LÉIRMHEAS: Inherent Vice lochtach go smior

Níl Inherent Vice leath chomh cliste ná chomh greannmhar is a shamhlaíonn lucht a dhéanta é a bheith

INHERENT VICE

Inherent Vice

Stiúrthóir: Paul Thomas Anderson

Cliar: Joaquin Phoenix, Josh Brolin, Katherine Waterson, Joanna Newsom, Eric Roberts, Benicio Del Toro, Owen Wilson, Reese Witherspoon.

D’fhéadfaí a mhaíomh go mbaineann léirmheastóirí an iomarca úsáide as an téarma auteur is iad i mbun pinn, agus tá an léirmheastóir seo chomh ciontach céanna le héinne acu.

Ach ní chiallaíonn sin nach bhfuil an cur síos ábhartha agus dlite do shaoistí áirithe. De m’ainneoin féin, tagann an focal ag ráthaíocht im intinne arís nuair a chloisim ainm Paul Thomas Anderson agus ní gá ach sracfhéachaint a chaitheamh ar a shaothar leis an tuairim sin a bhuanú.

Is saothair ilchineálacha, chumasacha, cheannródaíocha atá tagtha óna cheárta: The Master (2012), There Will Be Blood (2007), Magnolia (1999), Boogie Nights (1997), fiú an gearrscannán Cigarettes and Coffee (1993). Faoi mar is dual don auteur, tá greim daingean aige ar chúraimí uile na ceárta: peann an scríbhneora, ceamra an stiúrthóra agus sparán an léiritheora. Ní haon ionadh go bhfuil sé ainmniúchán Oscar gnóthaithe aige agus is éagóir é nach bhfuil ceann tugtha leis aige as ucht There Will be Blood go háirithe.

Luíonn sé le réasún mar sin go rabhthas ag tnúth leis an táirge is déanaí uaidh.

Dhein na gearrthóga a seoladh roimh réidh mo ghoile féin a ghéarú agus bhíos ag súil le go leor míreanna seoigh agus le táirge a bheadh inchurtha le The Big Lebowski (1998).

Ta an táirge seo bunaithe ar úrscéal den teideal céanna ó pheann Thomas Pynchon.  Noir grinn atá in ainm is a bheith anseo le heachtraí an scannáin lonnaithe in Los Angeles 1970 agus sin sna sála ar Doc Sportello (Phoenix), bleachtaire príobháideach, mírialta, míthapa.

D’fhéadfainn an t-alt ar fad a chaitheamh ag iarraidh achoimre nó léargas a thabhairt ar an téama/scéal ach dá gcuirfinn mo thóin ar an dtine, ní éireodh liom sin a dhéanamh, agus is dócha gurb shin an sprioc a bhí ag Anderson ar shlí.

Tosnaítear ár gcur ar bhóthar an mhearbhaill nuair a thagann iarchailín Doc ar cuairt chuige ag lorg cabhrach. Tá bean an fhir a bhfuil sí ag luí leis (agus a fear nua) ag tathaint uirthi dul i mbun comhcheilge leo. Tá sí ag tarraingt na gcos.

Gach re casadh agus lúbadh ann, mistéir, mearbhall, carachtair fhánacha, aite agus snáitheanna á bhfágaint ar foluain ar fud na mball.

Deirimise castróvaisc leat.

Go deimhin, is geall le carachtar ann féin é an mearbhall. Thosnaigh an scannán ag imeacht ar bhóléigear gar don tús ach faoi dheireadh, 148 nóiméad le bheith pointeáilte faoi, táthar rite amach ón gcairt ar fad.

Tá cliar cumasach bailithe le chéile agus ní féidir locht a fháil ar éinne acu. Tugann Pheonix taispeántas ábalta uaidh mar an príomhcharachtar réchúiseach atá siar ó thuaidh ar dhrugaí formhór an ama.

Ar an drochuair, ámh, níl a charachtar inchurtha le The Dude ó The Big Lebowski agus níl an saothar seo chomh sainiúil le saothar dheartháireacha Coen. Go deimhin, níl an saothar seo leath chomh cliste ná chomh greannmhar is a shamhlaíonn lucht a dhéanta é a bheith.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Inherent Vice lochtach go smior'