Léirscrios á lua leis na Tóraithe, ollbhua á thuar do Pháirtí an Lucht Oibre

De réir na bpobalbhreitheanna íocfaidh an Príomh-Aire Rishi Sunak agus na Tóraithe go daor as na 14 bliain atá caite i rialtas acu

Léirscrios á lua leis na Tóraithe, ollbhua á thuar do Pháirtí an Lucht Oibre

Tá an lá deireanach den fheachtas olltoghcháin faoi lán seoil sa Ríocht Aontaithe, mar a bhfuil léirscrios á thuar do na Tóraithe agus caint ar ollbhua do Pháirtí an Lucht Oibre.

De réir na bpobalbhreitheanna íocfaidh an Príomh-Aire Rishi Sunak agus na Tóraithe go daor as na 14 bliain atá caite i rialtas acu agus as na gealltanais go léir nár coimeádadh le linn na tréimhse sin.

Tréimhse ab ea í ina raibh drochbhail ar an ngeilleagar, inar tugadh isteach polasaithe déine, inar chuaigh seirbhísí poiblí in olcas agus an costas maireachtála in airde. Chomh maith leis sin, síleann mórán gur chuir an Breatimeacht, na bréaga a insíodh faoi agus an drochláimhseáil a deineadh air cor mór chun donais sa saol. Bhí na Tóraithe sáinnithe freisin in go leor scannal a dhein díobháil d’iontaoibh an phobail, go háirithe le linn aimsir na paindéime Covid-19.

Ba mhinic cúrsaí polaitíochta ina gcíor thuathail le 14 bliana anuas agus is é Sunak an cúigiú príomh-aire le hocht mbliana.

Léiriú é ar ghéarchéim na dTóraithe go bhfuil caint ann go bhféadfadh go gcaillfeadh fiú an Príomh-Aire féin a shuíochán in Richmond agus Northallerton. Níor tharla a leithéid riamh cheana do phríomh-aire.

Ar an dtaobh eile den scéal, de réir pobalbhreitheanna áirithe d’fhéadfadh Páirtí an Lucht Oibre agus a gceannaire Keir Starmer móramh níos mó a bhaint amach ná mar a dhein an páirtí faoi stiúir Tony Blair i 1997 nuair a d’éirigh leo móramh 179 suíochán a fháil.

‘Athrú’ an gealltanas mór atá ag Páirtí an Lucht Oibre ina bhfeachtas. Deir Páirtí an Lucht Oibre go gcuirfidh siad borradh faoin ngeilleagar agus go gcuirfidh siad arís le dóchas na ndaoine i ndiaidh anord na dTóraithe. Tá sé curtha ina leith go bhfuil cuid dá bhforógra toghcháin ar bheagán téagair agus go bhfuil easpa sonraí ann faoi conas a íocfar as cuid dá ngeallúintí.

De réir na bpobalbhreitheanna tá dul chun cinn mór déanta ag an bpáirtí Reform UK, an Brexit Party tráth, ó chuaigh Nigel Farage i gceannas orthu agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí leo teacht i dtír ar mhíshásamh daoine faoi cheist na hinimirce agus ceisteanna eile. Cé nach dócha go mbuafaidh Reform UK oiread sin den 650 suíochán atá ar fáil, d’fhéadfaidís cur go mór le deacrachtaí na dTóraithe agus le líon na suíochán a chaillfidh siad faoin gcóras an chéad duine abhaile.

Seo an t-ochtú huair ag Nigel Farage féin seasamh do shuíochán in Westminster ach níor éirigh leis fós an beart a dhéanamh.

In Albain, tá an SNP in aimhréidh le cúpla bliain anuas, céad-aire pharlaimint na hAlban athraithe faoi dhó acu, iad san abar de bharr conspóidí agus an tóin tite astu ó thaobh na tacaíochta, más fíor na pobalbhreitheanna.

Sa Bhreatain Bheag tá Plaid Cymru ag súil vótóirí a mhealladh lena ngealltanas faoi Westminster.

Sa Tuaisceart, tá 136 iarrthóir ag seasamh san 18 toghcheantar.

Is féidir féachaint ar phróifíl Tuairisc do na toghcheantair sin go léir ar Tuairisc.

4,515 iarrthóir atá ag seasamh i dtoghchán an lae amárach, an líon is mó riamh agus ardú 36% ar líon na n-iarrthóirí a bhí ann in 2019.

Fág freagra ar 'Léirscrios á lua leis na Tóraithe, ollbhua á thuar do Pháirtí an Lucht Oibre'

  • An Sléibhteoir

    An mbeadh an bhaol ann toisc go gceapann gach aoinne go mbeidh bua ollmhór acu, go gceapfaidh an-chuid de lucht tacaíochta Pháirtí an Lucht Oibre nach gá dóibh teacht amach ar an lá agus a vóta a chaitheamh? B’fhéidir go mbeidh an tromlach níos lú ná mar a shíltear anois dá bharr san.