‘Love Island na Gaeilge’ á thaifeadadh an samhradh seo

Fógraíodh an mhí seo caite go raibh €500,000 bronnta ar an gcomhlacht léiriúcháin Macalla Teoranta chun tabhairt faoi ‘Grá ar an Trá’, sraith cleamhnais nua do Virgin Media

 ‘Love Island na Gaeilge’ á thaifeadadh an samhradh seo

An samhradh seo a dhéanfar taifeadadh ar shraith cleamhnais Ghaeilge atá le craoladh ar Virgin Media.

Fógraíodh an mhí seo caite go raibh €500,000 bronnta ar an gcomhlacht léiriúcháin Macalla Teoranta chun tabhairt faoin tsraith Grá ar an Trá, a bhfuiltear ag tabhairt ‘Love Island na Gaeilge’ uirthi.

“This is the Gaeltacht like you’ve never seen it before,” a deir Virgin Media agus iad ag maíomh as an tsraith agus sceideal an earraigh á fógairt acu.

Ní thosófar an taifeadadh ar an tsraith dhátheangach go dtí an samhradh seo, áfach, agus níl na hiomaitheoirí roghnaithe go fóill.

Glacfaidh dhá dhuine dhéag páirt sa tsraith agus iad ag foghlaim Gaeilge agus ag iarraidh páirtí a fháil. Tabharfaidh na hiomaitheoirí faoi thascanna agus dúshláin le linn na sraithe agus roghnófar cúpla amháin mar bhuaiteoirí ag an deireadh.

Cúig chlár uair an chloig an ceann a bheidh i gceist leis an tsraith Grá ar an Trá agus í dírithe ar dhaoine óga idir 15-34 bliain d’aois.

Is é seo an chéad uair a bhfuair togra Gaeilge atá le craoladh ar Virgin Media maoiniú faoi Scéim Fuaime agus Físe an Chiste Craolacháin.

Maoiniú beagnach €2 milliún ar fad a d’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann do 15 clár raidió agus teilifíse Gaeilge nó dátheangach.

Fág freagra ar ' ‘Love Island na Gaeilge’ á thaifeadadh an samhradh seo'

  • Gerry Sóna

    Tra Chinn a’ Gabha ansin in Inis Eoghain ,sílim.