Líon teoranta vacsaíní a bheidh ar fáil mí Eanáir agus mí Feabhra – An Taoiseach

Dúirt an Taoiseach gur údar imní dó an t-ardú ar líon na gcásanna den Covid-19 agus go raibh an baol ann go gcaithfí srianta breise a thabhairt isteach sna athbhliain

Líon teoranta vacsaíní a bheidh ar fáil mí Eanáir agus mí Feabhra – An Taoiseach

Tosófar ar an vacsaín Pfizer/BioNTech a thabhairt do dhaoine seachtain i ndiaidh don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht a thabhairt di, a deir an Taoiseach Micheál Martin.

Meastar go ndéanfaidh an EMA an méid sin ar 29 Nollaig rud a fhágann go mbeidh an chéad bhaisc réidh le dáileadh sa stát luath mí Eanáir. Déanfaidh an EMA cinneadh faoi vacsaín Moderna ar an 12 Eanáir.

Daoine in ionaid chúraim agus oibrithe sláinte is túisce a gheobhaidh an vacsaín.

Dúirt an Taoiseach nach mbeadh ach líon teoranta vacsaíní ar fáil mí Eanáir agus mí Feabhra ach go mbeadh dóthain ann do na daoine a bhfuil tús áite á thabhairt dóibh.

Beidh níos mó vacsaíní ar fáil mí Mhárta, Aibreáin agus Bealtaine de réir mar a bheidh níos mó acu ar fáil ó lucht a ndéanta.

Dúirt an Taoiseach ar Morning Ireland ar RTÉ gur údar imní dó an t-ardú ar líon na gcásanna den Covid-19. 429 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte inné.

Dúirt an Taoiseach nach bhféadfaí na maidí a ligint le sruth agus go mbeadh gá lena thuilleadh srianta mí Eanáir má leanann líon na gcásanna air ag fás. Chomhairligh sé do dhaoine a bheith an-chúramach maidir le líon na ndaoine eile go mbuaileann siad leo as seo go Nollaig.

Dúirt sé nach aon leithscéal é teacht na vacsaíne a bheith réchúiseach, cé go gcabhródh sí go mór linn an víreas a bhrú faoi chois.

Foilseofar amárach pleananna thascfhórsa na vacsaíne a bunaíodh chun straitéis vacsaínithe a fhorbairt. Oibrithe sláinte phoiblí, dochtúirí agus poitigéirí a chuirfidh an tsnáthaid ar fáil.

Cé go bhfuil an Stát ar tí dhá cineál vacsaíne in aghaidh an Covid-19 a thabhairt isteach, tá imní ann i gcónaí faoi dhaoine a deir nach bhfaighidh siad an tsnáthaid. Dúirt an LeasPhríomh-Oifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn inné go gcaithfí a chur ar a súile do dhaoine nach raibh aon chúis imní acu.

 

 

Fág freagra ar 'Líon teoranta vacsaíní a bheidh ar fáil mí Eanáir agus mí Feabhra – An Taoiseach'