Bhíos ag déanamh cuid maith gearán an tseachtain seo caite faoi staid na hiomána agus an chomparáid atá á déanamh faoi láthair leis an rugbaí.
Ach ba mhór an pléisiúr dom cluiche ceannais Chorn Mhic Giobúin a fheiceáil Dé hAoine seo caite i bPáirc an Chrócaigh, an pháirc mhór fhairsing sin mar a raibh cluiche oscailte iománaíochta againn idir an dá fhoireann as Luimneach, Ollscoil Luimnigh agus Coláiste Mhuire gan Smál.
Chríochnaigh an cluiche 4-31 ag UL agus 3-21 ag Mary I. Bhí foireann UL lán le himreoirí d’ardchaighdeán agus, i ndeireadh na dála, bhí siad róláidir dá gcomharsana. A thoradh sin bhí ceiliúradh dúbailte stairiúil acu, mar bhí Corn Mhic Shigiúir buaite acu cheana féin san oíche Dé Céadaoin roimhe sin.
Ba é seo an deichiú bua ag Ollscoil Luimnigh agus bhain siad amach é le cur chuige a bhí lán stíle.
Ach, mar a dúirt mé, bhí siad thar a bheith láidir. B’iontach féachaint ar scileanna a leithéidí seo, Cathal O’Neill, Adam English agus Colin Coughlan ó Luimneach, Darragh McCarthy ó Thiobraid Árann agus Jack Leahy ó Chorcaigh. Níor imir Jack fós le sinsir an chontae i mbliana, agus níl sé, chomh fada agus is eol dom, i mbun traenála leis na sinsir. Scóráil sé 1-5 agus, dar liom, tá sé ag taispeáint le fada go bhfuil sé ina imreoir ar ardchaighdeán a bheadh sa bhaile go hiomlán ag leibhéal sinsir idirchontae.
Anois, tá sin thart agus táimid ar ais go dtí an dianchath agus iomaíocht ghéar na Sraithe an deireadh seachtaine seo.
Tá na bainisteoirí idirchontae sásta go bhfuil na comórtais tríú leibhéal tagtha go ceann scríbe agus na himreoirí go léir dírithe ar na comórtais idirchontae.
Is é cluiche an lae, dar liom, ná an choimhlint i dTiobraid Árann anocht, agus Luimneach ar cuairt. Tar éis tús mall sa tsraith, bhí feabhas mór ar Luimneach coicís ó shin nuair a sháraigh siad Cill Chainnigh i gcluiche dian, cogadh geimhridh, mar a déarfá, ina raibh gach poc tuillte go maith.
Ní bheidh Tiobraid Árann ag iarraidh cailliúint sa bhaile, agus mar is dual do gach foireann, beidh siad ag súil le taispeántas láidir. Aon imreoir a gheobhaidh a sheans anocht, beidh sé ag iarraidh a léiriú go bhfuil sé in ann an leibhéal seo iomaíochta a sheasamh.
Léirigh na himreoirí ar fad a bhí ar taispeáint i gcluiche ceannais Chorn Mhic Giobúin an deireadh seachtaine seo caite go bhfuil an caighdeán acu le himirt ag leibhéal sinsir idirchontae. Mar sin, ní bheidh easpa géire ná fuinnimh sa chluiche seo, agus táim féin ag súil go mór le féachaint air.
Amárach, tabharfaidh Port Láirge aghaidh ar Chill Chainnigh, agus beidh an cluiche sin ina shlat thomhas mhaith eile ar stádas Phort Láirge faoi láthair. Bhí siad go dona i gcoinne Chorcaí, ansin an-mhaith ina ndara cluiche nuair a bhuaigh siad ar Luimneach, agus thuill siad dhá phointe eile leis an mbua ar Uíbh Fhailí. Is léir go bhfuil feabhas ag teacht orthu, agus le himreoirí Bhaile Gunnair ar ais sa mheascán, tá dea-chuma á léiriú acu.
Mar an gcéanna leis an gcluiche idir Uíbh Fhailí agus Gaillimh. D’fhéadfá a rá go bhfuil géarghá le bua ag Uíbh Fhailí. Tá siad ag streachailt beagáinín ag an leibhéal seo. Tá Gaillimh, áfach, tar éis a thaispeáint go bhfuil siad i bhfad níos fearr ná mar a bhí anuraidh, agus le teacht isteach roinnt imreoirí óga, tá cuma níos fearr orthu. Bheadh bua thar a bheith tábhachtach dóibh.
Tá cúpla cluiche suimiúil i Roinn 1B an deireadh seachtaine seo chomh maith. An Clár agus Cill Dara, ní minic a chloistear an péire sin le chéile i saol na hiománaíochta, ach i ndiaidh an bhua a bhí ag Cill Dara coicís ó shin, ní bheidh easpa muiníne orthu. Tabharfaidh an cluiche seo léargas maith do leaids Chill Dara ar an áit ina luíonn siad san ord reatha.
Is i bPáirc an Chrócaigh atá iománaithe Bhaile Átha Cliath níos déanaí um thráthnóna agus Loch Garman rompu. Tá cuma an-deas ar an gcluiche seo roimh an gcluiche peile idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí, agus beidh an dá fhoireann ag troid go láidir ar son an bhua.
Amárach, beidh Aontroim sa bhaile i gcluiche luath ag a haon a chlog, agus tá géarghá acu leis an dá phointe má tá aon dóchas acu fanacht thuas i Roinn 1B. Cuirfidh siad fáilte roimh Cheatharlach, agus níl easpa caighdeáin ná muiníne ar Cheatharlach agus iad ag taisteal ó thuaidh.
Fág freagra ar 'Luimneach ag dul i bhfeabhas, ach ní beidh Tiobraid Árann ag iarraidh cailliúint sa bhaile'