Lá eile ó Ghaoth Dobhair, briseadh croí do Mhicheál Breathnach agus dea-scéala do na Gaeil Óga

Casfar Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill ar a chéile arís Dé Domhnaigh seo chugainn; chaill Micheál Breathnach i gcluiche stairiúil i nGaillimh; agus bhí dea-scéala ag Na Gaeil Óga

Lá eile ó Ghaoth Dobhair, briseadh croí do Mhicheál Breathnach agus dea-scéala do na Gaeil Óga

Odhrán McFadden-Ferry (Gaoth Dobhair) agus Jeaic Mac Cealbhui (Naomh Conaill). Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Dún na nGall

Beidh lá eile ag teastáil sula mbeidh buaiteoir againn ar Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall 2019 i ndiaidh don chluiche ceannais idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill críochnaithe ar comhscór inné. Ní fhéadfaí na foirne a scaradh óna chéile i mBealach Féich agus chríochnaigh an cluiche a bhí lán le teannas 0-8 an taobh.

Ba iad Gaoth Dobhair rogha láidir na n-údar roimh an gcluiche agus bhí siad dhá phointe chun tosaigh gan ach sé nóiméad fágtha. Agus cluichí ceannais 2017 agus ’18 caillte acu áfach, ní raibh Naomh Conaill chun géilleadh agus d’aimsigh Eoghan McGettigan agus Ciarán Thompson pointí chun a chinntiú go mbeadh athimirt ag teastáil.

Chuir Gaoth Dobhair tús níos fearr leis an gcluiche agus bhí siad 0-2 in aghaidh 0-0 chun cinn tar éis seacht nóiméad. Tháinig Naomh Conaill ar ais sa choimhlint ina diaidh sin áfach. D’aimsigh Eoghan McGettigan cúpla pointe ó chiceanna saora chun iad a thabhairt ar ais ar comhscór agus faoin am gur tháinig deireadh leis an gcéad leath, bhí foireann na nGleanntach imithe chun tosaigh, 0-5 in aghaidh 0-4.

Mhéadaigh Naomh Conaill an bhearna sin ag tús an dara leath ach d’aimsigh Gaoth Dobhair ceithre phointe as a chéile – ceann an duine ó Éamonn Ó Colm, Niall Ó Frighil, Neil McGee agus Gavin Mac Giolla Bhríde – chun amacht a fháil ar chúrsaí arís leath bealaigh tríd an dara leath.

D’éirigh le Naomh Conaill teacht ar ais, áfach, agus casfar na foirne ar a chéile i bPáirc Mhic Cumhaill arís Dé Domhnaigh seo chugainn, an 27 Deireadh Fómhair.

Gaillimh

Matthew Tierney leis an gcic cinniúnach. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí briseadh croí i ndán do pheileadóirí Mhicheál Breathnach arís i gcluiche ceannais Chraobh idirmheánach Peile na Gaillimhe. Tar éis dóibh athimirt a chailliúint i gcluiche ceannais na bliana seo caite, sáraíodh na fir as Cois Fharraige arís in athimirt i mbliana.

Den chéad uair riamh i nGaillimh, bhí ciceanna éirice ag teastáil tar éis do Mhicheál Breathnach agus Uachtar Ard bheith ar comhscór ag deireadh an 60 nóiméad agus arís ag deireadh an ama bhreise. Ní raibh oiread na fríde idir na foirne ach, faoi dheireadh, ba é Matthew Tierney an laoch ag Uachtar Ard nuair a shlánaigh sé an cic éirice cinniúnach.

Bhí tionchar ollmhór ag Tierney ar an gcoimhlint. Is é a scóráil an cic saor ag deireadh an chéad chluiche a rinne cinnte de go mbeadh athimirt ag teastáil agus bhí sé i lár an aonaigh arís Dé Sathairn seo caite.

D’aimsigh Tierney cic saor in am cúitimh chun a chinntiú go mbeadh am breise ag teastáil. Bhí cuma na maitheasa ar Mhicheál Breathnach nuair a d’aimsigh Liam Mac Donnacha cúl dóibh sa dara leath d’am breise chun iad a chur chun tosaigh ach ba é Tierney arís a rinne gaisce d’Uachtar Ard nuair a shlánaigh sé cic saor 48m chun na foirne a chur ar comhscór arís agus an t-am breise caite.

Údar mór díomá a bheidh ann do Mhicheál Breathnach go bhfuil cluiche ceannais eile caillte acu ach murab ionann is anuraidh, tá ardú céime go dtí an príomhghrád bainte amach acu agus beidh siad ag imirt sa Chraobh Shinsir Peile in 2020.

Ní bheidh Naomh Anna, Leitir Móir, ag imirt sa chraobh shinsir áfach tar éis dóibh cluiche dícháilithe a chailleadh i gcoinne Chill Fhir Iarainn Dé Sathairn. Mar gur chaill siad cluiche eile roimhe sin, i gcoinne Bhearna, bhí bua ag teastáil ó fhir cheantar na nOileán ach, faraor, níor éirigh leo agus fuair Cill Fhir Iarainn an ceann is fearr orthu, 1-14 in aghaidh 2-9.

Chuir Naomh Anna tús iontach leis an gcluiche nuair a fuair Oisín Mac Donnacha cúl agus gan ach nóiméad go leith imeartha ach bhí an lámh in uachtar Cill Fhir Iarainn den chuid is mó.

D’aimsigh Micheál Ó Curraoin cúl do Naomh Anna ag deireadh na himeartha ach bhí a rás rite agus iad anois ag dul síos go dtí an grád idirmheánach den chéad uair le deich mbliana anuas.

Ciarraí

David Clifford. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Drochdheireadh seachtaine a bhí ann do Dhaingean Uí Chúis agus chlis ar an gcumann as Corca Dhuibhne i mbabhta ceathrú ceannais Chraobh Shinsir Peile Chiarraí. Fuair fir an Daingin an ceann is fearr ar Chiarraí Thoir i gcluiche leathcheannais na bliana seo caite ach bhí an freasúra céanna róláidir dóibh oíche Shathairn seo caite.

Farasbarr dhá phointe dhéag a bhí ag Ciarraí Thoir ag deireadh na himeartha, 1-23 in aghaidh 1-11. Bhí na deartháireacha Clifford, David agus Paudie, ar fheabhas do Chiarraí Thoir i bPáirc Aibhistín de Staic. D’aimsigh David Clifford 1-6.

Bhí Ciarraí Thoir seacht bpointe chun tosaigh ag leath ama, 1-10 in aghaidh 0-6, agus d’aimsigh siad sé phointe as a chéile luath sa dara leath chun foireann an Daingin a chur de dhroim seoil.

Áth Cliath

Na Gaeil Óga ag ceiliúradh. Pictiúr: Na Gaeil Óga, CLG/Twitter.com

Bhí lá stairiúil ag Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath inné agus craobh buaite ag foireann de chuid an chumainn den chéad uair riamh. Bhuaigh foireann camógaíochta Na nGael Óg Craobh Shóisir 4 an chontae nuair a fuair siad an ceann is fearr faighte acu ar Leamhcán, 9-11 in aghaidh 2-1.

D’éirigh go maith le foirne an chumainn lán-Ghaeilge i gcomórtais sraithe ó bunaíodh é in 2011 ach ba é bua an lae inné an chéad uair ar éirigh leo comórtas craoibhe a bhuachan.

Fág freagra ar 'Lá eile ó Ghaoth Dobhair, briseadh croí do Mhicheál Breathnach agus dea-scéala do na Gaeil Óga'

  • Ciarán Ó Fátharta

    Ciceanna éirice mar chríoch ar chomórtas chomh mór le cluiche ceannais idirmheánach peile na Gaillimhe, Dia is Muire linn.
    Masla ceart do na peileadoirí, lucht bainistíochta, agus a lucht tacaíochta, a thug a gcroí is gach ní le mórtas is brod as na ceantair ar fad ar as dhoibh.But chóir an triú cluiche a bheith idir an dá fhoirean bhrea seo, Micheál Breathnach agus Uachtar Árd. Ciceanna Éirice le crioch a chuir le cluiche de chuid an CLG – dearg sheafóid- is doigh gur é an ” offside” an chead rud eile a bheas againn.