Anuas air sin, tá Craobh na Mumhan agus an tsraith buaite dhá bhliain as a chéile acu.

Is iad Nickie Quaid agus Graeme Mulcahy an t-aon bheirt a thosaigh inné atá os cionn 30 bliain d’aois. Shílfeá go bhfuil Gearóid Hegarty ar dhuine de ‘sheanfhondúirí’ na foirne agus níl seisean ach 26 bliain d’aois. Tá formhór na n-imreoirí eile sna luathfhichidí. Imreoirí iad seo a bhí ar fhoireann Faoi 21 Luimnigh a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2017, imreoirí amhail Tom Morrissey, Cian Lynch, Aaron Gillane, Seán Finn, Barry Nash, Peter Casey agus Kyle Hayes/

B’fhéidir go ligfear na maidí le sruth anois agus an dara craobh buaite acu ach ní dócha é.

 

Meighan Farrell agus Anna Farrell. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Díocas na gCat is cúis lena mbua

Bhí cúiteamh ann do mhná Chill Chainnigh an deireadh seachtaine seo agus Craobh Camógaíochta na hÉireann tugtha leo acu tar éis dóibh trí cinn de chluichí ceannais a chailliúint as a chéile.

Ní mhairfidh an cluiche féin idir iad agus Gaillimh rófhada i gcuimhne an phobail ach ní chuirfidh sé sin as tada do Chill Chainnigh. Bhí scóranna deasa sa chluiche cinnte, fuair Aoife Doyle, Mary O’Connell agus Carrie Dolan pointí bhreátha ón imirt, ach is í cosaint na gCat is cúis leis an mbua.

Bhí díograis ar leith ar imreoirí Chill Chainnigh agus bhí an obair a rinne siad sa chéad leath go háirithe cinniúnach. Bhí an chuid is fearr den imirt ag Gaillimh sa chéad 30 nóiméad sin agus cé go raibh siad ábalta an sliotar a thabhairt suas i dtreo an chúil, bhí sé thar a bheith deacair acu scóránna a fháil. Arís agus arís eile, rinne duine d’imreoirí Chill Chainnigh blocáil nó húcáil chun an sliotar a bhaint de Ghaillimh.

Is é toradh na hoibre sin ná nach raibh Cill Chainnigh ach dhá phointe chun deiridh ag leath ama, 1-5 in aghaidh 0-6. Choinnigh siad orthu ar an gcaoi chéanna sa dara leath agus níor tugadh deis riamh d’imreoirí lár páirce na Gaillimhe, Aoife Donoghue agus Niamh Kilkenny, dul i bhfeidhm ar an imirt.

Nuair a shlánaigh Denise Gaule an poc éirice chun Cill Chainnigh a chur chun tosaigh agus cúig nóiméad fágtha, ní raibh an chuma orthu aon uair go gclisfidís in ainneoin an bhriseadh croí uile a bhí ann dóibh roimhe seo.

 

Conor McCann, captaen Aontroma, ag ardú Chorn Joe MacDonagh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Aontroim ar ais i measc na mboc mór

Ní hamháin go n-imreoidh iománaithe Aontroma i Roinn 1 na sraithe an bhliain seo chugainn ach glacfaidh siad páirt i gCraobh Shinsir Laighean den chéad uair le cúig bliana anuas agus Corn Sheosaimh Mhic Dhonncha tugtha leo acu ag an deireadh seachtaine.

Scóráil an t-ionadaí Neil McManus ceithre phointe sa dara leath in aghaidh Chiarraí sa chluiche ceannais chun an bua a chinntiú d’Aontroim.

Bhí bua an lae inné ina chlabhsúr ar saiséirí na foirne le blianta beaga anuas. Bhí iománaithe Aontroma in ísle brí cúig bliana ó shin nuair a dhíbir Ciarraí iad go dtí Roinn 2A na sraithe ach tá díoltas bainte amach ag na hUltaigh anois.

Ceithre chluiche a d’imir siad in aghaidh Chiarraí i mbliana agus bhuaigh Aontroim gach aon cheann acu, cluiche ceannais an lae inné agus cluiche ceannais na sraithe chomh maith. Fágann sin Aontroim ar ais i measc bhoic mhóra na hiomána agus súil acu anois fanacht leo.

Fág freagra ar 'Luimneach gan locht, briseadh croí do Phort Láirge arís, díocas na gCat agus Aontroim i measc na mboc mór'