Nuair a bhí mé ag freastal ar an ollscoil blianta fada ó shin, Iodáilis seachas Spáinnis a bhí á staidéar agam. Is beag súil a bhí agam an t-am úd gur sa tír seo a bheinn ag cur fúm.
Mar sin féin, is cara sa gcúirt teanga rómánsach a bheith ar do thoill agat nuair atá tú ag iarraidh ceann eile a fhoghlaim. Den chuid is mó is ag múnlú na Spáinnise as mo chuid Iodáilise a bhím, mar a bheadh cóta á chur le cabhail ag táilliúir.
Éiríonn liom go minic sa gCatalóin, mar go minic, mura mbíonn an leagan céanna cainte acu i Spáinnis, bíonn sé acu i gCatalóinis.
Bhí go maith nó go dtáinig riail na mascanna isteach. Cheap mé go raibh mé réasúnta líofa sa teanga nó gur cuireadh glais bhéil ar éadain. Anois agus gan béal, fiacla, ná teanga le feiceáil bím céasta ceart ag iarraidh a oibriú amach céard atá daoine a’ rá liom.
Is measa fós é nuair a bhím féin ag caint agus masc orm. Bíonn mo cuid urlabhra á phlúchadh ag an gcadás agus mo mhisneach á thachtadh ag an náire. Nach aisteach go mbíonn faitíos ar dhuine de m’aois-se a bheith ag déanamh botún i dteanga nua? Tuigim go maith go bhfuil ort botúin a dhéanamh agus tú ag foghlaim, go bhfuil siad lárnach sa bpróiseas foghlama. Má tá féin, is leasc liom iad a dhéanamh os comhair daoine eile.
Tharla ceann maith dom an lá cheana agus mé istigh ag an gcáiseoir. Bhí scuaine seandaoine os mo chomhair agus freastalaí ard dathúil taobh thiar den chuntar gloine.
Rinne mé mo bhealach sa líne go dtí an cuntar, áit a raibh orm a fhógairt in ard mo chinn céard a bhí uaim ó chófra na cáise. Ansin a gheobhadh sí í lena gearradh. D’iarr mé parmasán agus d’oscail sí an tseilf chuí. Bhí roth mór den cháis chrua Iodálach aici ach bhí boscaí beaga aici ina raibh cnapanna beaga den cháis freisin.
D’iarr sí cé acu a bhí uaim, agus shín mé mo mhéar i dtreo an rotha mhóir agus píosa beag as an mbosca a bhféadfainn í a ghrátáil sa mbaile de réir mar a theastaigh sí uainn.
Ach, ar ór ná ar airgead, ní thiocfadh an briathar grátáil chugam i Spáinnis.
Tháinig roinnt náire orm toisc a raibh sa siopa ag éisteacht liom. Bhí an briathar oiriúnach agam in Iodáilis agus go minic oibríonn an rud céanna sa Spáinnis freisin.
Thriail mé é sin ach níor leigheas sé an scéal. Sa deireadh rinne mé comhartha grátála: dorn fáiscthe agus é a shíneadh isteach agus amach ó mo chliabhrach nó gur thuig sí céard a bhí i gceist agam. Dúirt sí liom an briathar cóir agus thosaigh ag gearradh anuas píosa tiubh den cháis leis an scian mhór.
Ag déanamh fear mór díom féin, agus ag ceapadh go laghdóinn ar mo mhíchompord, d’iarr mé uirthi an focal a rá arís? Bhí sé soiléir gur eachtrannach mé agus cén dochar mura bhfuil fhios agam chuile fhocal fós? Dúirt sí an briathar arís ach faraor, idir an masc a bhí uirthi féin agus an t-anbhá a bhí ag teacht ormsa, níor thuig mé uaithi ach an t-iarmhír ‘–llar’.
Ní raibh smid ó aon duine eile sa siopa, b’fhacthas domsa. An raibh siad ar fad ag faire orm go neamhthrócaireach orm agus mé go muineál sa duibheagán seo. Bhí faitíos orm iompú thart. Rinne mé iarracht smaoineamh ar aon leide a chuirfeadh ar an mbóthar ceart mé, ach ba shaothar in aisce é.
Ní raibh aon dul as anois. D’fhiafraigh mé di arís céard a dúirt sí.
Arís níor chuala mé uaithi ach “llar”. Níor thug mé liom oiread na fríde den fhuaim a tháinig roimhe.
D’airigh mé an fuarallas ag sileadh síos mo dhroim. Ba bheag a bhéarfadh orm iompú ar mo shála agus éalú amach an doras.
I ngan fhios dom féin léim focal amach as mo bhéal os ard. Níl raibh mé cinnte ar dtús céard a bhí ráite agam. Stop an freastalaí ag gearradh na cáise agus bhreathnaigh sí sa dá shúil orm. Ar feadh leathshoicind d’airigh mé go raibh éacht déanta agam.
D’oibrigh mé amach céard a bhí ann mé féin. Chosain mé mo dhea-chlú os comhair an phobail. Ní fheicfí sa siopa seo choíche mise mar cheap magaidh.
Ansin d’ísligh an freastalaí a masc dá héadan agus chonaic mé meangadh gáire ar a béal.
Dúirt sí an briathar “rallar” go glinn soiléir, ar nós go raibh sí ag caint le páistín óg. Mo mhallacht ort mar fhocal, a dúirt mé liom féin, bhí tú ar eolas agam. Cá raibh tú i bhfolach orm? Cén fáth nár tháinig tú chugam?
Ba ansin a thit an lug ar an lag orm arís. Cérbh é an focal a d’fhógair mise go hardghlórach agus gan smaoineamh air?
Ní “rallar” a bhí sciorrtha uaim ar nós eascainnín shleamhain, ach an briathar “follar”.
Ní hiontas gur airigh mé gach duine ag iompú i mo threo.
Is é ‘follar’ an leagan lábánta graosta atá acu anseo, ach ní le hullmhú na cáise sa gcistin a bhaineann sé ach le gníomhaíocht a tharlaíonn sa seomra codlata.
Sciorradh Freudach a thabharfadh go leor air sin seans, ach le mo cheart a thabhairt dom, is é an comhartha céanna a dhéanfadh Iodálach lena lámha chun an ghníomhaíocht sa seomra codlata nó grátáil na cáise a chur in iúl.
Fág freagra ar 'LITIR ÓN gCATALÓIN: Ní ‘follar’ do chuid focal a thomhas go cruinn aimsir na mascanna'