LITRÍOCHT BHÉIL: Tuile i dTeach a’ Phobail

Thíos tá leagan tras-scríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

LITRÍOCHT BHÉIL: Tuile i dTeach a’ Phobail

Gníomhaíocht 1 – Gníomhaíocht Réamhléitheoireachta:

  • “Tuile i dTeach a’ Phobail” an teideal atá ar an scéal. Ag obair le do pháirtí déan iarracht ábhar an scéil a thuar.
  • Mar chabhair, seo roinnt frásaí/focal a bheidh sa téacs: aimsir an drochshaoil, drochthiarna (talún), os cionn na habhann, tuile, teitheadh.

Gníomhaíocht 2 – Cur in ord:

Tá an chéad chuid de scéal ó dúchas.ie le fáil thíos. Déan iarracht é a chur san ord ceart.

  1. sé sásta giota beag talaimh a thabhairt do na daoine fá choinne teach pobail a thógáil.
  2. Ansin bhain siad neart cloch as na beanna agus
  3. Bhí drochthiarna san áit agus ní raibh
  4. Le neart iarrachta thug sé giota beag
  5. D’obair an pobal go dícheallach go bhfuair
  6. siad píopaí a dhéanamh leis an uisce a ligean síos.
  7. thóg siad teach a’ phobail os cionn na habhann. 
  8. ar dhá thaobh na habhann i nGleann Doire Beag.
  9. In aimsir an drochshaoil ní raibh teach pobail ar bith ag muintir Ghaoth Dobhair.

Gníomhaíocht 3 – Fuaim:

  • Éist leis an taifeadadh seo den scéal.

Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:

  • Léigh an chéad leath den scéal os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Tuile i dTeach a’ Phobail

In aimsir an drochshaoil ní raibh teach pobail ar bith ag muintir Ghaoth Dobhair. Bhí drochthiarna san áit agus ní raibh sé sásta giota beag talaimh a thabhairt do na daoine fá choinne teach pobail a thógáil. Le neart iarrachta thug sé giota beag ar dhá thaobh na habhann i nGleann Doire Beag. D’obair an pobal go dícheallach go bhfuair siad píopaí a dhéanamh leis an uisce a ligean síos. Ansin bhain siad neart cloch as na beanna agus thóg siad teach a’ phobail os cionn na habhann.

Lá Fhéile Muire Mór san fhómhar bhí cuid mhór daoine ag Comaoineach agus i lár an Aifrinn thosaigh an bháisteach agus caidé a bhí ann ach néal a bhris ar thaobh an chnoic os cionn Theach a’ Phobail. 

Ní raibh i bhfad go dtáinig tuile mhillteanach anuas ag tiomáint grágán, fód agus gach rud. Ní raibh na píopaí faoi Theach a’ Phobail ábalta na fóid agus gach rud a ligean síos. Rinne an t-uisce loch mór taobh amuigh de Theach a’ Phobail. Sa deireadh chuaigh an t-uisce isteach i dTeach a’ Phobail agus roimh bhomaite bhí naoi nó deich de throithe d’uisce istigh. 

Duine ar bith a bhí ábalta teitheadh, theith siad. Duine ar bith a bhí ábalta snámh bhí siad ag sábháil daoine agus dá dtabhairt suas ar an staighre. Bádh an cléireach agus cúpla duine eile.

Gníomhaíocht 5 Deis Chainte:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 6 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Cén fáth nach raibh séipéal ag na daoine seo?
  2. Céard a rinne siad chun an talamh a thriomú?
  3. Meas tú cén fáth ar tharla an tragóid seo?
  4. Cén lá ar tharla an tragóid seo? Cén dáta a bhíonn an lá sin ann?
  5. Céard a rinne na daoine nuair a tháinig an t-uisce isteach?
  6. Cén chanúint atá le chloisteáil sa scéal seo? Tabhair sampla den chanúint sin agus scríobh an focal/frása sin i gcanúint eile.

Gníomhaíocht 7 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal a bhfuil eolas acu ar stair an cheantair.  Faigh cuntas uathu faoi eachtra mhór/shuimiúil a tharla sa cheantar.

Spreagcheisteanna:

    • Céard go díreach a tharla?
    • Cé a bhí i gceist?
    • Cár tharla na heachtraí sin?
  • Is féidir an cuntas seo a thaifeadadh agus a sheinm don rang.

Gníomhaíocht 8 – Taighde ar Líne:

  • Téigh chuig dúchas.ie (nó suíomh ábhartha eile) agus faigh cuntas faoi eachtra éigin a tharla i do cheantar san am a chuaigh thart.
  • Úsáid www.logainm.ie chun na logainmneacha atá sa téacs a fhiosrú. An bhfuil aon logainmneacha cosúil leo i do cheantarsa?

Gníomhaíocht 9 –Téigh i mBun Pinn  Punann:

 

  • Samhlaigh go raibh tusa ar dhuine de na daoine a tháinig slán as an eachtra seo.
  • Ag obair le do pháirtí scríobh comhrá a bheadh agat le gaol leat nach raibh ann an lá sin faoin méid a tharla.
  • Is féidir an comhrá sin a aithris don rang nó an scéal a insint ag úsáid www.powtoon.com
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

Gníomhaíocht 10 – Naisc ábhartha eile:

  • Éist leis an bpíosa seo ó Raidió na Gaeltachta faoin eachtra seo.
  • Déan nóta de na difríochtaí atá idir scéal an fhir seo agus an scéal thuas. 
  • Seo nasc chuig alt ar tuairisc.ie faoin eachtra seo. Déan nóta den eolas breise atá le feiceáil san alt seo. Déan meabhairmhapa den eolas ar fad atá agaibh faoin eachtra seo.
  • Ar leathanach 27 den nasc seo tá cur síos eile fós ar an eachtra chéanna. Sa chuid eile den leabhrán seo tugann sé cuntas mion ar na nósanna agus na traidisiúin a bhí sa cheantar seo ag an am. Tabhair sracfhéachaint orthu agus roghnaigh eachtra amháin eile ón leabhrán le hinsint do do pháirtí.
  • Seo píosa faoin gcontúirt a bhaineann le tuilte. Mar ghrúpa léigh tríd an eolas agus déan amach póstaer ag déanamh cur síos ar na príomhphointí atá ann.
  • Tá físeán anseo de na tuilte a tharla i nDún na nGall sa bhliain 2017.
  • Déan taighde faoin damáiste a tharla sa cheantar seo ag an am.
  • Scríobh peannphictiúr faoin eachtra seo agus samhlaigh go raibh tú i do chónaí sa teach seo.
  • Seo thíos naisc chuig leaganacha den amhrán Eanach Dhúin. Amhrán é seo faoi dhaoine a bádh. Éist leis an amhrán agus léigh na liricí a ghabhann leis.

https://songsinirish.com/eanach-cuain-lyrics/

https://www.youtube.com/watch?v=B5Q7uL7aJU4

Gníomhaíocht 11 – Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo 

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: Tuile i dTeach a’ Phobail'