Laoch, ní truán, a theastaíonn ón scéal ficseanúil…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ní leor truán a dhéanamh de charachtar ficseanúil le go mbeadh comhbhá ag an léitheoir leis nó léi

Laoch, ní truán, a theastaíonn ón scéal ficseanúil…

‘Is é an rud faoi Dhia, a shíl sí, ná go dtagann Sé i gcabhair ort dáiríre de ghnáth – ach ní go dtí go ndéanfaidh tú iarracht éigin de do chuid féin,’ a scríobhann an t-údar Sualainnise ón bhFionlainn, Tove Jansson, i gceann de na leabhair is ansa liom, The Summer Book.

Pé rud faoi Dhia, is cinnte go mbímse ag súil leis, mar léitheoir, go ndéanfaidh carachtair fhicseanúla iarrachtaí dá gcuid féin na dúshláin a bhíonn rompu a réiteach.

An tseachtain seo, bhí cás fíorspéisiúil – ó thaobh na síceolaíochta agus ó thaobh na scríbhneoireachta de – sa cholún a chuireann mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, ar fáil d’iris mhór-ráchairte do mhná san Ísiltír agus a ndéanaimse eagarthóireacht air. Bunaithe ar chásanna as a chleachtas teiripe chaidrimh a bhíonn an colún sin; ficseanú déanta ar na daoine a bhíonn faoi chaibidil d’fhonn a bpríobháideachas a chosaint.

In eagrán na seachtaine seo, mhothaigh bean sna tríochaidí luatha go raibh imeallú á dhéanamh uirthi ina teaghlach féin. Bean a bhí inti, a mhínigh sí, nach raibh mórán féinmhuiníne aici riamh. Bhí fear céile agus beirt mhac óg aici ach de réir a chéile bhí tógáil na clainne fágtha go huile is go hiomlán faoina fear céile aici toisc gur mhothaigh sí nach raibh an cumas, ná an t-údarás, aici féin.

Ar ndóigh ba i ndonas a chuaigh cúrsaí: cruthaíodh dinimic den chineál ‘rachaidh muidne fir amach chuig an bpáirc spraoi le chéile agus fágfaimid bhur mam sa bhaile léi féin, níl an bhean bhocht go maith faoi láthair’ agus roimh i bhfad mhothaigh an bhean gur dhíbeartach í ina teach féin, an chuid eile den chlann á seachaint.

An rud a bhí spéisiúil ó thaobh na síceolaíochta de ná nach raibh an locht faoin gcruachás sin ar éinne, dáiríre. Ní raibh ann ach gur thuig an fear go raibh a bhean ag dul trí thréimhse dheacair ina saol agus gur léim sé isteach sa bhearna baoil. Ach ar an gcaoi sin, dá ainneoin féin, bhí sé ag déanamh cúrsaí níos measa, ag ídiú pé féinmhuinín a bhí fágtha ag a bhean.

An rud a bhí spéisiúil ó thaobh na scríbhneoireachta de, áfach, ná nár mhothaigh mise, mar léitheoir, oiread agus unsa comhbhá leis an mbean. Meatachán a bhí inti, bean a lig do rudaí tarlú di seachas dul i ngleic le dúshláin an tsaoil; bean nach raibh tréith phearsantachta ar bith bronnta ag mo chara an scríbhneoir agus an síceolaí uirthi ach amháin an easpa féinmhuiníne.

Bhí sé ag cinnt orm a thuiscint, fiú amháin, cén fáth a dtitfeadh fear i ngrá lena leithéid de bhean an chéad lá riamh. ‘Tá sé uilig tuillte agat,’ a shíl mé nuair a bhí deireadh an cholúin bainte amach agam – agus bhí faitíos orm go mbeadh go leor léitheoirí de chuid na hirise ar aon intinn liom. Mhol mé do mo chara carachtar na mná a fhorbairt tuilleadh.

Ní leor truán a dhéanamh de charachtar ficseanúil le go mbeadh comhbhá ag an léitheoir leis nó léi; go deimhin ní trua ach tarcaisne a chothódh carachtar mar sin. Cinnte, bíonn dáimh nádúrtha ag an léitheoir leis an té a bhíos thíos – ach le go meallfaidh underdog an léitheoir dáiríre, ní mór dó nó di iarracht dá c(h)uid féin a dhéanamh an lámh in uachtar a fháil arís.

Fág freagra ar 'Laoch, ní truán, a theastaíonn ón scéal ficseanúil…'

  • Fearn

    B’fhéidir nach mbaineann sé le hábhar, ach cuireann an t-alt seo i gcuimhne dom a luaigh Arastatail i dtaobh Tragóid, a tharlaíonn i gcroí an lucht féachana, nó an léitheora.
    Trí chuid atá riachtanach: Trua, Uafás agus Tuiscint. Trua, ina éagmuis níl ann ach maoithneachas; Uafás, an t-eachtra fhéin; agus Tuiscint an léitheora ar an eachtra agus a chinniúint mar phriosúnach ar an gclár saolta seo!!

    A leithéid de fháisceadh croí!!

    Beir bua a Alex.