Léiriú snasta, taispeántais bhreátha agus eachtraí staire cniotáilte le sobaldráma ríoga

Tabharfaidh Gillian Anderson, Emma Corrin agus a gcarachtair dúshlán bhanríon Colman i séasúr 4 de The Crown

Léiriú snasta, taispeántais bhreátha agus eachtraí staire cniotáilte le sobaldráma ríoga

Ceann de na comharthaí sóirt is sainiúla agus is misniúla a bhaineann le The Crown (séasúr a ceathair ar Netflix) ná nach leasc leis na príomhaisteoirí a athrú de réir mar a bhogann an scéal ar aghaidh trí na blianta.

Ba í Claire Foy a bhí i lár an aonaigh sa chéad dhá shéasúr agus thuill sí moladh mór ó mhórán as an léiriú a dhein sí ar an mBanríon Eilís óna hóige go dtí go raibh sí i ngiorracht don dá scór. Seachas dul i muinín an smididh is na teicneolaíochta beartaíodh Foy a scaoileadh chun siúil agus Olivia Colman a earcú le léiriú a dhéanamh ar an monarc meánaosta.

Chuathas ar choimirce na cinniúna ach d’éirigh leis agus cad é moladh faighte as Foy do shéasúr a trí agus an séasúr nua seo. Tá uisce le fiacla cheana agus an lucht féachana ag súil leis an gcéad athrú eile agus Imelda Staunton le bheith sa chathaoir ríoga.

Is é an tréimhse idir 1977 go 1990 a bheidh idir chamáin sa séasúr seo, ceann de na tréimhsí ba chorraithí agus ba shuaite i saol na banríona. Tugann an tréimhse sin beirt charachtar ban os ár gcomhair Diana Spencer (Emma Corrin) agus Margaret Thatcher (Gillian Anderson).

Tugann an bheirt charachtar/aisteoirí seo dúshlán Eilís/Colman mar phríomhaisteoir an tséasúir.

Tugann siad beirt taispeántais den scoth uathu. Éiríonn le Corrin cúthaileacht is tuin chainte Diana a thabhairt léi. Is deacair dóibh siúd a ghráigh The X-Files féachaint ar Anderson mar Thatcher ach téann sí go feirc sa charachtar agus is seoid gach radharc dá cuid le hEilís/Colman.

Muc ar gach mala ag an bPrionsa Philip, mar aon le braon faoin bhfiacail, nuair a thoghtar Thatcher. É ag cnáimhseáil le hEilís nach bhfuil aon dealramh le beirt bhan a bheith i bhfeighil na tíre. Níos faide anonn tá Denis Thatcher siar ó thuaidh go maith agus é ag trácht ar an gcorraíl a bhainfeadh leis an ngaol idir beirt bhan mheanapásach. Ní thógann Thatcher, atá ag déanamh na hiarnála, aon cheann de.

Arís eile déantar eachtraí staire a chniotáil le gach re sea an teaghlaigh ríoga.

Tá toise láidir Éireannach leis an gcéad ghála mar a dtugtar léiriú ar mharú Henry Mountbatten, seanuncail Charles, nuair a bhuamáil an tIRA a bhád amach ón Mullach Mór.

Léiríodh sa séasúr roimhe seo go raibh an bheirt an-cheanúil ar a chéile agus i dtosach an tséasúir seo géaraíonn ar iarrachtaí an tseanfhir bean chéile a fháil don niúidí neáidí d’fhear óg.

Gan amhras ní fhéadfaí a bheith ag súil le léiriú cuimsitheach ar Thrioblóidí na sé chontae i saothar den saghas seo agus cé go raibh easnaimh anseo ní raibh sé chomh liobarnach is a cheapas a bheadh sé.

Meabhraíonn guth feargach Ultach, mar aon le físeán cartlainne de chíréibeacha, ruathair póilíní agus agóidí faoi na stailceanna ocrais, go raibh rudaí suaite in Éirinn ag an am.

Ag deireadh an chéad ghála léann guth feargach eile ráiteas an IRA faoi mbuamáil, ráiteas a bhí neamhleithscéalach agus cáinteach faoi Mountbatten, fad is a léirítear sochraid an fhir dúinn.

Gan amhras tá radharc de Thatcher agus racht á ligean aici.

Léiriú snasta, taispeántais bhreátha, carachtair shuimiúla agus eachtraí staire cniotáilte le sobaldráma ríoga.

Fág freagra ar 'Léiriú snasta, taispeántais bhreátha agus eachtraí staire cniotáilte le sobaldráma ríoga'