LÉIRMHEAS: Portrait of a Gallery – Cuntas cumasach ar thionscnamh tábhachtach

Ní fhéadfá gan a bheith tógtha le dúthracht agus le paisean mhuintir na Dánlainne Náisiúnta, a léiríodh dúinn i gclár faisnéise ar RTÉ

LÉIRMHEAS: Portrait of a Gallery – Cuntas cumasach ar thionscnamh tábhachtach

In 2011 b’éigean na doirse a dhúnadh ar Sciatháin Dargan agus Milltown, na codanna is ársa de Dhánlann Náisiúnta na hÉireann. Chiallaigh sin nach raibh ach 20% den spás dánlainne fós ar oscailt. Sa chlár faisnéise breathnaitheach Portrait of a Gallery (RTÉ 1, Dé Máirt) tugtar cuntas ar an obair mhór athchóirithe a deineadh thar tréimhse trí bliana, tionscnamh a chosain nach mór €30 milliún.

I gcaitheamh na huaire tugadh éachtaint thar na bearta ar an gcáiréis, bráca agus castacht a bhaineann le hobair athchóirithe ar fhoirgneamh atá 150 bliain d’aois.

Cé gur deineadh obair athchóirithe sna hochtóidí bhí drochbhail cheart ar an bhfoirgneamh faoi 2011 agus an braon anuas agus an seanchóras teasa ag déanamh dochair dos na saothair ealaíne. I seat léanmhar amháin taispeánadh pictiúr a mhair trí gach sórt anachain le breis agus 600 bliain anuas ach a raibh stánáil fachtha aige ó chóras teasa.

Bhí na ceamaraí ag leanúint na meithle ó 2014 agus chonaiceamar na ceardaithe i mbun oibre agus conas mar a chuaigh siad i ngleic leis an obair. Ní nach ionadh tháinig dúshláin sa mhullach orthu; tobar gan choinne faoin urlár agus obair fothacaíochta don fhoirgneamh ina measc.

Mar go slogann fearas teicneolaíoch tuairim is 30% den spás i bhfoirgneamh dá leithéid, cinneadh íoslach a thógaint faoin ngairdín. Ina theannta sin deineadh an spás idir an dá sciathán a shú isteach.

Cinneadh cuid den dánlann a choimeád oscailte i rith an athchóirithe, rud a chiallaigh go raibh an obair seo ar fad ar siúl coiscéim coiligh ó phictiúir luachmhara agus cuairteoirí.

Bhí draíocht ait faoi leith ag baint le bheith ag féachaint ar fhrámaí cáiliúla Carlo Cambi á mbaint anuas go cáiréiseach agus á bhfágaint faoi chúram ceardaí as Leitir Fraic.

Fan na slí tugadh léiriú ar obair mhuintir na Dánlainne. Ní fhéadfá gan a bheith tógtha lena ndúthracht agus lena bpaisean. Bhí obair na mbeach ag baint leis na cúraimí a bhí idir lámha ag an bhfoireann chaomhnaithe. Simone Mancini ag féachaint ar an bpictiúr cáiliúil de phósadh Aoife agus Strongbow is ag rá go mbíonn ort lá nó dhó a chaitheamh ag breithniú an phictiúir sular féidir tabhairt faoin obair agus go bhfuil saothair áirithe nach féidir agus nár cheart a athchóiriú. Baineadh m’anáil díom agus mé ag féachaint ar an gcúram agus an t-achrann a bhain le pictiúr Monet a chur ina cheart i ndiaidh do liúdramán éigin a dhorn a chur tríd.

Na snátha á sníomh le chéile ceann ar cheann le cabhair an mhicreascóip. Cé go bhfuil an dochar fós ann is ar éigean go bhféadfá é a aithint leis an tsúil.

Gan amhras, ag ceann scríbe soláthraítear na seatanna draíochtúla den fhoirgneamh ar ais i mbarr a mhaitheasa.

Enda Kenny, ar a lá deireanach mar Thaoiseach, i láthair ag an athoscailt oifigiúil. Cuntas cumasach ar thionscnamh tábhachtach.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Portrait of a Gallery – Cuntas cumasach ar thionscnamh tábhachtach'