Tuairisc ó Londain: Lá na cinniúna in olltoghchán na Breataine agus ‘Ajockalypse Now’ ag bagairt

Parlaimint gan tromlach á tuar agus an dá phríomhpháirtí gob ar ghob ach na Caomhaigh ag súil go mbeadh dotháin vótóirí ag iarraidh fanacht leis an té a bhfuil cleachta acu air seachas dul sa tseans le muc i mála, a deir ár gcomhfhreagraí i Londain

Westminster

‘Géarchéim bhunreachtúil’ atá lucht leanta na dTóraithe ag tabhairt ar a bhféadfadh titim amach tar éis olltoghchán an lae inniu. Má thagann an tuar fán tairngreacht, beidh an chéad rialtas mionlaigh sa Bhreatain le beagnach ceithre scór bliain anuas. Ach ainneoin feachtas fada binibeach le breis is mí anuas, is beag rian den toghchán atá le feiceáil anseo ar shráideanna na príomhcathrach. Níl postaer ar bith ar crochadh i gceartlár Londain agus an chuma ar an scéal go bhfuil an pobal beag beann ar thábhacht an toghcháin seo in ainneoin go bhféadfadh imeacht na Breataine ón Eoraip agus cliseadh an Aontais a bheith mar thoradh air. Go deimhin, ní bheadh barúil faoin spéir ag an strainséir a thiocfadh ar cuairt chun na cathrach go bhfuil olltoghchán ar siúl.

I gcead do Donald Runsfeld, tá dhá ‘known knowns’ ann in ainneoin na héiginnteachta: is iad sin go mbeidh parlaimint gan tromlach ann agus gur in Albain a bheas vóta na cinniúna.

Tá 41 suíochán ag an Lucht Oibre in Albain faoi láthair agus tá ceannasaíocht an pháirtí ag déanamh talamh slán de go gcaillfear ar a laghad 29 acu sin. Ach i ndáiríre, is beag duine sa pháirtí a shíleann go bhfuil seans fán spéir acu bunús an dosaen ceann eile a choinneáil. De thairbhe an tslada a dhéanfar ar Pháirtí an Lucht Oibre in Albain, ní bheidh a ndóthain suíochán ag an pháirtí le rialtas a bhunú astu fhéin gan tacaíocht ó pháirtithe eile.

Tá achan chosúlacht ar an scéal ag an bhomaite seo, mar sin, go mbeidh an líon is mó suíochán ag na Caomhaigh. Drochsheans, áfach, go mbeidh a ndóthain acu chun rialtas a chur le chéile, fiú le cuidiú ó na Daonlathaigh Liobrálacha agus an DUP. Má bhíonn cóir na gaoithe leo, thiocfadh go mbeadh scór suíochán sa bhreis acu ná mar a bheas ag an Lucht Oibre. Cé go bhfuil borradh beag faoin pháirtí le traidhfil laethanta anuas agus pobalbhreitheanna áirithe ag tuar go bhféadfadh go dtoghfaí tuairim is 280 dá bhfeisirí, fós féin beidh siad i bhfad faoin sprioc den 323 suíochán atá de dhíth chun móramh a bhaint amach.

Mar sin de, is é is dóichí ná a mhalairt gur rialtas mionlaigh de chuid an Lucht Oibre le tacaíocht ón SNP agus ó Phlaid Cymru nó ó na Glasaigh a bheas ann. É sin nó comhrialtas mionlaigh leis na Lib Dems. Cheana féin tá na Caomhaigh ag tabhairt le fios go mbeidh siad ag ceistiú bailíocht an rialtais úr de thairbhe gur sa darna háit a thiocfaidh an príomhpháirtí sa toghchán. Saoithiúil go leor, b’é an Caomhach ba chlúití ariamh, Winston Churchill, a chum an sean-nath smolchaite úd gurb iad na buaiteoirí a dhéanann beachtú ar an stair. Seans maith go ndéanfar mugadh magadh don teoiric úd ins an toghchán seo mar gur dócha gur leis an té a chaillfeas a bheas an svae sa rás an iarraidh seo. I ndeireadh na dála, áfach, tá rialacha na Parlaiminte ar eolas ag David Cameron agus ba gheall le coup reachtúil a bheadh in aon iarracht an bonn a bhaint ó rialtas mionlaigh de chuid an Lucht Oibre.

Fainic amháin, áfach, tá teacht aniar áirithe sna Caomhaigh agus iad ag díriú ag deireadh an fheachtais ar 23 toghcheantar ar leith a mheasann siad a thabharfas buntaiste dóibh. Ach ar ndóigh, tá sciar maith acu sin i seilbh a gcuid leathbhádóirí, na Liobrálaigh Dhaonlathacha, i láthair na huaire. Go deimhin, is ar shuíocháin a gcuid iar-chomhghleacaithe is mó a bhí iarrrachtaí na gCaomhach dírithe agus muid ag teannadh anseo ar lá na cinniúna. Tá moiminteam áirithe acu agus iad ag súil go n-éireoidh le David Cameron an beart céanna a dhéanamh is a rinne John Major sa bhliain 1992 nuair a d’éirigh go rábach leis ag an bhomaite deireanach.

Bhí parlaimint gan tromlach á tuar ag an am sin fosta ach maítear, nuair a tháinig an crú ar an tairne, go raibh drogall agus eagla fiú ar an phobal an geilleagar a chur i seilbh ceannaire de chuid na heite clé. Mar sin de, agus an dá phríomhpháirtí fós gob ar ghob, tá na Caomhaigh ag súil go mbeadh cuid mhaith den toghlach den tuairim gur cheart fanacht leis an té a bhfuil cleachta acu air seachas dul sa tseans le muc i mála. Tar éis an tsaoil, deir na pobalbhreitheanna nach bhfuil cinneadh déanta go fóill ag an cheathrú cuid den toghlach cén chaoi a mbeidh siad ag vótáil.

Tá na Caomhaigh ag súil fosta go n-éireoidh leo teacht i dtír ar an bhuairt atá ag go leor Sasanach faoin chumhacht a bheas ag an SNP ar an chéad rialtas eile – nó ‘Ajockalypse Now’ mar a bhaist Boris Johnson air. Ní haon aibhéil a rá go mbeidh cinniúint na dtoghcheantar imeallach ag brath ar an tionchar a bheas ag an bhuairt áirithe sin nuair a bheas siad siúd atá fós idir dhá chomhairle ag caitheamh a gcuid vótaí inniu. Ceist eile, áfach, ná cé chomh tábhachtach is a bheas moiminteam ins an olltoghchán seo ó tharla go leor vótaí poist a bheith caite cheana féin.

B’fhíor d’Iar-Uachtarán Mheiriceá, Lyndon B Johnson, a dúirt tráth nár mhiste don chleas polaitíochta a bheith go maith ag cuntas. Bígí ag súil mar sin ins na bomaití beaga tar éis 10pm anocht nuair a fhoilseofar torthaí na pobalbhreithe a dhéanfar díreach tar éis na vótála go mbeidh na saineolaithe staitisticí de dhíth chun na féidearthachtaí éagsula le haghaidh comhrialtais a scansáil mar is ceart. Óir ní bheidh ach oiread na fríde eatarthu i ndeireadh thiar thall.

* Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ / TG4 é Breandán Delap

Fág freagra ar 'Tuairisc ó Londain: Lá na cinniúna in olltoghchán na Breataine agus ‘Ajockalypse Now’ ag bagairt'