LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Turas corraitheach ar TG4 a thug léargas ar shuáilcí agus duáilcí an chórais leighis

Thug Turas na hAilse – Bus Thír Chonaill léargas dúinn ar an gcuid is fearr agus an chuid is measa de chóras agus institiúidí leighis na tíre seo

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Turas corraitheach ar TG4 a thug léargas ar shuáilcí agus duáilcí an chórais leighis

Níl seachtain dá dtéann tharainn ná go meabhraítear drochstaid an chórais leighis dúinn, ar shlí amháin nó ar shlí eile. I láthair na huaire, fiú, tá cad é fothragadh faoi úinéireacht an ospidéil nua máithreachais i mBaile Áth Cliath.

Thug Turas na hAilse – Bus Thír Chonaill (TG4, Dé Céadaoin) léargas ar an gcuid is fearr agus an chuid is measa de chóras agus institiúidí leighis na tíre seo.

Tugadh le fios dúinn i dtús an chláir nach raibh aon seirbhísí ailse ar fáil i dTír Chonaill agus go raibh ar mhórán atá buailte ag an ngalar an bóthar a bhualadh go Gaillimh nó Baile Átha Cliath. Faoi mar a deir othar amháin linn le linn an chláir, tá sé deacair go leor na turais seo a dhéanamh nuair atánn tú i mbarr na sláinte gan trácht ar é a dhéanamh nuair nach bhfuil tú ar fónamh.

Seirbhís charthanach é an Bus Ailse a thugann othair chun na Gaillimhe ar an Luan agus ar ais a abhaile ar an Aoine. Cuid acu ag éirí ag 4.30 ar maidin leis an turas a dhéanamh.

Ábhar alltachta é go mbraitheann an tseirbhís seo go hiomlán ar obair dheonach agus flaithiúlacht an phobail. Labhair Eamonn McDevitt, bunaitheoir na seirbhíse bus, go paiseanta agus go pointeáilte faoin easpa cúnaimh ón Stát, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Cumann Ailse na hÉireann. Deir sé go hionraic ná feadar sé an mbeidh an tseirbhís a chuireann sé ar fáil ann i gceann sé mhí. Bhí ábhar náire agus feirge araon againn nuair a chualamar scéalta na n-othar agus nuair a cuireadh ar ár súile dúinn cé chomh mór agus atá siad ag brath ar an tseirbhís atá anois i mbaol.

Ar an dtaobh eile den scéal tá Inis Aoibhinn, an t-ionad lóistín saor in aisce a chuirtear ar fáil do na othair agus iad ag fanacht sa

Ghaillimh. Labhair na hothair go mothúchánach faoin tacaíocht, comhluadar agus cúnamh thar na bearta a fhaigheann siad san ionad seo. Bhainfeadh sé deor as cloch ghlas a bheith ag éisteacht leo ag cur síos ar an atmaisféar cairdiúil, cluthair agus iad ag maíomh nach bhfuil aon oidhre ar an áit ach an dara baile.

Bíonn eagla de shaghas orthu ag dul abhaile mar gheall ar an gcompord a bhain leis an lámh chúnta a bheith ar fáil chomh saoráideach sin. Deir othar eile linn nach bhféadfadh drochghiúmar a bheith ort ina leithéid d’áit.

Ní moladh go dtí é.

Tugadh éachtaint chorraitheach dúinn sa chuid seo den chlár ar an an dtacaíocht a thugann na hothair seo dá chéile in am an ghátair agus na cinniúna; rud a thugann an misneach dóibh agus iad ag cruachan in aghaidh na hainnise.

Clár corraitheach a thugann léargas ar shuáilcí agus duáilcí chóras leighis na hÉireann.

Scéal thairis. Tá cad é bús le cúpla lá faoi The Keepers, sraith faisnéise nua le Netflix a bheidh á sruthlú an mhí seo chugainn. Díreoidh sé seo ar dhúnmharú mná rialta in Baltimore Mheiriceá i 1969. Gan amhras eascraíonn an tsuim seo ar fad as an dúil mhíchuíosach a bhí in Making a Murderer anuraidh. Tá tarrac ar 150,000 duine tar éis féachaint ar an réamhbhlaiseadh de The Keepers ar YouTube laistigh de 24 uair an chloig. Coimeád do shúil ar an gceann seo.