Níl éalú ar irisí. Agus Foras na Gaeilge i mbun athbhreithnithe ar chúrsaí irise, tharla gur tháinig mé ar chúpla eagrán de sheaniris (nach maireann) ar an tseilf. (Cad chuige ar cheart irisí a chur i gcló? Mar gur féidir leat iad a choinneáil slán sábháilte ar an tseilf!)
Níl agam ach dhá eagrán den iris, LASAIR, eagrán a dó agus eagrán a trí. Ba sa bhliain 1981 a foilsíodh eagrán a dó agus sa bhliain 1983 a foilsíodh eagrán a trí. Beirt mhóra atá ag plé le réimse na litríochta le fada, Pádraig Ó Snodaigh agus Tomás Mac Síomóin, a bhí ina n-eagarthóirí.
D’aithneofá mórán de na daoine a scríobh don iris fosta. Seo chugainn Liam Mac Cóil, úrscéalaí, ag scríobh ar Gyorgy Lukács; Caoilfhionn Nic Pháidín, foilsitheoir, ar Cré na Cille; Gearóid Denvir, scoláire, ar chúrsaí litríochta; Liam Mac Mathúna, úrscéalaí, ar ról an scríbhneora; Máire Nic Mhaoláin, aistritheoir, ar chúrsaí staire i gCúige Uladh agus Máire Nic Ghiolla Phádraig, scoláire eile, ar chúrsaí sóisialta agus daonra.
(Nach maith mar a d’aithin na heagarthóirí a gcumas? 40 bliain ag fás!)
‘Taighde agus machnamh’ atá mar fhotheideal ar an iris agus ní bréag a rá go dtabharfadh na haistí ábhar machnaimh duit go dtí an lá inniu féin. Agus cuid na Gaeilge sa chóras oideachais sa Phoblacht faoi scrúdú arís, seo cúpla líne le Liam Mac Mathúna: ‘Is rómhaith is eol dúinn go bhfuil an bonn á bhaint ó dhóchas na hathbheochana inár gcuid scoileanna, mar ar leor an leathiarracht gan rath i gcás mhúineadh na Gaeilge, mar a gcothaíonn an córas an teip…’
In 1983 a scríobhadh sin. 1983!
Ach fágaimis cúrsaí oideachais i leataobh agus amharcaimis ar chúrsaí iriseoireachta. Tá litir ó Roinn na Gaeltachta i gcló ar eagrán a dó den iris. Chuig Pádraig Ó Snodaigh an litir:
‘A chara, maidir leis an iarratas a rinne tú ar chabhair i leith an fhoilseacháin LASAIR tá orm a chur in iúl duit gur ábhar léitheoireachta do ghnáthphobal na Gaeilge a thuilleann cúnamh na Roinne seo agus nach mbeifí sásta teacht i gcabhair ar fhoilseachán úr Gaeilge mura léir go bhfuil gá ar leith leis. Meastar go bhféadfaí freastal ar an ábhar a bheadh le foilsiú i LASAIR trí irisí Gaeilge atá ag fáil cabhrach cheana ón Roinn e.g. COMHAR nó FEASTA.
‘Más dóigh leat nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh ar léitheoirí áirithe b’fhiú duit, b’fhéidir an scéal a phlé leis an eagarthóir ar cheann de na foilseacháin atá ann cheana féin féachaint an bhféadfaí an scéal a leigheas.’
Meitheamh 1981 an dáta atá ar an litir sin.
Taobh leis an eagarfhocal a cuireadh an litir sin i gcló agus is spéisiúil an t-eagarfhocal é. Scríobhann na heagarthóirí:
‘Cuireadh fáilte nach beag roimh chéad eagrán na hirise, rud a thug an-ugach dúinn féin go pearsanta agus do scríbhneoirí eile a bhí i dteangmháil linn ó shoin. An díolaíocht féin, cuirim i gcás! Chuir muid 500 cóip i gcló agus níl fanta againn faoin am seo ach dornán beag den slám seo. Agus é sin uilig ainneoin go mba ‘mhíghairmiúlaigh’ amach is amach muid i mbun dáilithe!’
Oiread agus pictiúr ná grianghraf, níl le feiceáil sa dá eagrán den iris atá agam. Téacs ó thús deireadh atá ann agus, mura bhfuil dul amú ar fad orm, cuireadh an iris le chéile ar an tseandóigh thraidisiúnta. Tháinig an t-ábhar fríd an phost i litreacha. Ar dhuine inteacht a thit an cúram an t-ábhar a chlóscríobh agus a ullmhú do lucht clódóireachta agus chaith lucht na hirise neart ama ag ceartú profaí le peann dearg. Níl rian ríomhaire ar an obair ach tá allas eagarthóra le sonrú san uile líne den iris.
Ní hann don iris níos mó ach níor múchadh an lasair ar fad nó ní mhúchtar an rud a chuirtear i gcló in am ar bith. Maireann an solas ar an tseilf i dtólamh. Níor múchadh an lasair mar go bhfuil ábhar anseo a thabharfadh ábhar machnaimh duit go fóill. Níor múchadh an lasair mar gur thug sí deis do scríbhneoirí óga (an t-am sin!) a machnamh a dhéanamh agus a gcuid smaointe a chur os comhair phobal a linne. Níor múchadh an lasair mar gur cheannaigh beagnach 500 duine cóip di, léigh siad í agus bhronn an foilseachán solas an bhealaigh orthu ar a n-aistear achrannach teanga féin. Éacht a bhí ann agus éacht atá ann an méid sin léitheoirí féin a mhealladh.
Seo muid ag caint ar irisí arís sa bhliain 2019; ag dul siar ar iomaire a treabhadh go minic cheana féin; ag dhéanamh oibre a rinneadh cheana féin; ag léamh na bhfocal a scríobhadh cheana féin: ‘Maidir leis an iarratas a rinne tú ar chabhair…’
Ní briseadh croí agus scoilteadh anama go hirisí Gaeilge ach fan! B’fhéidir nár mhiste críoch a chur le cúpla focal eile as an eagarfhocal sin:
‘Ach más i ndán do Lasair bheith ina mharbhghin, bíodh le rá feasta nach ‘gnáthphobal na Gaeilge’ ná na scríbhneoirí féin a loic uirthi, ach gurb í Roinn na Gaeltachta a sháigh an scian isteach nuair a bhí call le malairt ghnímh.’
Malairt ghnímh go díreach.
Fearghas MacFhionnlaigh
Tá teas san aibhleog fós. Mar shampla de phrós snasta agus de smaoineamh domhain na hirise Lasair, seo sliocht as aiste le Liam Mac Cóil (1981) ar thagair mé dó anuraidh i réamhra an leabhair ‘An Corrmhíol’ le Simon Ó Faoláin.
https://www.litriocht.com/táirge%20/an-corrmhiol/
Liam Mac Cóil a scríobh i ‘Lasair’ –
“Ba é an deacracht go bhfaca Lukács an dialachtaic i gcomhthéacs na staire agus an tsochaí amháin. Ní dlí nádúrtha a bhi ann. […] Níor mhiste seo ar fad, b’fhéidir, mar fhormhéadú ar an ráiteas eile sin de chuid Marx ar thug Lukács “réamhleagan an ábharachais dialachtaigh” air, mar atá, “Ní hé comhfhios an duine a chinntíonn a eiseadh ach eiseadh sóisialta an duine a chinntíonn a chomhfhios,” ach ní go romhaith a réitigh dialachtaic seo Lukács le leagan amach Engels, mar shampla, a chonaic an dialachtaic go hiomlán i dtéarmaí dlíthe nádúrtha. “Is é an nádúr,” a dúirt Engels “cruthú na dialachtaice.” Níorbh é seo tuairim Lukács. Ba é seo an fáth ar tháinig ‘An Stair agus an Comhfhios Aicmeach’ salach ar an mbunaíocht Chumannach ag an am. Bhí Lukács ag diúltú d’Engels agus, gan fhios dó féin, do Lenin chomh maith. Bhí sé tar éis baint faoin “ábharachas dialachtach” mar a tháinig sé anuas ó Engels, trí Phlekanov go Lenin agus tar éis an “dialachtaic ábharach” a chur ina áit. Mar a deir George Lichtheim ar a bhealach áibhéileach féin: “Nuair a shéan Lukács go raibh aon bhaint idir an Marxachas agus an eolaíocht nádúrtha, bhain sé an chloch choirneáil as an togáil Lenineach. Agus nuair a rinne sé athfhriotal ar ráiteas a sheanollaimh, Heinrich Rickert, a rá nach raibh san ábharachas ach platónachas droim ar ais bhí lámha salacha leagtha aige ar Áirc an Chonartha féin.” (Gyorgy Lukács – An Criticeoir Marxach, Liam Mac Cóil, Lasair, Uimh. 2, 1981, leath. 6)
Colin Ryan
Sampla maith an sliocht thuas de rud atá in easnamh ar na hirisí Gaeilge le fada an lá: cíoradh a dhéanamh ar ábhar intleachtúil nach mbaineann le stair agus le saothrú na Gaeilge féin. Cá bhfuil na hailt ar fhealsúnacht, ar eolaíocht, ar chúrsaí móra an tsaoil? Tríd is tríd, ní dhéanann aos intleachta na Gaeilge ach iad féin a ghoradh cois a dtine féin.