LÉAMHTHUISCINT: An Cogadh san Eoraip

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis:

LÉAMHTHUISCINT: An Cogadh san Eoraip

Tá mí an tromluí caite – an mhí is measa i mo shaol. Níl á mhothú agam le mí ach an t-uafás, an eagla agus an t-anbhá go bhféadfadh a leithéid tarlú ag an tráth seo. Táimid go léir sa tír seo i ‘meaisín ama’ atá ár dtabhairt siar go dtí an 20ú haois. Chreid mise i gcónaí i stuaim agus ciall an duine, i ngnáthchiall an duine, ach anois is oth liom a fheiceáil go raibh mé mícheart.

Tá muintir na hÚcráine ag fulaingt anois, agus is deacair méid na fulaingthe sin a shamhlú. Ar a laghad, níl na buamaí ag pléascadh anseo sa Rúis, agus nílimid i mbaol ár mbáis gach nóiméad. Ach níor mhaith liom go mbeadh aon duine i m’áitse anois. Mar a dúirt duine éigin de mo leithéid: “Cuir i gcás – tá tú sa Ghearmáin ag tús na 1940idí, agus tusa an Gearmánach agus an Giúdach ag an am céanna.”

Is ‘ionsaitheoir’ gach Rúiseach i súile an domhain, beag beann ar ár ndearcadh, ár smaointe agus ár mothúcháin. Ar an dtaobh eile, is ‘bligeard’ agus ‘fealltóir in aghaidh an stáit’ gach éinne nach dtacaíonn le gníomh na Rúise san Úcráin (mar a dúirt an tUachtarán). Dá dtarlódh rud éigin mícheart domsa tar éis an ailt seo – ní dóigh liom go mbeadh duine ar bith san Iarthar imníoch faoi sin. Ní rabhamar inár laochra – sin an locht atá curtha ar gach Rúiseach anois.

Is iontach go bhfaigheann teifigh Úcránacha lántacaíocht agus cabhair ar fud na hEorpa, in Éirinn san áireamh. Ach cad mar gheall ar theifigh as an Rúis? De réir figiúirí éagsúla im, idir cúpla céad míle agus milliún duine atá imithe nó le himeacht as an tír anois. Is daoine a bhí gníomhach formhór acu. Daoine atá in ann leas a dtíre a dhéanamh, nó leas na tíre ina bhfuil siad ag fanacht. Daoine nach dtacaíonn le polasaí ár stáit, gan amhras.

An bhfuil tacaíocht éigin do na daoine sin san Eoraip? Níl, go bhfios dom, mar ‘náisiún mícheart’ atá acu. Níor fhógair aon tír go bhfuil fáilte roimh theifigh Rúiseacha. Níor chuir tír ar bith in iúl go bhfuil sí sásta glacadh le gnóthaí móra agus beaga (go háirithe beaga!) as an Rúis. Tá beagnach gach teorainn dúnta orainn – ní féidir linn teitheadh ach go dtí (nó tríd) an tSeorsia, an Airméin agus an Tuirc.

Agus maidir le smachtbhannaí in aghaidh na Rúise – tá na daoine is gníomhaí thíos leis níos mó ná daoine eile. Is iriseoir gnó mise agus bím ag caint le lucht gnó go minic. An féidir leat a shamhlú cé chomh bródúil a bhí gnóthaí beaga na Rúise nuair a d’éirigh leo a gcuid táirgí nó seirbhísí a dhíol thar lear? Anois tá a gcuid oibre, a sárobair, curtha ar ceal. Chomh maith le hobair na ndaoine eile a bhí bainteach le hábhair iompórtála. Chomh maith le breis is 100,000 post sna comhlachtaí iasachta agus Rúiseacha atá imithe as an Rúis. Tá sin go léir imithe in éineacht leis an dóchas a bhí againn don todhchaí agus na mionrudaí ar nós deis taistil. An gcabhraíonn na smachtbhannaí le fáil réidh leis an deachtóir? Féach ar an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh – sin an freagra.

Bhí mé féin i gcónaí ar son ‘luachanna an daonlathais’. Ina measc – meas a bheith agat ar dhaoine as gach náisiún, agus meas a bheith agat ar dhaoine, beag beann ar a náisiún. Agus freagracht phearsanta a ghlacadh, freagracht as na rudaí a dhéanann an duine féin nó a dtacaíonn an duine féin leo, ní as na rudaí a dhéanann daoine eile in aghaidh do thola. Anois deir an saol mór go bhfuilimse agus mo leithéidse freagrach agus ciontach mar go mbainimid le ‘náisiún mícheart’. Dála an scéil, úsáideann lucht bolscaireachta na Rúise gach cás den ‘fhrith-Rúiseachas’ san Eoraip ar son na bolscaireachta – ‘Bhí fealltóirí an stáit ag moladh an Iarthair, agus thréig an tIarthar iad.’

Tuigim cé chomh deacair atá sé gan milleán a chur ar gach Rúiseach nuair a fhéachann duine ar scéalta na hÚcráine. Ach má tá duine ag iarraidh go mbeadh a chuid daonnachta slán ní an dara rogha aige ach seasamh lena luachanna agus gan gráin a bheith aige do dhaoine de bharr a náisiúin. Agus an rud is tábhachtaí anois – deis a thabhairt do gach teifeach atá i mbaol fanacht slán agus beo, pé náisiún atá aige.

Iriseoir gnó agus taistil é Vitaly Kovalchuk atá lonnaithe i Moscó

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana

  1. Cén ‘tromluí’ atá ag cur as don údar le mí?
  2. Cén t-údar go bhfuil Rúiseach chomh trína chéile faoin scéal?
  3. ‘Is ‘ionsaitheoir’ gach Rúiseach’- an dóigh leat go bhfuil sin fíor fútsa agus faoi do chairde? Cuir ceist orthu.
  4. Cén dearcadh atá ag an iriseoir gnó seo faoi na smachtbhannaí ar an Rúis?
  5. Cad iad ‘luachanna an daonlathais’ a gcreideann an t-údar iontu?
  6. Deir an t-údar go n-úsáideann Rialtas na Rúise aon cháineadh air mar bholscaireacht. Conas?
  7. Ar chóir don Rialtas fáilte a chur roimh theifigh as an Rúis?
  8. Bhí iontas ar an údar gur tharla cogadh san Eoraip in 2022. Ar chuir sé iontas ortsa? Cén fáth?
  9. Cén fáth nach éasca do phobal na Rúise gearán a dhéanamh faoi rialtas a dtíre, fiú mura n-aontaíonn lena pholasaí?
  10. Scríobh síos céard a déarfá leis an údar seo dá mbeadh an deis agat?

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

imní agus anbhá, ar a dteitheadh, dála an scéil, fealltóir, beag beann ar, i mbaol báis, in aghaidh mo thola

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sárchéim aidiachta sa chéad abairt
  • Faigh comhfhocal sa chéad alt
  • Bródúil – an duine is (bródúil)
  • Feachtais (bolscaireacht)
  • Tharla sé – dá (tarla) sé

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: An Cogadh san Eoraip'