Léargas Chapaillíní Conamara ar thrup, trup na heacnamaíochta

Ba í Lackagh Lady, seaimpín Sheó Chapaillíní Chonamara i mbliana. Cheannaigh an dream ar leo í ar ais an ‘Lady’ ar €400 tar éis dóibh í a dhíol cúpla bliain roimhe sin ar €15,000…

Léargas Chapaillíní Conamara ar thrup, trup na heacnamaíochta

Bhí sé ina cheiliúradh nuair a fógraíodh go mba í Lackagh Lady, láir atá os cionn sé bliana déag d’aois, seaimpín Sheó Chapaillíní Chonamara sa gClochán an tseachtain seo. 

Seo é an gradam is airde atá le buachan ag mianach an chapaill dúchasaigh. B’iomaí cor sa gcosán a bhí siúlta ag Lackagh Lady, agus thug an cosán sin léargas freisin ar  thrup, trup na heacnamaíochta sa tír seo

I mblianta tosaigh an chéid seo a tugadh Lackagh Lady chun an Chlocháin i dtosach; chuig an margadh a tugadh í.  €400 a d’íoc muintir Grimes as Baile an Róba uirthi. 

Cuireadh cóir agus oiliúint ar Lackagh Lady agus tháinig tuilleadh slachta uirthi, mar a tháinig ar eacnamaíocht na tíre sna blianta sin.

Shocraigh muintir Grimes í a dhíol sa mbliain 2008 agus tugadh chun an Chlocháin arís í.   Bhí praghas na gcapaillíní ardaithe as cuimse agus bhí eacnamaíocht na tíre fós ar mhuin na muice. Ceannaíodh Lackagh Lady de léim; thug ceannaitheoir as lár tíre €15,000 uirthi.   

Bhí sodar faoin saol; bhí praghsanna nár chualathas trácht orthu riamh cheana á dtabhairt ar chapaillíní Chonamara.

Bhuail aiféala muintir Grimes ina dhiaidh sin go raibh Lackagh Lady díolta acu agus bhí caitheamh ina diaidh acu ar feadh i bhfad. 

Ansin in 2013 thug an té a raibh €15,000 íoctha aige ar Lackagh Lady an láir ar ais chuig marglann an Chlocháin. Bhí an saol athraithe.  Chuala muintir Grimes as Baile an Róba go raibh sí á cur ar an margadh arís. 

Tháinig siad chun an Chlocháin go bhfeicfidís í ach ní raibh aon chuimhne acu í a cheannach ar ais. Fiú agus go raibh praghsanna íslithe i gcomhréir le heacnamaíocht na tíre, shíleadar go ngabhfadh an ‘Lady’ na mílte.

Leag an ceantálaí síos an bunphraghas a bheadh le n-íoc ar Lackagh Lady – €400.   Níor cuireadh cent rua lena chois sin uirthi.  Bhí níos mó ná capaillíní ag déanamh imní do dhaoine.  Go leor den dream a cheannaigh capaillíní Chonamara le cur ar féarach sa ngarraí ag binn an tí – bhíodar briste nó leathbhriste.  Thapaigh muintir Grimes as Baile an Róba a ndeis.  Cheannaíodar ar ais Lackagh Lady ar €400 – an capaillín a thuill €15,000 nuair a dhíoladar féin í cúig bliana roimhe sin.   

Bhí Lackagh Lady ar a bealach ar ais go Baile an Róba i seilbh an teaghlaigh a raibh sí acu i dtosach agus brabús €14,600 acu ar an díol agus an ceannach. 

Bhí an craiceann agus a luach acu. 

Sampla eile a bhí ann faoin gcaoi a raibh croitheadh bainte as an eacnamaíocht.

Tháinig Lackagh Lady ar ais chun an Chlocháin an tseachtain seo.  Chuig an Seó a bhí sí ag teacht an iarraidh seo.  Bhí cuma bhreá uirthi. 

Bhuaigh sí an Chraobh don láir ab fhearr os cionn 16 bliain.  Ansin i ndeireadh an lae bhuaigh sí an Chraobh mhór – Seaimpín Sheó Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara 2016.  Bhí ríméad thar na bearta ar Fiona agus Tomás Grimes agus an teaghlach uilig as Baile an Róba. 

Céard is fiú Lackagh Lady anois?  Is deacair buille réasúnta cruinn a thabhairt faoi. 

B’fhéidir go ngabhfadh sí leathscór míle.  Ach is cosúil nach fiú an praghas sin a phlé. 

Is ar éigean go gcuirfear Lackagh Lady ar díol arís. 

Tá a cosán siúlta aici faoi spéartha eacnamaíochta na hÉireann.

Fág freagra ar 'Léargas Chapaillíní Conamara ar thrup, trup na heacnamaíochta'