Leagan Gaeilge de Saorview á chur ar fáil ag RTÉ

Tá sé i gceist go mbeadh an rogha feasta ag daoine treoracha agus córas idirghníomhach Saorview ar fad a fháil i nGaeilge

Leagan Gaeilge de Saorview á chur ar fáil ag RTÉ

Tá RTÉ chun leagan Gaeilge de Saorview, an tseirbhís náisiúnta  teilifís dhigiteach trastíre, a chur ar fáil go luath.

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, gur “céim mhór” ó thaobh “normalú na teanga” a bheas sa leagan Gaeilge den tseirbhís Saorview.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Mac Con Iomaire go bhfuil “go leor oibre” déanta cheana féin ag RTÉ “ó thaobh na teicneolaíochta agus an aistriúcháin de” agus go bhfuil siad ag súil go mbeidh an leagan Gaeilge de Saorview “éasca agus iomasach ó thaobh úsáide de”.

Tá sé i gceist go mbeadh an rogha feasta ag daoine treoracha agus córas idirghníomhach Saorview ar fad a fháil i nGaeilge.

“Anois, is cuma céard ar a bhfuil tú ag féachaint, beidh tú in ann teacht air i nGaeilge agus beidh an idirghníomhaíocht sin idir tú féin agus an teilifís trí Ghaeilge,” a dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ.

Dúirt Mac Con Iomaire go bhfuil súil ag RTÉ go mbeidh an leagan Gaeilge den tseirbhís Saorview, atá á chruthú i gcomhpháirt leis an gcomhlacht Freeview sa Bhreatain, réidh le seoladh “as seo go ceann cúpla mí eile”.

Is forbairt í seo atá i measc na ngealltanas éagsúla a tugadh faoi chúrsaí craoltóireachta agus teicneolaíochta i bPlean Gníomhaíochta na Gaeilge 2018-2022, a seoladh an tseachtain seo caite.

Gealltar chomh maith i bplean nua an Rialtais don Ghaeilge go mbeidh aip dhigiteach Ghaeilge á forbairt ag RTÉ do dhaoine óga.

Tá moill ar an togra seo toisc athruithe a bheith déanta i rannóg na n-óg in RTÉ. 

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge de Saorview á chur ar fáil ag RTÉ'