Leasú ar acht na dteangacha oifigiúla, tuilleadh airgid do na healaíona Gaeltachta agus Gaeilge – moltaí

Agus tús á chur an tseachtain seo le téarma nua na Dála chuireamar ceist ar roinnt Gael cén moladh a bheadh acu a rachadh chun leas na Gaeilge. Seo an tríú halt i sraith trí cinn…

Leasú ar acht na dteangacha oifigiúla, tuilleadh airgid do na healaíona Gaeltachta agus Gaeilge – moltaí

Pádraig Ó Duibhir
Leas-Dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Cé go mbím ag plé le cúrsaí oideachais, braithim go gcuirtear an iomarca béime ar an nGaeilge i réimse an oideachais agus go bhfágtar an Ghaeilge i bhfolús in earnáil an oideachais. Tagann daltaí amach as Gaelcholáistí agus scoileanna lán-Ghaeilge agus cumas sa Ghaeilge acu ach ní bhíonn deiseanna úsáide acu. Ceapaim go bhfuil easnamh ar aon iarrachtaí chun an Ghaeilge a leathnú i measc an phobail.

Bheinn ag moladh go ndíreodh an rialtas ar bhearta agus ar ghníomhartha a dhéanfadh stádas na teanga a ardú agus a chuirfeadh leis na deiseanna atá ann í á labhairt. Ceann de na rudaí móra a d’fhéadfadh an rialtas a dhéanamh ná leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá moltaí maithe freisin sa phlean 2018-2022 maidir le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus tá sé tábhachtach go gcuirfí i bhfeidhm iad. Chualamar le déanaí go mbeidh athrú ag teacht ar an gcóras faoina mbunófar gaelscoileanna. Caithfidh muid an fhianaise anois a fheiceáil go dtiocfaidh feabhas ar na cúrsaí sin. Níorbh leor an ocht nó deich gcinn de scoileanna a bunaíodh le deich mbliana anuas in aon chor le freastal ar an éileamh ón phobal.

Tá 8% de pháistí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal ach tá 23% de thuismitheoirí a deir go gcuirfidís a gcuid páistí chuig scoileanna lán-Ghaeilge dá mbeadh ceann ar fáil sa cheantar. Seans go dtógfaidh sé trí scór bliain eile orainn freastal ar an 23% sin má leanann cúrsaí mar atá siad. Caithfidh muid dlús a chur faoi na hiarrachtaí scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú agus caitheamh go dearfach leis an Ghaeilge in áit í a chur san iomaíocht i margadh an Bhéarla.

 

Muireann Ní Mhóráin
Príomhfheidhmeannach An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, COGG

Fógraíodh blianta ó shin go ndéanfaí athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cuireadh bille faoi bhráid an phobail agus rinneadh an-chuid moltaí faoi leasuithe ach níl aon rud tarlaithe ó shin ach caint san aer. Ciallaíonn sin nach bhfuil aon fhiúntas leis an Acht, tá an-chuid comhlachtaí stáit nua ann le blianta anuas nach gá dóibh cloí leis an acht, tá comhlachtaí agus ranna stáit eile ann nach gá dóibh aird a thabhairt de réir an dlí ar Acht na dTeangacha Oifigiúla mar go bhfuil a gcuid scéimeanna as feidhm le roinnt blianta anuas. Caithfear na leasuithe ar an acht a chur i bhfeidhm le go mbeidh muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge in ann seirbhísí a éileamh trí Ghaeilge.

Beart eile a chuirim spéis faoi leith ann, go háirithe mar chathaoirleach ar bhord bainistíochta Gaelscoile, ná an leasú ar an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016, reachtaíocht a thugann aitheantas den chéad uair do cheart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt ina bpolasaithe iontrála do pháistí a tógadh le Gaeilge. Ag pointe amháin, ní raibh cead le tabhairt do scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí a bhí á dtógáil le Gaeilge. Tá geallta go leasófar sin. Tá an baol ann go mbeidh an cead sin á shéanadh ar naíonraí agus caithfidh muid a bheith cinnte go mbeidh iarbhunscoileanna in ann tús áite a thabhairt do pháistí a d’fhreastail ar Ghaelscoil nó ar scoil Ghaeltachta.

 

Darach Ó Tuairisg
Stiúrthóir an chomhlachta amharclannaíochta Fíbín

Mholfainn go ndéanfadh an rialtas beart chun borradh a chur faoi na healaíona Gaeltachta. Chuige sin, mholfainn go mbainfí €1 milliún ó bhuiséad na Comhairle Ealaíon agus go dtabharfaí d’Ealaín na Gaeltachta é, eagraíocht atá ag plé leis na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta. Faoi láthair, an fhadhb atá leis an gComhairle Ealaíon nach ndéanann siad aon deighilt idir na healaíona a dhéantar as Gaeilge nó sa nGaeltacht agus na healaíona a dhéantar i mBéarla do lucht féachana Béarla. Ciallaíonn sin go mbíonn comhlacht Gaeltachta in Iarthar na hÉireann, mar muide, i gcomparáid le comhlacht mór i mBaile Átha Cliath ó thaobh maoinithe de.

Ní bhíonn costais taistil ag an gcomhlacht i mBaile Átha Cliath, éiríonn leo lucht féachana 8,000 duine a fháil chuig gach seó agus cuirtear an méid sin i gcomparáid linne, a bhíonn ag taisteal chuig na ceantracha Gaeltachta atá scaipthe ar fud na tíre agus a mheallann lucht féachana i bhfad níos lú. Is bealach iontach iad na healaíona chun an teanga a chur chun cinn agus a mhúscailt i ndaoine. Tá buntáistí sna healaíona, ní hamháin ó thaobh teanga agus cultúir de, ach ó thaobh na turasóireachta de chomh maith. Bhí tréimhse ann nuair a bhíodh náire ar dhaoine rudaí a dhéanamh i nGaeilge ach tá an t-am sin caite. Bíonn daoine ag cuardach na n-ealaíon dúchasach, rud éigin difriúil nach bhfuil feicthe acu ach tá tacaíocht de dhíth chun é sin a chur ar fáil.


Tabhair deontas ceart do na hirisí Gaeilge agus cuir deireadh leis an díolúine – moltaí na nGael don téarma nua Dála


Fág freagra ar 'Leasú ar acht na dteangacha oifigiúla, tuilleadh airgid do na healaíona Gaeltachta agus Gaeilge – moltaí'