Léigh mé 22 gearrscéal do chomórtas – seo na rudaí nár chóir d’iarratasóir a dhéanamh 

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ní bhíonn neart ag scríbhneoir ar ghiúmar an fhoilsitheora nó an mholtóra comórtais, ach bíonn neart aige ar thús a shaothair! 

Léigh mé 22 gearrscéal do chomórtas – seo na rudaí nár chóir d’iarratasóir a dhéanamh 

Iarradh orm moltóireacht a dhéanamh ar chomórtas gearrscéalaíochta.

Níorbh é an chéad uair é gur iarradh orm a bheith páirteach ina leithéid de ghiúiré agus ghlac mé leis an gcuireadh go fonnmhar. Bíonn go leor oibre i gceist agus ní bhíonn luach saothair ar fáil i gcónaí (an iarraidh seo, bhí 22 gearrscéal le meas gan pingin chúitimh), ach tugann an cineál seo moltóireachta deis do scríbhneoir suí ar an taobh eile den deasc agus tamall a chaitheamh i gcathaoir an fhoilsitheora a mbíonn air treabhadh trí shlám dréachtaí ag súil go mbeidh saothar amháin infhoilsithe ina measc.

Déanfaidh mé cur síos anseo ar an mbealach oibre a bhí agam; cá bhfios nach mbeidh scríbhneoirí a bheadh ag iarraidh cur isteach ar chomórtas nó a bheadh ag iarraidh saothar a chur faoi bhráid foilsitheora in ann a leas a bhaint as.

Bhí lucht eagraithe an chomórtais tar éis comhad pdf mór amháin a dhéanamh de na hiontrálacha ar fad agus léigh mé na scéalta san ord sin; bhí an t-ádh le húdair na scéalta i dtús an chomhaid toisc gur léigh mé iad ina n-iomláine (dá gcuirfí na scéalta faoi mo bhráid ina gceann is ina gceann bheinn tar éis na scéalta leis na teidil is spreagúla a léamh ar dtús.)

Fan soicind a Alex, a deir tú. Iarradh ort a bheith i do mholtóir ar chomórtas agus níor léigh tú na hiontrálacha ar fad ina n-iomláine?

Gnáthchleachtas! Bhí an mholtóireacht curtha ar an méar fhada agam ar feadh rófhada cheana féin agus ní raibh mé thar mholadh beirte nuair a thug mé faoin obair sa deireadh; bhí míle rud ar m’intinn nár bhain leis an gcomórtas. An gceapann tú dáiríre go dtógfadh léitheoir atá faoi bhrú an trioblóid air féin treabhadh trí thús lag ag súil go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí leath bealaigh tríd?

Léigh mé an chéad trí scéal ina n-iomláine. I gcás an 19 iontráil eile, murar éirigh leo mé a mhealladh sa chéad trí nó ceithre pharagraf bhog mé ar aghaidh go dtí an chéad scéal eile. Sin sin, isteach sa bhin, murar chaith mé isteach sa bhruscar iad ar chúis éigin eile roimhe sin!

Ar na cúiseanna sin bhí:

– barraíocht aidiachtaí

– stíl mhínádúrtha, róliteartha

– fadhbanna leis an bpeirspictíocht

– níos mó ná corrbhotún cló nó gramadaí

– drochphoncaíocht (an gcreidfeá go raibh iontráil amháin ann ina raibh an t-údar tar éis an comhartha ‘&’ a úsáid aon uair ar chóir dó an focal ‘agus’ a úsáid?)

Tar éis dom na hiontrálacha ar fad a mheas ar an gcaoi sin sheas scéal amháin amach. Bhí mé ar tí ríomhphost a chur chuig lucht eagraithe an chomórtais chun mo bhreith a thabhairt, ach tháinig aiféala orm go raibh mé tar éis a bheith róghéar ar chuid de na scéalta de bharr drochghiúmar a bheith orm agus mé i mbun na moltóireachta.

Chuaigh mé ar shiúlóid fhada. Bhí spionn níos fearr orm nuair a tháinig mé ar ais.

Thug mé faoin bpróiseas céanna den dara huair: léigh mé tús na scéalta ar fad as an nua. Ach arís, murar éirigh leo mé a mhealladh faoin tríú nó faoin gceathrú paragraf, bhog mé ar aghaidh chuig an gcéad scéal eile.

Toisc go raibh spionn níos fearr orm, shocraigh mé seans a thabhairt do scéal an iarraidh seo a bhí caite amach agam sa chéad bhabhta moltóireachta toisc go raibh an stíl an-saothraithe, an-chrochta go deo. Ní fhéadfaí a shéanadh, áfach, go raibh feabhas teicniúil ag baint le hinsint an scéil seo nach raibh ag baint leis na scéalta eile agus go raibh an charachtracht agus an cur síos ar láthair an scéil máistriúil. Ba léir ar an dara léamh, fiú amháin, gur oir an stíl chrochta don scéal áirithe seo.

Bhí buaiteoir nua agam!

Céard é an ceacht atá le baint as seo ar fad? I dtús báire, caithfidh tú glacadh leis, mar scríbhneoir a bheadh ag cur isteach ar chomórtas nó a mbeadh saothar á chur faoi bhráid foilsitheora aige, go mbíonn baint nach beag ag an gcinniúint le cúrsaí. Ní bheidh a fhios agat an ag barr nó ag bun an chairn a bheidh d’iarrachtsa ná ní bheidh neart agat ar an spionn a bheidh ar an moltóir nó ar an bhfoilsitheoir nuair a léifidh sé í. Ach ar an gcúis sin, b’fhiú oiread dua agus is féidir a chaitheamh leis na gnéithe a mbíonn neart agat orthu: bíodh an tús láidir, bíodh smacht agat ar líon na n-aidiachtaí agus bíodh slacht ar litriú agus ar ghramadach, agus as ucht Dé ort, ná bain úsáid as an gcomhartha ‘&’ in ionad an fhocail ‘agus’.

Fág freagra ar 'Léigh mé 22 gearrscéal do chomórtas – seo na rudaí nár chóir d’iarratasóir a dhéanamh '