JOHN ALLEN: Éagsúlacht sa chraobh faoi-21 ach cuma láidir ar Phort Láirge

Tabharfaidh Port Láirge aghaidh ar Aontroim agus beidh Gaillimh á féachaint le Baile Átha Cliath i gcluichí leathcheannais na craoibhe faoi 21 tráthnóna

JOHN ALLEN: Éagsúlacht sa chraobh faoi-21 ach cuma láidir ar Phort Láirge

Beimid ar ais i nDurlas arís um thráthnóna agus na cluichí leathcheannais iomána faoi fiche a haon ar siúl. Is deas go bhfuil foirne difriúla ag teacht chun cinn go rialta sa chomórtas seo. Tá Baile Átha Cliath anseo agus gan aon chraobh buaite acu. Níor bhuaigh Port Láirge an corn seo ach uair amháin cheana, i 1992, agus níor bhuaigh Aontroim riamh é. Dar ndóigh tugann an Ghaillimh an corn seo leo minic go leor. Ba in 2011 a bhuaigh siad go deireanach é.

Tá chuid maith de na cluichí i gcúigí Laighean agus Mumhan feicthe agam agus bunaithe orthu sin bheadh sé an-deacair gan Port Láirge a roghnú chun an corn a bhuachan den  chéad uair le 14 bliain anuas.

Ach sin scéal do lá éigin eile. Inniu is iad Aontroim atá rompu. Ag féachaint ar imreoirí na nDéise, beidh sé thar a bheith deacair ar fhir an tuaiscirt an cluiche seo a bhuachan .

Bhí Port Láirge go hiontach i gCúige Mumhan, go háirithe sa dara leath i gcoinne an Chláir agus Thiobraid Árann. Ba chuid suntais iad na himreoirí sinsir ach go háirithe – Austin Gleeson, Patrick Curran agus Stephen Bennett . Ach tríd is tríd is foireann iad atá lán le muinín, díocas agus scil. Cé go bhfuil an contae in ísle brí i ndiaidh ghaiscí an tSathairn seo caite, ní dóigh liom go gcuirfidh an méid sin isteach ar an sprid ná an cur chuige atá ag an ngrúpa iontach imreoirí seo.

Is deacair aon tuairim thomhaiste a thabhairt faoin nGaillimh mar nach bhfuil aon chluiche imeartha acu sa comórtas . Ach bhuadar craobh na mionúr anuraidh agus chaill siad cluiche ceannais na mionúr trí bliana ó shin i gcoinne na nDéise. Bhí Conor Whelan na sinsear ina meas siúd a bhí ag imirt do Ghaillimh an lá sin.

Mar sin, caithfidh go bhfuil  dóthain imreoirí ar ardchaighdeán acu, cé nach bhfuil aon dabht ach gur míbhuntáiste dóibh nach bhfuil aon chluiche craoibhe imeartha acu go dtí seo i mbliana. Trí bliana ó shin bhí seans fós acu ar bhua sa cheathrú dheireanach de chluiche ceannais na mionúr agus is cinnte go bhfuil mianach iontu. Baile Átha Cliath atá rompu inniu agus é de bhuntáiste acu go bhfuil foireann shinsir an contae díomhaoin le tamall anois agus gan éinne ag iarraidh an dá thrá a fhreastal dá bharr.

Bhíodar an-mhaith sa chéad leath i gcoinne sheaimpíní an Chúige, Loch Garman ina gcéad chluiche cúige. Bhíos an-tógtha lena dtaispeántas an oíche sin. Ach ó shin i leith, ní fhéadfá a rá go rabhadar thar mholadh beirte. É sin go léir ráite, tá creatlach d’fhoireann láidir  acu. Is cosantóirí teann agus údarásach iad Eoghan O’Donnell, Cian Mac Gabhann agus Shane Barrett. Tá sé de chumas ag Chris Bennett agus Seán Treacy cluiche a bhuachan astu féin agus is tosaí cruinn é Cian Boland má bhíonn sé saor ó ghortuithe. Ach go dtí seo níor thugadar aon taispeántas uathu a bhí inchurtha leis na cinn atá tugtha ag Port Láirge, an tslat tomhais i mbliana.

Ní bheidh mórán eatarthu ach b’fhéidir go bhfuil an ceart ag na geallghlacadóirí atá ag tuar go mbeidh Port Láirge agus an Ghaillimh sa chluiche ceannais againn.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Éagsúlacht sa chraobh faoi-21 ach cuma láidir ar Phort Láirge'