Léargas mothúchánach, corraitheach ar an mbás agus ar an mbeatha ar TG4

Saothar tochtach faoin mbás ach saothar a dhein ceiliúradh ar an mbeatha ag an am céanna a bhí Scéal na Beatha, clár faoin nGael aitheanta a bhásaigh anuraidh Seosamh Ó Conchúir

Léargas mothúchánach, corraitheach ar an mbás agus ar an mbeatha ar TG4

I dtosach an chláir Scéal na Beatha, (TG4, Dé Céadaoin) címid Seosamh Ó Conchúir ag canadh an amhráin ‘The City of Mullingar’ agus é ar an dé deiridh.

An chéad rud eile soláthraítear mír in bhfuil Seosamh ag canadh an amhráin chéanna nuair a bhí sé i mbarr a shláinte. Tá a fhios againn ón gcéad luí súl mar sin gur clár mothúchánach, corraitheach atá romhainn amach.

Thug an clár seo éachtaint dúinn ar leochaileacht na beatha agus deasghnátha an bháis mar aon le ceiliúradh a dhéanamh ar dhuine ar leith. Tugann sé faoin gcúram go measúil, tuisceanach agus le héirim.

Ba i mí an Mheithimh, 2018 a fuair Seosamh amach go raibh ailse air. Trí mhí ina dhiaidh sin, ar an 15 Meán Fómhair, thosaigh meitheal an chláir seo ag scannánú leis. Timpeall an ama chéanna chinn Seosamh gan leanúint leis an gcóir leighis ceimiteiripe. Ní fada ina dhiaidh sin gur imigh Seosamh ar shlí na fírinne.

Labhraíonn Seosamh linn faoina shaol agus tugann sé cuntas dúinn ar a aistear ar ais chun na Gaeilge. Bhí dearcadh frithGhaeilge sa mheánscoil ar fhreastail sé uirthi agus chaill sé pé Gaeilge a bhí aige mar aon lena shuim sa teanga. D’fhill sé ar an nGaeilge cúig bliana is fiche ina dhiaidh sin nuair a thosaigh sé ranganna oíche leis an gConradh.

Ba cheoltóir, amhránaí agus ealaíontóir é Seosamh a raibh aithne mhór i meas lucht na Gaeilge mar gur chaith sé blianta ag obair i gclub an Chonartha i Sráid Fhearchair. Bhí gean ag óg agus aosta air. Dhein a mhuintir agus a lucht aitheantais dreasanna cainte linn i rith an tórraimh, na sochraide agus ina dhiaidh sin. Iad ar fad ag iarraidh dul i ngleic le bás Sheosaimh. Ar chuid de na daoine a labhair linn agus iad faoi dhaolbhrat bróin tá Pádraig Ó Snodaigh, Aodhán Ó Deá agus Sorcha Ní Ghallachóir.

I radharc corraitheach amháin címid Pádraig Schaler, fear óg a gortaíodh go dona i dtimpiste bhóthair i Meiriceá in 2013 nuair nach riabh sé ach trí bliana is fiche, ag tabhairt cuairt ar Sheosamh in Ospís Naomh Muire i gCrois Araild. D’fhás dlúthchairdeas idir an bheirt i gClub an Chonartha blianta roimhe sin agus ghoill tragóid Phádraig go mór ar Sheosamh. Meabhraíonn an radharc sin, ina bhfeicimid grianghraif den bheirt i mbarr a maitheasa, leochaileacht na beatha dúinn.

N’fheadar éinne cad atá roimhe agus is aniar aduaidh a thagann an tragóid ar chách.

Saothar tochtach faoin mbás ach saothar a dhein ceiliúradh ar an mbeatha ag an am céanna.

Fág freagra ar 'Léargas mothúchánach, corraitheach ar an mbás agus ar an mbeatha ar TG4'

  • Pól Ó Braoin

    An-chlár uilig. Trom brónach éadrom meidhreach sa meandar céanna. Taispeánann sé an mhuintir agus na cairde thar barr atá ag Seosamh. Go dtuga Dia ballraíocht i gcór na bhfaitheas dó.