Lochanna á gcuardach i bhfiosrúchán faoi bhean as Carna atá ar iarraidh ó 1985

Tá aonad fothoinn an Gharda Síochána ag tumadóireacht faoi láthair i gConamara mar chuid den fhiosrúchán a cuireadh ar bun athuair anuraidh faoi imeacht gan tásc ná tuairisc Bhairbre Bhreathnach i 1985

Lochanna á gcuardach i bhfiosrúchán faoi bhean as Carna atá ar iarraidh ó 1985

Tá aonad fothoinn an Gharda Síochána ag tumadóireacht faoi láthair gar do Roisín na Mainiach i gCarna i gConamara mar chuid den fhiosrúchán a cuireadh ar bun athuair anuraidh faoi Bhairbre Bhreathnach, a d’imigh gan tásc gan tuairisc as an gceantar os cionn 30 bliain ó shin.

Tá lochanna eile sa cheantar le cuardach freisin mar chuid den chuardach a bhí pleanáilte le tamall anuas. Cuireadh tús le cuardach na lochanna ar maidin. Níl an cuardach seo bunaithe ar aon eolas nua tá tagtha chun cinn le deireanas.

Bhí seachtar clainne ar Bhairbre Bhreathnach agus a fear céile agus bhí cónaí uirthi i Roisín na Mainiach atá thart ar cheithre chiliméadar ó Charna. Bhí cóisir ina dteach acu mí Mheithimh na bliana 1985 ag a raibh cairde agus daoine muinteartha léi.

Bhí Bairbre, a bhí 33 bliain d’aois ag an am, sa teach an oíche sin agus deimhníodh le linn an fhiosrúcháin go raibh sí ag caint leis na daoine a bhí ag an gcóisir.

Ar an 29 Meitheamh 1985, cuireadh fios ar na Gardaí ag rá go raibh sí ar iarraidh. Ní fhacthas ó oíche na cóisire í agus níl tásc ná tuairisc uirthi ó shin.

Ní raibh aon toradh críochnúil ar an bhfiosrúchán sin tríocha bliain ó shin. Cuireadh tús athuair leis an bhfiosrúchán an samhradh seo caite agus ceistíodh muintir na háite agus na daoine a bhí ag an gcóisir sa teach.

Tháinig ‘eolas suntasach’ chun cinn sa chás i mí Lúnasa na bliana seo caite. Dheimhnigh an tArd-Cheannfort Tom Curley don Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh anuraidh gur aimsíodh eolas nua i dtaobh an cháis an uair sin.

Tá na Gardaí tar éis 112 gné éagsúil den chás a fhiosrú ó cuireadh tús leis an bhfiosrúchán athuair i mí Eanáir na bliana 2015 agus cuireadh beagnach 60 duine faoi agallamh. 

Dúradh le Tuairisc.ie gur “briseadh croí” do ghaolta Bhairbre Bhreathnach nach bhfuarthas eolas riamh fúithi in imeacht 30 bliain.

Is údar cainte i gcónaí i gceantar Charna Bairbre agus a cinniúint.

“Níl a fhios ag daoine an beo nó marbh atá Bairbre agus ba mhór an sólás é do mo mhuintir agus do gach uile dhuine sa cheantar dá bhfaighfí eolas fúithi anois,” a dúirt duine a labhair linn nuair a cuireadh tús athuair leis an bhfiosrúchán.

D’iarr an Garda Síochána ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu i dtaobh chás Bhairbre Bhreathnach dul i dteagmháil leo ag stáisiún an Chlocháin nó ar líne rúnda 1800 666 111.

Fág freagra ar 'Lochanna á gcuardach i bhfiosrúchán faoi bhean as Carna atá ar iarraidh ó 1985'