Loscadh sléibhe mór i nGaeltacht Dhún na nGall curtha faoi smacht

D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara foláireamh ‘stádas dearg’ ar fud na tíre inniu maidir le tinte toisc baol mór tinte a bheith ann sa triomach

Loscadh sléibhe mór i nGaeltacht Dhún na nGall curtha faoi smacht

Tá sé deimnithe ag na Gardaí go bhfuil an loscadh sléibhe a bhí i nGaeltacht Dhún na nGall curtha faoi smacht ag na seirbhísí doiteáin.

Thosaigh an loscadh sléibhe i Rann na Feirste ag a 11am.

Bhí iarrachtaí á ndéanamh ag na seirbhísí doiteáin an tine a chur faoi smacht agus í a choinneáil ó theach agus foirgnimh eile a bhí i mbaol.

I ráiteas a chuir na Gardaí ar fáil do Tuairisc.ie dúradh nár gortaíodh éinne sa tine agus gur cuireadh faoi smacht í tráthnóna.

D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara foláireamh ‘stádas dearg’ ar fud na tíre inniu maidir le tinte toisc baol mór tinte a bheith ann sa triomach mór atá ann faoi láthair.

Beidh an foláireamh i bhfeidhm go dtí meán lae amárach.

Fág freagra ar 'Loscadh sléibhe mór i nGaeltacht Dhún na nGall curtha faoi smacht'