- Mar chuid de Bhuiséad 2016 a d’fhógair rialtas Shasana le déanaí, tá neamhspleáchas breise i ndán do scoileanna uile na tíre sin. Ábhar spéise dúinne é seo in Éirinn, sa mhéid is go bhfuil sé molta anseo chomh maith go méadófaí an ról atá ag scoileanna i mbainistiú a gcúraimí féin feasta. Ach is iomaí sin cúram a bhaineann le saol na scoile, agus má tá an neamhspleáchas le méadú, is gá gach ceann de na cúraimí a mheas go cúramach.
- Is iomaí difríocht a bhíonn le sonrú ó thír go chéile sa mhéid údaráis a bhíonn ag scoileanna i riaradh a gcúraimí. Sna tíortha sin a mbíonn lárú iomlán déanta ar an gcóras oideachais, cuirtear d’iallach ar an scoil áitiúil polasaí an údaráis náisiúnta a chur i bhfeidhm go docht dílis. Bíonn an scoil spleách go hiomlán ar údarás seachtrach, agus is beag ról a bhíonn ag an bpobal scoile in aon chinneadh mór a bhaineann leis an soláthar oideachais go háitiúil.A mhalairt a bheadh i gceist i dtíortha eile, ina bhfeidhmíonn an scoil go neamhspleách ar na húdaráis sheachtracha, nó ina bhfeidhmíonn an scoil go neamhspleách go pointe áirithe.
- Sampla den múnla sin is ea na scoileanna acadaimh (academy schools) i Sasana. Cé gur scoileanna iad atá maoinithe ag an stát, agus gur cuid den earnáil phoiblí iad, tá mórán saoirse acu taobh istigh de chreat dlíthiúil an stáit. Tá saoirse acu a gcinntí féin a dhéanamh maidir le heagrú na scolaíochta, an chláir foghlama, téarmaí fostaíochta na múinteoirí (líon, tuarastal, saoire), agus araile. Tugtar cead a cinn don scoil fad is atá an creat rialaithe á chomhlíonadh. An príomhoide atá freagrach as gnáthobair na scoile, agus is é an academy trust a fheidhmíonn mar bhord bainistíochta.
- Faoi láthair, is scoileanna acadaimh iad 60% de mheánscoileanna agus 15% de bhunscoileanna na tíre sin. Ach mar chuid den bhuiséad a d’fhógair George Osborne, Seansailéir an Státchiste, an 16 Márta beidh ar gach bunscoil agus meánscoil athrú ina scoil acadaimh roimh 2020, nó 2022 ar a dheireanaí. Déarfadh mórán gur céim bhreise í seo i dtreo an phríobháideachais san earnáil oideachais, gur straitéis faoi cheilt í chun idé-eolaíocht an nua-liobrálachais a chur chun cinn, agus na scoileanna a chur i gcomórtas lena chéile. Dar leo gur breithiúnas éagórach a dhéantar ar fhiúntas na scolaíochta atá á soláthar sna scoileanna dá bharr, agus é bunaithe mar shampla, ar thomhas cúng míshásúil amhail torthaí foghlama na bpáistí ar thrialacha caighdeánaithe.
- Cinnte, dhealródh gurb iad cúrsaí airgeadais níos mó ná aon tairbhe oideachasúil, atá chun tosaigh i réasúnaíocht an rialtais. Mar shampla, is díol suntais é gurb é an tAire Airgeadais agus ní an tAire Oideachais a d’fhógair a leithéid de phlean. Agus cad faoi chás na hÉireann? Ar cheart níos mó saoirse a thabhairt do scoileanna na tíre seo a gcuid cúraimí féin a stiúradh? D’fhéadfaí a áiteamh, b’fhéidir, go bhfuil neamhspleáchas nach beag ann cheana féin. Is é an Bord Bainistíochta atá freagrach as mórán de ghnáthchúraimí na scoile, earcú na múinteoirí i measc rudaí eile, agus cé go bhfuil curaclam náisiúnta i bhfeidhm, mar aon le trialacha caighdeánaithe agus scrúduithe náisiúnta, fágtar go leor saoirse ag an scoil an teagasc agus an clár foghlama a chur in oiriúint dá riachtanais áitiúla.
- Ach tá sé molta ag an Roinn Oideachais i ndoiciméad comhairliúcháin a tháinig amach tamaillín roimh Nollaig go méadófaí ar an neamhspleáchas sin. Ar thrí ghné de shaol na scoile atá na moltaí dírithe: bainistíocht agus éiteas na scoile, teagasc agus foghlaim, agus cúrsaí airgeadais. Maidir le bainistíocht scoile, moltar go ndéanfaí ról na dtuismitheoirí a láidriú. Bheadh tábhacht i gcónaí le féinmheastóireacht scoile, próiseas ina dtugann an scoil féin breithiúnas ar chaighdeán an tsoláthair oideachais sa scoil. Réiteodh an scoil plean feabhais agus bheadh ar an scoil tuairisc bhliantúil a sholáthar do thuismitheoirí ar an dul chun cinn. Leanfadh an chigireacht ar aghaidh leis na meastóireachtaí seachtracha, mar a tharlaíonn faoi láthair, ach laghdófaí ar mhinicíocht na meastóireachta sin de réir mar a bhí scoileanna ag feidhmiú go sásúil. Maidir le teagasc agus foghlaim, moltar go mbeadh an curaclam náisiúnta leagtha amach i dtéarmaí níos leithne, bunaithe ar thorthaí foghlama a bheadh le baint amach. Chuirfí treoirlínte ar fáil, agus d’fhágfaí go leor saoirse leis an scoil a cuid féin a dhéanamh den churaclam agus na modhanna teagaisc is oiriúnaí a roghnú. Agus i gcás cúrsaí airgeadais, an scoil féin a bheadh freagrach as cinntí a bhainfeadh le buiséad, caiteachas, agus úsáid na n-acmhainní.
- Léiríonn an achoimre seo gur coincheap casta é an neamhspleáchas a bhaineann le mórán gnéithe de shaol na scoile. Is gá an bóthar seo a thaisteal go réidh, chun muinín agus dea-thoil an phobail scoile a chinntiú agus chun go rachaidh pé athruithe a dhéantar chun leas pháistí uile na tíre.
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:
- Céard a d’fhógair rialtas Shasana le déanaí? (alt 1)
- Cé fáth go mbeadh suim ag muintir na hÉireann sa scéal seo? (alt 1)
- Luaigh rud amháin a deirtear faoi thíortha ina bhfuil lárú iomlán déanta ar an gcóras oideachais. (alt 2)
- Cén tsaoirse atá ag na scoileanna acadaimh? (alt 3)
- Cén ról atá ag an bpríomhoide sna scoileanna siúd? (alt 3)
- Cén t-athrú a d’fhógair George Osborne sa bhuiséad? (alt 4)
- Cad deir mórán daoine faoin gcéim seo? (alt 4)
- Dar leis an údar cad é an rud is mó a spreag na hathruithe seo? (alt 5)
- Cad deirtear faoi Bhoird Bhainistíochta? (alt 5)
- Cén mholadh atá sa cháipéis chomhairliúcháin faoi ról na dtuismitheoirí? (alt 6)
Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:
- Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.
Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
- Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
- Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie
Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí:
- Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach in alt 1.
- Aimsigh sampla do bhriathar sa mhodh coinníollach in alt 5.
- Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in
Alt 6.
- Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha in alt 2.
- Sracfhéachaint ar an aidiacht:
- Beidh scrúduithe (deacair) againn an tseachtain seo chugainn.
- Bhí oíche (maith) againn aréir.
- Tá clúdach an leabhair (gorm) stróicthe.
- Bíonn amhráin (fada) ag an ngrúpa sin i gcónaí.
- Is é Seán an duine is (saibhir) sa rang.
Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:
- Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:
Dá mbeifeá i d’Aire Oideachais céard a dhéanfá le scoileanna a dhéanamh níos éifeachtaí?
- Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
- Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
- Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan argóint, tabhair cur síos ar cad atá go maith/mícheart leis an gcóras faoi láthair, tabhair moltaí, cuir tuairimí in iúl.
- Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.
Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 15 – An smaoineamh maith é tuilleadh neamhspleáchais agus saoirse a thabhairt do scoileanna na tíre? (Cartlann 2016)'