Léamhthuiscint 09 – Just How Stupid Are We? Tuige a dtugann muid vótaí do dhaoine thar a chéile? (Cartlann 2016)

Léamhthuiscint 09 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

22/5/2014 Polling Stations Get Ready

1) Tuige a dtugann muid vótaí do dhaoine thar a chéile? Tá freagra simplí ag iriseoir agus staraí Meiriceánach, a bhfuil tálach ina chuid lámh ag scríobh faoin ábhar seo, ar an gceist sin: níl muid sách meabhrach. Go deimhin, níor leag Rick Shenkman fiacail ar a theanga sa teideal a bhí ar leabhar dá chuid a foilsíodh roinnt blianta ó shin: Just How Stupid Are We? – The Truth about the American Voter. Ceart go leor, is ar vótálaithe Mheiriceá atá a chompás dírithe ag an údar. Ní fhéadfadh sé go mbeadh muidne chomh fánach sin in Éirinn – nó an bhféadfadh? Níl Shenkman ag leagan as ach an oiread.

2) Tráthúil go leor, tá leabhar nua dá chuid ar an margadh anois. Féach ar an teideal atá uirthi seo: Political Animals – How our Stone Age Brain Gets in the Way of Smart Politics. Tarraingítear Donald Trump agus an tacaíocht atá aige sna pobalbhreitheanna anuas sa leabhar seo, é sin agus an dul amú a bhíonn ar an bpobal sa gcaoi a gcaitheann siad a gcuid vótaí. Mar shampla amháin, luaitear go bhféadfadh sé go gcuirfeadh bua ag an bhfoireann spóirt a dtugann duine tacaíocht di an té sin i dtreo páirtí nó polaiteoir áirithe, dá mbeadh lá na vótála ag teacht gar. Sa gcás sin, is mó de bhuntáiste a bheadh ag an bpolaiteoir a bheadh istigh cheana féin, a deir Shenkman. An chiall atá leis – más ciall é – ná go mbeadh an vótálaí sásta ina intinn tar éis don fhoireann spóirt a bheith buacach agus, dá réir sin, gur mhaith leis an saol agus an pholaitíocht a fhágáil mar atá siad. Chaithfeadh sé a vóta don té atá i réim cheana.

3) Tá muid slán sa tír seo nó go gcloisfidh Shenkman go bhfuil lorg na bpáirtithe polaitiúla greanta ar an DNA anseo. Go traidisiúnta, théadh teaghlaigh áirithe le Fianna Fáil agus teaghlaigh eile le Fine Gael. Ar ndóigh, bheadh corrdhuine  ann a thabharfadh vóta don Lucht Oibre ach ní fhéadfaí breithiúnas a fháil ar an intinn a bheadh ag duine mar sin.
Dá gcloisfeadh Shenkman faoin múnla a bhí in Éirinn ar feadh na nglúnta, deamhain a fhios cén teideal nó branda a chuirfeadh sé orainn. Ach, ar ndóigh, ach an oiread le go leor daoine eile mar é, tá dul amú ar Shenkman agus tá fianaise eolaíoch ar fáil a thaispeánann é sin.

4) Ba é an tOllamh Kevin Smith, atá i gceannas ar an rannóg Eolaíochta Polaitiúla in Ollscoil Nebraska, a chuaigh go bun an údair. ‘Tagann an bunleagan amach atá ag duine ar an bpolaitíocht ón gcroí agus ní as staidéar ar na hábhair éagsúla a bhaineann le toghcháin,’ arsa Smith. ‘Taispeánann torthaí taighde atá déanta againn go bhfuil an bundearcadh polaitiúil atá ag daoine daingnithe go domhain san inchinn agus go bhfuil nádúr bitheolaíoch leis.’ Cén chaoi, a deir tú, a bhfaighfí amach é sin?
Tá taighde á dhéanamh ag Smith agus a fhoireann ar na ceisteanna seo i saotharlann in Ollscoil Nebraska. Cuirtear tástálacha éagsúla ar an gcloigeann agus déantar tomhais ar an gcaoi a dtéann fuaimeanna, radhairc agus mar sin i gcionn ar inchinn an duine. Mar shampla, má chloiseann duine fuaim ghunna, is cosúil go mbaineann sé níos mó de léim as an duine den eite dheas ná as an duine den eite chlé. D’fhágfadh sé seo, de réir na saineolaithe, gur dóigh go mbeadh an té a gcuirfeadh fuaim an ghunna imní air ag iarraidh dlí níos géire agus cosaint níos láidre don phobal ó choirpigh. Tá eireaball ar an taighde freisin, de réir na saineolaithe céanna: cé go gcreidtear gurb iad lucht na heite clé an dream is mó a bhfuil daonnacht ag baint leo, is é is dóigh ná gurb é a mhalairt atá fíor. Bíonn, de réir cuid den bhrí atá á baint as an taighde seo, dream na heite deise ag iarraidh cosaint a thabhairt do dhaoine ach d’fhéadfadh lucht na heite clé a bheith níos tógtha leis na hargóintí agus leis an bhfealsúnacht a bhaineann le cúrsaí an tsaoil.

5) Ní i Nebraska amháin atá an staidéar seo ar bhunstruchtúr na hinchinne agus an pholaitíocht ar bun. Mar shampla, tá sé ráite ag Eve La Plante, saineolaí ar an ngalar titimis, go bhfuil difríocht shoiléir tugtha faoi deara idir inchinn daoine liobrálacha agus coimeádacha. Tá sé sin bunaithe ar thástálacha fisiceacha ar an inchinn. Tá an obair seo déanta in Ollscoil Nua Eabhrac agus i UCLA i gCalifornia. Go deimhin, tá sé ráite go bhféadfadh 50% de bhundearcadh polaitíochta an duine a bheith múnlaithe a thúisce is a thagann sé ar an saol.
Anois, cá bhfuil Robert Shenkman agus a chuid teoiricí? Lena chois sin, tuige arbh éigean na milliúin a chaitheamh ar thaighde i Meiriceá agus léim a bhaint as lucht na heite clé le hurchair gunnaí le tuiscint cheart a fháil ar ghéineolaíocht na polaitíochta? Bhí an t-eolas seo uile ag na polaiteoirí críonna amuigh faoin tuath in Éirinn – leithéidí Niall Uí Bhléine a sheasfadh ar chnocán i dTír Chonaill agus a thaispeánfadh duit tithe lucht Fhianna Fáil ar feadh na mílte mórthimpeall.


 

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

1) Cén fáth a dtugann daoine vóta do pholaiteoir amháin seachas polaiteoir eile? (alt 1)

2) Cén chaoi nár leag Rick Shenkman fiacail ann? (alt 1)

3) Cén bhaint atá ag spórt leis an vótáil? (alt 2)

4) Céard a tharlaíodh go traidisiúnta? (alt 3)

5) Cad deirtear faoin duine a chaitheadh vóta don Lucht Oibre? (alt 3)

6) Cé hé Kevin Smith? (alt 4)

7) Céard a thaispeánann na torthaí taighde? (alt 4)

8) Cad deir Eve La Plante? (alt 5)

9) Cá bhfuil an obair/taighde seo idir lámha? (alt 5)

10) Cad deirtear faoi Niall Ó Bhléine? (alt 5)


Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.
  • Aimsigh sampla do bhriathar san aimsir ghnáthchaite in alt 3.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 4.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 1.
  • Sracfhéachaint ar inscne an ainmfhocail:
    • Tá an (aerfort) dubh le daoine.
    • Cuirfidh an (báisteach) as don chluiche amárach.
    • Bhí an (sráid) an-salach tar éis na féile.
    • Níor chuala siad an (fógra) ar maidin.
    • Brisfidh siad an (gloine) mura mbíonn siad cúramach.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

An bhfuil aithne agat ar éinne atá ag rith san olltoghchán?

Céard atá cloiste agat faoin toghchán?

Cad iad na hábhair atá ag dó na geirbe ag na vótóirí, meas tú?

Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.

Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.

Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair tuairimí, déan cur síos, déan cáineadh, glac taobh, déan éileamh.

Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 09 – Just How Stupid Are We? Tuige a dtugann muid vótaí do dhaoine thar a chéile? (Cartlann 2016)'