Liz Truss éirithe as mar Phríomh-Aire na Breataine, toghchán á lorg ag Starmer

Fágann a héirí as tar éis 45 lá gur ag Liz Truss a bhí an tréimhse ba lú riamh mar phríomh-aire na Breataine

Liz Truss éirithe as mar Phríomh-Aire na Breataine, toghchán á lorg ag Starmer

Tá Liz Truss éirithe as mar Phríomh-Aire na Breataine.

Dúirt sí nach bhféadfadh sí an méid a gheall sí nuair a ceapadh ina ceannaire ar na Tóraithe í a chomhlíonadh.

Fágann a héirí as tar éis 45 lá gur aici a bhí an tréimhse ba lú riamh mar phríomh-aire. Ag George Canning a bhí an tréimhse ba lú roimhe seo. 119 lá a chaith Canning ina phríomh-aire in 1827.

Chuir sí in iúl don Rí Séarlas go raibh fúithi éirí as faoi cheann seachtaine. Idir an dá linn, beidh toghchán éigeandála ann chun ceannaire nua a thoghadh ar a páirtí.

Bhí cúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta suaite go maith ó d’fhógair Truss a mionbhuiséad.

B’éigean cistí pinsin a tharrtháil agus tháinig ardú ar rátaí morgáiste i ndiaidh an bhuiséid inar fógraíodh ciorruithe cánach nach raibh maoiniú socraithe dóibh.

Thug Truss bata agus bóthar do Sheansailéir an Státchiste Kwasi Kwarteng an tseachtain seo caite agus cuireadh na ciorruithe cánach ar ceal.

D’éirigh Rúnaí Baile na Breataine Suella Braverman as inné i ndiaidh di cáipéis oifigiúil a sheoladh óna ríomhphost pearsanta.

Bhí cúrsaí ina gcíor tuathail chomh maith in Westminster aréir nuair a chinn 40 feisire parlaiminte de chuid na dTóraithe gan tacú le Truss maidir le vóta faoin bhfraiceáil.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Keir Starmer nach raibh aon mhandáid a thuilleadh ag na Tóraithe a bheith i rialtas agus gur chóir olltoghchán a ghairm.

“Tar éis 12 bliain de theip na dTóraithe, tá i bhfad níos mó tuillte ag muintir na Breataine ná an fáinne fí agus ruaille buaille seo.

“Ní leor mar fhreagra ar an bpraiseach is déanaí ó na Tóraithe a méara a chliceáil arís eile agus daoine eile a chur isteach ag an mbarr gan toil mhuintir na Breataine.”

Chaithfí tosú as an nua, a dúirt Starmer. “Tá olltoghchán ag teastáil – láithreach.”

Fág freagra ar 'Liz Truss éirithe as mar Phríomh-Aire na Breataine, toghchán á lorg ag Starmer'