Rogha dánta le Máirtín Ó Direáin – lón léitheoireachta ó fhile nach raibh riamh faiseanta

Leabhar breá ina ndéantar iarracht mhacánta freastal ar an dá thrá – an léitheoir le Gaeilge agus an léitheoir le Béarla

Rogha dánta le Máirtín Ó Direáin – lón léitheoireachta ó fhile nach raibh riamh faiseanta

Cuireann sé iontas orm in amanna gur thug Máirtín Ó Direáin a cheann filiúnta leis. Is fíor go mbaineann sé le Tríonóid Naofa na Filíochta; é féin, Ó Ríordáin agus Máire Mhac an tSaoi ba mhó a chuir borradh faoin fhilíocht chomhaimseartha. Is fada dánta dá chuid ar chúrsaí scoile agus ollscoile, thuaidh agus theas, agus is iomaí sin alt agus leabhar atá scríofa ar a chuid dánta.

Mar sin féin, mar sin féin, mar sin féin, an mbeinn ag insint bréag dá ndéarfainn nach raibh sé riamh faiseanta mar fhile agus i bhfad uainn an fhilíocht – dá fheabhas í – nach mbíonn faiseanta? Bhí meas ar a shaothar, gean fiú, ach ar chuir sé lasóg sa bharrach ollscoile mar a chuir Ó Ríordáin agus a ‘Raghaidh mé síos i measc na ndaoine/De shiúl mo chos/Agus raghaidh mé síos anocht’ nó ag Máire Mhac agus a ‘Beagbheann ar amhras daoine,/Beagbheann ar chros na sagart,/Ar gach ní ach bheith sínte/Idir tú agus falla – ‘.

Is maith mar a chuireann leabhar nua Máirtín Ó Direáin: selected poems/rogha dánta (Cló Iar-Chonnacht, €20) a chuid buanna i gcuimhne dúinn arís. Scoláire de chuid Ollscoil Uladh, An Dochtúir Frank Sewell, atá i ndiaidh na dánta a roghnú agus a aistriú, diomaite de chorrcheann. Leabhar breá atá ann mar leabhar, clúdach deas tarraingteach, na dánta Gaeilge agus Béarla pluc le pluc, cló-aghaidh dheas inléite agus iarracht mhacánta déanta aige freastal ar an dá thrá – an léitheoir le Gaeilge agus an léitheoir le Béarla.

Ó thaobh na Gaeilge de, pléisiúr a bhí ann aithne a chur ar na dánta arís. Éiríonn muid falsa mar léitheoirí agus cloíonn muid go minic leis na dánta atá ar eolas againn cheana féin. Tá dánta móra, dánta beaga móra agus dánta beaga anseo, lón léitheoireachta. Tá rogha déanta ag Sewell as Coinnle Geala (1942) go dtí Craobhóg Dán (1986) agus gach aon chnuasach agus eile idir eatarthu.

Tá dánta ann a mbíonn cuimhne ag gach aon duine orthu as cliabh Uí Dhireáin  Coinnle ar Lasadh, Dínit an Bhróin, Ó Mórna, Cranna Foirtil, Stoite agus eile. Lena chois sin, tá aiste thomhaiste i mBéarla faoin fhilíocht féin mar réamhrá. Rogha mhór mhaith atá ann agus níl amhras ar bith ann faoin obair mhór atá déanta ag an eagarthóir agus ag an aistritheoir i muileann an léinn.

Cuireann na dánta clúiteacha cumas an fhile i gcuimhne duit as an úr agus cuireann na dánta nach bhfuil chomh clúiteach sin i mbun machnaimh as an nua thú.

Is minic a chuir Ó Direáin ceisteanna faoi dhán na Gaeltachta agus maireann na ceisteanna sin go fóill. Bíonn líne nó dhó as Stoite ar eolas ag gach aon duine ach ní chomh gasta céanna a thagann línte breátha as Gleic mo Dhaoine chun béil:  ‘Slíodóireacht níor chabhair i gcoinne na toinne/Ná seifteanna caola i gcoinne na gcloch úd…’.

Má chasann na dánta sin an léitheoir siar cosán na Gaeltachta, tá dánta eile ann a thugann ábhar gáire agus machnaimh dúinn. Ní dócha go dtugann mórán daoine aird ar Fear Lasta Lampaí – Gaillimh, 1928 ar na saolta seo ach ba phléisiúr é a léamh – ‘Ba dhraíodóir an fear beag/A raibh an solas ina ghlaic,/É ag tabhairt na gile leis/Ó lampa go lampa sráide.’

Dán beag ciúin, dán i ndeas don phrós i ndáiríre, ach dán mothálach, dán a chuir sean-Bhéal Feirste i gcuimhne dom agus dínit lucht na hoibre, an dream dílis a dhéanadh cibé obair a bhí le déanamh ionas go mbeadh greim le hithe le fáil. (Agus, sea, dán faoin fhilíocht féin.)

Ní bheadh deacracht ar bith ann ach an oiread an dán, Faoileán Drochmhúinte, a chur in oiriúint do shaol ár linne: ‘Coinnigh do phráib agat féin,/A éin an chraois bhradaigh,/Is le do mharthain arís/An file seo ná salaigh.’

Ag caint faoi fhaoileán a chac air a bhí an fhile ach bheadh cathú ort, ar laethanta seo an idirlín, an dán a ghreamú de do scáileán agus é a sheoladh ar líne gach aon uair a scaoileann amadán gan ainm ‘féirín’ ort. An féidir linn an troll a Ghaelú mar fhaoileán?

Mar sin de, más fada ó léigh tú filíocht de chuid Uí Dhireáin i nGaeilge seo deis duit aithne a chur air arís eile agus leabhar breá slachtmhar a chur ar an tseilf.

Agus an dara cuid den scéal, an Béarla? Is fada Sewell ag plé le hábhar a aistriú ó Ghaeilge go Béarla agus tá saothar leis an fhile Cathal Ó Searcaigh agus leis an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile tiontaithe aige, mar shampla. Den chuid is mó ar fad ar fad, is é a bhíonn dílis don bhundán agus tá iarracht ionraice déanta aige le hanam an dáin a shlánú sa dara teanga oifigiúil. Tá rudaí i mBéarla aige a chuireann le do thuigse agus cúpla rud a thabharfadh ort ceist a chur an iad is fóirsteanaí.

Tóg, mar shampla, Dínit an Bhróin. Scríobhann an file ‘D’imigh an dínit leo/Ón slua callánach mór’ agus tugann Sewell ‘Dignity went with them/From the loud, vulgar throng’ air sin. Ní hann don fhocal ‘vulgar’ ag Ó Direáin ach mothaím go gcuireann an focal leis an leagan Bhéarla; is focal breá seanfhaiseanta é i gcomhthéacs an dáin agus cuireann sé lena luach sa chás seo. Tugann Sewell ‘Wise up quick now’ ar “Tar ar do chéill feasta” sa dán, Dom Féin, agus thaitin an líne sin go mór liom, í lán gaoise agus grinn.

Tá mionrudaí ann nach réitíonn liom láithreach; tugann Sewell ‘warning’ ar an fhocal ‘bagairt’ ag deireadh Ár Ré Dhearóil.

Ní hionann iad. Tá práinn bhreise le bagairt thar rabhadh, creidim. Scríobhann Ó Direáin ‘Feadaíl san oíche/Mar dhíon ar uaigneas’ in Árainn 1947 agus tugann Sewell ‘Whistling in the dark/to shelter from fear’. An ionann uaigneas agus eagla? Nach lúbann an focal Béarla an dán as a riocht rud beag nó tá a ualach féin de chéill ag ‘uaigneas’ agus ‘uaigneach’ sa Ghaeilge?

B’fhéidir go bhfuil sin róbheadaí ar fad. Níl neart air nó sin bua eile atá ag an leabhar; tugann an trasnú idir dhá theanga tugann sé ort machnamh a dhéanamh ar chás na litríochta i nGaeilge agus saol mór an Bhéarla ag cogaint an chroí as Éirinn.

Fág freagra ar 'Rogha dánta le Máirtín Ó Direáin – lón léitheoireachta ó fhile nach raibh riamh faiseanta'