Tá leabhráin agus póstaeir nua le heisiúint ina leagfar amach téarmaí agus leaganacha cainte Gaeilge a bhaineann le cúrsaí peile agus iomána.
Tá an leagan Connachtach den leabhrán, Peil na Gaeltachta, agus na ceithre phóstaer ar fáil cheana féin leis an téarmaíocht agus na nathanna cainte atá “i gcaint na ndaoine” i gConnachta.
Léirítear sa leabhrán agus sna póstaeir an teanga a úsáidtear le linn na himeartha – treoracha imeartha, téarmaí a bhaineann le bunscileanna peile, le moladh agus le spreagadh.
Is é an tionscadal trasGhaeltachta Breacadh a chuir na háiseanna nua ar fáil agus deirtear gurb é sprioc an leabhráin agus na bpóstaer ná “téarmaíocht shainiúil agus treoir chruinn a chur ar fáil ar féidir le himreoirí, réiteoirí, lucht tacaíochta agus traenálaithe a úsáid”.
Deirtear gur “áis don saibhriú teanga” a bheidh sa tsraith freisin agus áis “a chuirfeas le feasacht na litearthachta sna ceantair Ghaeltachta”.
Chomh maith leis na leabhráin agus na póstaeir, tá taifeadtaí de na leaganacha cainte uilig curtha ar fáil ar shuíomh Breacadh.
Tá sé i gceist leaganacha de na háiseanna seo a chur ar fáil i gcanúintí Uladh agus na Mumhan freisin agus táthar ag súil go mbeidh an obair sin curtha i gcrích gan mhoill.
Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig eolas@breacadh.ie chun na póstaeir seo agus cóip den leabhrán a fháil.
Fág freagra ar 'Leabhrán agus póstaeir le téarmaíocht CLG i nGaeilge'