LÁITHREACH BONN 24: Is tús fiúntach é Comhaontú Glas an Aontais Eorpaigh, ach tá a cearta féin ag an Mháthairchruinne

Tionscnamh cuimsitheach trasearnála atá sa Chomhaontú a bhfuil sé de sprioc aige an chéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan a dhéanamh den Eoraip faoi 2050

LÁITHREACH BONN 24: Is tús fiúntach é Comhaontú Glas an Aontais Eorpaigh, ach tá a cearta féin ag an Mháthairchruinne

Baile beag gleoite sa Chatalóin is ea Siurana de Prades, é suite ar bharr aillte dúdhearga i lár caschoillte uaine, agus taiscumar mór fairsing thíos faoina bhun. Shocraigh mé féin agus mo mhuirnín cuairt a thabhairt ar an áit i mí na Bealtaine anuraidh, muid ag dúil le faoiseamh an dúlra agus le húire an uisce i mbrothall meirbh thús an tsamhraidh.

De réir íomhánna agus léarscáileanna Google is loch-chuach lánmhar atá sa Pantà de Siurana, é cúpla ciliméadar ar fad ar a laghad. Nuair a bhain muid an áit amach áfach ní raibh romhainn ach lochán éadomhain tanaí, é timpeallaithe ag bruacha bána a chuirfeadh cnámha tirime i gcuimhne duit. Nach orainne a bhí an díomá. Dúirt muintir na háite linn gur ag deireadh an tséasúir a thiteadh an taiscumar chomh híseal sin de ghnáth ach, le blianta beaga anuas, go raibh sé ag dul i ndísc go luath sa samhradh. Díomá agus imní.

Más díomá agus imní a bhí orainne, is uafás agus éadóchas, briseadh croí agus briseadh póca atá ar na milliúin eile thuaidh, theas, thoir, agus thiar atá ag iarraidh déileáil leis an athrú chun donais atá ag teacht ar aeráid ár bpláinéid agus leis an dochar as cuimse atá á dhéanamh dá saol – agus do shaol gach ní bheo – dá dheasca.

Níorbh aon ionadh le duine ar bith go raibh 2023 ar an bhliain ba theo ar domhan ó tosaíodh ar thaifid a choinneáil breis agus 170 bliain ó shin. Is fíric shuntasach inti féin í sin ach tá tuilleadh sonraí fógartha anois ag eolaithe ón eagras anailíse teochta Berkeley Earth: is é sin go raibh an bhliain seo caite 1.54C ní ba theo ná na leibhéil a bhí ann roimh an Réabhlóid Thionsclaíoch.

Ar ndóigh tá an figiúr sin níos airde ná an uasteorainn 1.5C lenar aontaigh 195 tír i gComhaontú Pháras agus lenar gá dúinn cloí má tá muid chun srian a chur leis an tsraith leanúnach d’éifeachtaí tubaisteacha an athraithe aeráide.

Ní dea-theist é ar na hiarrachtaí atá déanta go dtí seo ag rialtais an domhain aghaidh a thabhairt ar an ghéarchéim aeráide. Ní dea-thuar é ach oiread don am atá le teacht, ach ionas nach dtitfidh muid isteach i bpoll dubh na patuaire, is gá a chreidbheáil nach bhfuil sé rómhall go fóill ár mbéasa a athrú agus tionchar díobhálach an ardaithe teasa a mhaolú.

Sin an dóchas atá ag ceannairí an Aontais Eorpaigh, is cosúil, agus iad ar a ndícheall an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i bhfeidhm ina iomláine chomh gasta agus is féidir. Tionscnamh cuimsitheach trasearnála atá sa Chomhaontú a bhfuil sé de sprioc aige an chéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan a dhéanamh den Eoraip faoi 2050.

Chun an aidhm uaillmhianach sin a bhaint amach tá réimse leathan de scéimeanna agus de bhearta comhshaoil, fuinnimh, iompair agus sóisialta leagtha amach ag an Aontas do na blianta atá romhainn: laghdú 55% a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030; úsáid an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú go dtí 42% den soláthar iomlán; éiceachórais dhíghrádaithe a athshlánú; 3 bhilliún crann a chur; córas bia an Aontais a bhogadh i dtreo múnla inbhuanaithe; foirgnimh a athchóiriú; €86 bhilliún a chur ar fáil chun cuidiú le hoibrithe agus le gnólachtaí ullmhú don aistriú glas.

Tá an tAontas le moladh (is mór an trua nach féidir an frása céanna sin a úsáid maidir le gníomhartha an bhloic i leith Gaza agus Iosrael le ceithre mhí anuas) as príomhthosaíocht a dhéanamh den Chomhaontú Glas agus as na polasaithe thuas, agus tuilleadh eile nach iad, a leabú in obair an Aontais trí chéile.

Ní hionann fís a fhógairt agus fís a fhíorú áfach, agus tá constaicí sa chosán.

Tá buairt ann faoin dóigh a rachaidh an t-aistriú glas atá beartaithe i bhfeidhm ar an gheilleagar, go háirithe i dtíortha atá an-spleách ar bhreoslaí iontaise. I mí na Nollag d’éirigh le hearnáil gluaisteán na hEorpa an bonn a bhaint de rialacha nua a chuirfeadh srianta ní ba dhéine le hastaíochtaí inneall agus tá na feachtasóirí in aghaidh gnéithe den Chomhaontú ag éirí níos glóraí ar fud na mBallstát, ó fheirmeoirí míshásta na hÍsiltíre go hairí míshocra na hUngáire.

Agus, mar a scríobh Alan Titley anseo ar na mallaibh, ní dócha gur teachtaireacht níos tréine ar son na timpeallachta a bheidh le cluinstin ó Pharlaimint na hEorpa i ndiaidh na dtoghchán i mí an Mheithimh ach oiread.

Cur agus cúiteamh, siar is aniar, anonn is anall – sin cuid de na tréithe is mó a bhainfidh leis an Chomhaontú Glas go ceann tamaill eile ar an drochuair, agus éiceachórais na cruinne ag streachailt i rith an ama.

Más maith ann é mar Chomhaontú, tchítear domh gur athrú níos bunúsaí ar mheon agus ar anam an chine dhaonna atá de dhíth le go mbeidh muid in ann an caidreamh atá againn leis an domhan a chur ina cheart agus saol gach neach atá ina gcónaí anseo a fheabhsú.

Mar a tharlaíonn sé, tá sampla den athrú ó bhonn sin le fáil in Éirinn sa mholadh atá déanta ag an Tionól Saoránach, agus atá anois á chur chun cinn ag Coiste Oireachtais, gur chóir do Rialtas na hÉireann reifreann a reáchtáil ar chearta an dúlra a chur san áireamh sa Bhunreacht.

Is é Eacuadór a thosaigh an cur chuige ar leith seo in 2008 agus reachtóirí na tíre á stiúradh ag Sumac Kawsay: fealsúnacht atá fréamhaithe i gcruinneshamhail na gCeatsuach bundúchasach a deir gur cheart saol cothrom pobalaíoch a chaitheamh atá ag teacht go hiomlán leis an dúlra. Is dearcadh é a chuireann in iúl nach rudaí iad coillte, portaigh, uiscebhealaí ná an t-aer féin a bhfuil sé de cheart ag an duine daonna dúshaothrú a dhéanamh orthu ach gur éiceachórais bheo iontu féin iad a bhfuil cearta chun na beatha dlite dóibh.

Dá mbeadh an ceart ag an tSionainn sruthú léi gan truailliú, cuir i gcás, nó ag ár gcrainn dúchais a bheith beo saor ó lotnaidicídí nimhiúla, agus dá mbeadh na cearta sin ceangailteach ó thaobh dlí, is mór an difear dearfach a dhéanfadh sé do shláinte an chomhshaoil agus dár sláinte féin lena chois. Chuideodh sé go mór le hiarmhairtí an athraithe aeráide a mhaolú chomh maith.

Is í an Mháthairchruinne seo an t-aon bhaile atá againn agus tá idir mheas agus chosaint tuillte ag gach cuid di agus ag gach pobal – daonna agus neamhdhaonna araon – a chónaíonn uirthi. Tá an caighdeán saoil atá againne mar dhaoine go hiomlán fite fuaite le caighdeán saoil an phláinéid féin agus le folláine na n-éiceachóras beatha uile a bhfuil muid nasctha go dlúth leo.

Go dtí go dtéann an teachtaireacht sin go croí ionainn, go dtí go dtuigeann muid gur cuid de chomhaltas comhcheangailte na cruinne sinn agus go dtí go mothaíonn muid é inár mbolg istigh, beidh teorainn i gcónaí leis an mhéid is féidir linn a bhaint amach le comhaontuithe polaitiúla, dá fheabhas iad.

Ar ais in Siurana an oíche sin, shuigh muid taobh amuigh faoi sholas spéirghealaí, na réaltaí ag lonrú i bhfad i gcéin os ár gcionn. Go tobann shéid leoithne láidir fríd an bhaile, an cineál gaoithe a thugann le fios go bhfuil cith fearthainne ar an bhealach. Dhorchaigh an spéir chun báistí – borrasca borb aniar aduaidh chugainn – agus rith muid isteach sular thit na braonta beathúla. Nod beag ó na dúile lena chur i gcuimhne dúinn nach ag titim atá an tobar ná an taiscumar fós.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN 24: Is tús fiúntach é Comhaontú Glas an Aontais Eorpaigh, ach tá a cearta féin ag an Mháthairchruinne'