Leid tugtha ag McHugh nach n-éileofar go gcuirfí deireadh iomlán le ‘maolú’ na Gaeilge san AE

Scrúdú á dhéanamh ar chur leis na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge ón AE, rud a d’fhágadh nach mbeadh comhstádas ag an nGaeilge le teangacha eile an Aontais

 

EU Brussells

Tá leid láidir tugtha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas iarratas a dhéanamh deireadh iomlán a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, ach go bhféadfadh go n-iarrfar go gcuirfí leis an líon seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge.

Dúirt an tAire McHugh go bhfuil scrúdú á dhéanamh ag a roinn féin, Roinn an Taoisigh agus institiúidí an Aontais ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil cheana i nGaeilge agus ar “the potential to expand these services”.

Dúirt an tAire Stáit chomh maith, áfach, go gcuirfí cúrsaí acmhainní agus earcaíochta san áireamh i bpé cinneadh a dhéanfadh an Rialtas faoin maolú.

Mar fhreagra ar cheist Dála a cuireadh air i mBéarla, dúirt an tAire McHugh:

“In logistical and reputational terms, it is important to note that the approach adopted by Ireland in relation to the derogation is seen to be a balanced and rational response that will have regard to prevailing circumstances and challenges, particularly in relation to issues such as the timely recruitment of the requisite personnel and the actual usage of Irish in the EU institutions.”

Tugadh an maolú isteach nach mór deich mbliana ó shin mar gur measadh nach raibh dóthain daoine cáilithe chun na seirbhísí breise éagsúla a chur ar fáil i nGaeilge, na cúinsí céanna ar thagair an tAire McHugh dóibh a bheith fós ann.

Spreagfaidh an chuid sin d’fhreagra an Aire drochamhras ina measc siúd atá ag éileamh le fada go gcuirfí deireadh leis an maolú a cheadaíonn don Aontas Eorpach gan na seirbhísí céanna a chur ar fáil i nGaeilge is a chuirtear ar fáil i dteangacha oifigiúla eile an Aontais.

I mí Feabhra na bliana seo, dúirt an duine is mó atá luaite leis an bhfeachtas chun deireadh a chur leis an maolú, an Dr. Pádraig Breandán Ó Laighin, gurbh eol dó go raibh “cinneadh i bprionsabal déanta ag an Rialtas gan deireadh a chur leis an maolú ar an nGaeilge”.

Thug an tAire Stáit le fios go bhfuil go dtí deireadh na bliana seo ag an Rialtas le cinneadh a dhéanamh faoin maolú a dtiocfaidh deireadh leis ar an 31 Nollaig 2016.

Sa chás nach ndéanfadh an Rialtas iarratas – a nglacfaí leis – maidir le deireadh a chur leis an maolú, dhéanfaí é a athnuachan ar an 1 Eanáir 2017.

Ag labhairt dó ag comhdháil ar chearta teanga a d’eagraigh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra, dúirt an Dr. Pádraig Breandán Ó Laighin go raibh  “seasamh dúnta rúnda” ag an Rialtas maidir le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Maidir le ceist na n-acmhainní a luaigh an tAire McHugh arís an tseachtain seo, maíonn an Dr. Ó Laighin go bhfuil dóthain daoine cáilithe anois mar aistritheoirí, ateangairí, dlítheangeolaithe, agus cúntóirí chun go bhféadfaí deireadh a chur leis an maolú.

De réir taighde atá déanta aige, cáilíodh 349 duine sna blianta 2010 – 13, agus tá breis is 165 duine á n-oiliúint i mbliana ar chúrsaí faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge.

Dar le Ó Laighin go bhfuil an Ghaeilge anois chun tosaigh i measc na dtrí theanga dhéag a ainmníodh mar theangacha oifigiúla ó 2004 go dtí 2013.

Thug an tAire McHugh le fios go bhfuil obair ullmhúcháin ar bun agus rialachán nua á dhréachtadh le go bhféadfaí meamram faoin maolú a chur faoi bhráid an Rialtais.

Fág freagra ar 'Leid tugtha ag McHugh nach n-éileofar go gcuirfí deireadh iomlán le ‘maolú’ na Gaeilge san AE'

  • Fearn

    Cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú?

  • Bríd

    Seo leid láidir uaimse don Rialtas, mar sin, nach mbeidh mo vóta acu.