Laghdú ar dheontais do thionscnaimh phobail sna ceantair láidre Gaeltachta á mheas

Go traidisiúnta, d’fhaightí an deontas ab airde – chomh hard le 80% den chostas forbartha – i gceantair láidre Gaeltachta ina bhfuil an céatadán is mó de chainteoirí laethúla Gaeilge iontu

Laghdú ar dheontais do thionscnaimh phobail sna ceantair láidre Gaeltachta á mheas

D’fhéadfadh sé go laghdódh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta na deontais do thionscnaimh phobail sna ceantair is láidre Gaeilge an bhliain seo chugainn.  Go traidisiúnta, d’fhaightí an deontas ab airde – chomh hard le 80% den chostas forbartha – i gceantair láidre Gaeltachta ina bhfuil an céatadán is mó de chainteoirí laethúla Gaeilge iontu. 

Ach tuigtear go bhfuil daoine ann anois i gcodanna áirithe den Roinn a bheadh i bhfabhar tacaíocht níos láidre ná mar a bhíodh a a thabhairt do cheantair nach bhfuil chomh láidir sin maidir le labhairt na teanga sa phobal.

Go hiondúil, is do ghrúpaí a bhíodh ag forbairt hallaí pobail, páirceanna imeartha agus áiseanna eile pobail a thugtaí na deontais sa réimse seo.  Tugtar cabhair freisin, amanta, le céibheanna agus a leithéid sin d’áiseanna. 

Is cosúil gurb é atá i gceist acu siúd atá i bhfabhar an athraithe ná go n-ardófaí an céatadán deontais a thabharfaí do cheantair laga Gaeltachta atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh na teanga de.  Níl a fhios fós cén chaoi a ndéanfaí an forás sin a thomhas, ach toradh amháin a d’fhéadfadh a bheith ar an ‘gcothromú’ seo go dtiocfadh laghdú ar sciar an mhaoinithe do thionscnaimh sna ceantair is láidre labhairt na teanga. 

Socrú conspóideach a bheadh ann dá dtarlódh a leithéid d’athrú.  Thugtaí na céatadáin ab airde do na ceantair láidre i gcomhréir le stádas na teanga a bhíodh iontu. Glacadh leis go raibh ciall leis ó thaobh chosaint agus chaomhnú na teanga go mbeifí ag tacú níos mó leis na háiteanna sin a choinnigh an Ghaeilge.

Tarlaíonn sé freisin go bhfuil cuid mhór de na ceantair is láidre Gaeltachta ar na ceantair is mó atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíochta agus sóisialta agus go bhfuil an daonra ag imeacht astu, de réir a chéile.

Tuigtear nach bhfuil socrú cinnte ar bith déanta faoi athrú a dhéanamh ar choibhneas na ndeontas a dháileann Roinn na Gaeltachta.

Tuigtear chomh maith go bhfuil dearcadh ag teacht chun cinn sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta freisin gur chóir go mbeadh ceangal chomh soiléir agus is féidir idir tionscnaimh agus caomhnú nó cur chun cinn na Gaeilge nuair a bhíonn dreamanna ag iarraidh deontas pobail.  Is iondúil go mbítí ag glacadh leis roimhe seo go mba chrann taca é don phobal Gaeltachta agus don Ghaeilge formhór na n-imeachtaí agus na n-iarrachtaí pobail sna ceantair láidre Gaeltachta.

Ar bhonn riaracháin de, is cosúil go bhfuil córas iarratais ‘ar líne’ ar cheann de na beartais atá á phleanáil go gairid dóibh siúd a bheidh ag cur isteach ar dheontais ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus go bhfuiltear meáite ar an gcóras sin a chur i bhfeidhm don Ghaeltacht in 2018.

Fág freagra ar 'Laghdú ar dheontais do thionscnaimh phobail sna ceantair láidre Gaeltachta á mheas'

  • Feargach

    Ní bheadh ciall ná réasún lena leithéid de mholadh! Ba cheart go mbeifí ag dul sa treo eile agus a bheith ag laghdú na ndeontas a thugtar do na ceantair laga Ghaeltachta agus an maoiniú sin a thabhairt do na ceantair is láidre – don phleanáil teanga mar shampla. An bhfuil aon fhianaise ann go gcabhraíonn na deontais a fhaigheann na ceantair laga le labhairt na Gaeilge sna ceantair sin? Ar ndóigh ba cheart tacú leis na hiarrachtaí atá bun an Ghaeilge a chur chun cinn ansin ach níor cheart go mbeadh na ceantair láidre thíos leis dá bharr! Léiriú eile ar mheon an Rialtais seo atá ag iarraidh meon na gcúpla focal a chur chin cinn agus atá ag tabhairt neamhaird ar fhíorphobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

  • Ruairí

    Na ceantracha is láidre ó thaobh na Gaeilge is iad is mó atá faoi míbhuntáiste maidir le dífhostaíocht, ioncam íseal, obair shealadach agus imirce. An bhrí atá le baint as an bpolasaí nua sin i measc maindairíní Roinn na Gaeltachta ná gur fearr leo go mbeadh an tairgead á infheistiú sna hiarGhaeltachtaí i mBaile Chláir, Béal an Mhuithéid srl. Ní mór dúinne sna ceantracha láidre Gaeltachta ar nós Ioras Aithneach agus Ceantair na nOileán eirí as a bheith ag Gaeilgeoireacht agus cigirí ón Roinn i láthair feasta.