‘Lá éigin ní scéal mór a bheidh ann páiste Protastúnach as eastát dílseach a bheith á chur go dtí Gaelscoil’

Ag labhairt di i Seanad Éireann, dúirt stiúrthóir an Ionaid Turas in Oirthear Bhéal Feirste gur ‘uirlis athmhuintearais thar barr’ a bhí sa Ghaeilge

‘Lá éigin ní scéal mór a bheidh ann páiste Protastúnach as eastát dílseach a bheith á chur go dtí Gaelscoil’

Ag labhairt di i Seanad Éireann inné, dúirt Linda Ervine, an gníomhaí teanga aitheanta as Oirthear Bhéal Feirste, go dtiocfadh an lá nach aon scéal mór a bheadh ann páiste Protastúnach as eastát mór dílseach a bheith á chur ag a thuismitheoirí go dtí Gaelscoil.

Dúirt Ervine, ar tugadh cuireadh di labhairt sa Seanad do Sheachtain na Gaeilge, go raibh meon an phobail Phrotastúnaigh sa Tuaisceart i leith na Gaeilge ag athrú de réir a chéile.

Dúirt sí gur ghlaoigh bean Phrotastúnach as eastát dílseach uirthi an tseachtain seo chun insint di go bhfuil sí ag iarraidh a páiste a chur go dtí naíscoil Ghaeilge.

“Tá imní uirthi faoi cad a déarfaidh na comharsan. Thug a hiarpháirtí chun cúirte í mar gheall air seo agus bhí sí ag iarraidh ár gcuid tacaíochta agus gan amhras tabharfaimid an tacaíocht sin di.”

Bhí an bhean áirithe seo “ag seasamh an fhóid” ar mhaithe le cúrsaí a athrú, a dúirt Linda Ervine, stiúrthóir na gcúrsaí Gaeilge in ionad Turas in Oirthear Bhéal Feirste.

“Lá éigin ní haon scéal mór a bheidh ann tuismitheoirí Protastúnacha as eastáit mhóra dhílseacha a bheith ag seoladh a bpáiste go dtí scoil lán-Ghaeilge.

“Ach tógann sé roinnt ama. Tá athrú ag teacht, ní go réidh a thagann athrú ach tagann sé.”

Dúirt stiúrthóir Turas gur “uirlis athmhuintearais thar barr” a bhí sa Ghaeilge.

 “Tugann sí le chéile daoine inár bpobal scoilte. Droichead is ea í a nascann le chéile sinn.

“Agus domsa is droichead í idir tíortha in Éirinn agus an Bhreatain Mhór, teanga a chuaigh as Éirinn go hAlbain agus go dtí Oileán Mhanann, ceann de na teangacha Ceilteacha a labhraítí ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire tráth dá raibh.”

 Dúirt Linda Ervine, gur “neamhní” aici an Ghaeilge sular thosaigh sí ag cur suim inti in 2011. Nuair a chrom sí ar an nGaeilge a fhoghlaim tugadh “tréatúir agus Lundy” uirthi agus bíonn “mionlach glórach” á cáineadh go fóill.

Ní ligeann sí do lucht a cáinte cur as dá cuid oibre ag cur chun cinn na Gaeilge, a dúirt sí.

“Bagairt” do dhaoine áirithe an rath atá ar a cuid oibre, daoine a fhéachann ar an nGaeilge “mar theanga an namhad”.

Dúirt sí gur athraigh an Ghaeilge “a saol go léir” agus gur athrú mór chun feabhais a bhí i gceist.

“Agus taibhsíodh dom go raibh an tseoid seo aimsithe agam. Ní raibh uaim ach í a roinnt le daoine eile i mo phobal féin, daoine, ach oiread liom féin, nach raibh aon deis riamh acu an Ghaeilge a fhoghlaim mar gheall ar an dtraidisiún lenar bhain siad.”

Dúirt sí gur “ag méadú as cuimse” a bhí an tsuim a bhí á cur ag daoine sa Ghaeilge in Oirthear Bhéal Feirste le tamall de bhlianta anuas.

“Tá daoine ag baint taitnimh as a bheith ag foghlaim na Gaeilge den chéad uair agus ba mhaith leo dúshlán na ndaoine a deir ‘prods don’t speak Irish’ a thabhairt. Tá an méid sin á bhréagnú acu.”

Dúirt sí go raibh an Ghaeilge in “áiteanna éagsúla i bpobal Protastúnach an lae inniu”.

“Tá sí sa mheon diúltach agus naimhdeach a chruthaíonn ‘Tiocfaidh ár lá’. Tá sí sa dearcadh tarcaisneach agus mórchúiseach atá ag roinnt aontachtaithe.

“Ach chomh maith leis sin, tá sí sna mic léinn Phrotastúnacha atá ag foghlaim na Gaeilge linn san ollscoil. Tá sí i Naíscoil na Seolta, áit a bhfuil a bpáistí á dtabhairt ag tuismitheoirí in ainneoin na n-agóidí agus an imeaglaithe. Agus tá sí i seomraí ranga Turas, áit a dtagann na mílte foghlaimeoirí gach bliain chun tús stadach a chur lena dturas teanga féin.”

Thug Seanadóirí éagsúla ardmholadh do Linda Ervine as a cuid oibre agus d’éirigh an uile dhuine ina seasamh chun bualadh bos mór fada a thabhairt di i ndiaidh a cuid cainte.

Fág freagra ar '‘Lá éigin ní scéal mór a bheidh ann páiste Protastúnach as eastát dílseach a bheith á chur go dtí Gaelscoil’'