Jihad Jane, cathair Phort Láirge agus an t-ealaíontóir Sualannach

Scéal ait, suaite, corraitheach beirt sceimhlitheoirí ban Meiriceá curtha os ár gcomhair ag an stiúrthóir Éireannach Ciaran Cassidy

Jihad Jane, cathair Phort Láirge agus an t-ealaíontóir Sualannach

Scéal ait, suaite, corraitheach é scéal Jamie Paulin-Ramirez agus Colleen LaRose. Bhí Jamie sna tríochaidí agus Colleen sna daichidí nuair a thiontaigh siad ar an Ioslamachas raidiciúil.

Físeáin, comhráite srl. ar an idirlíon a spreag iad. I ndeireadh na dála ba é Port Láirge na hÉireann a gceann scríbe mar a raibh sé i gceist acu tosnú ag prapáil leis an ealaíontóir Sualannach Lars Vilks a dhúnmharú.

Chuir Vilks goimh ar Mhoslamaigh ar dtús in 2007 nuair a tharraing sé cartún de Muhammad a bhí maslach dar leo. Déanann an fadscannán faisnéise Jihad Jane, a scrígh agus a stiúraigh an tÉireannach Ciaran Cassidy, scéal na beirte a reic.

Ní hamháin go bhfuil ionchur mór ón mbeirt bhan iad féin ach déantar dreasanna cainte le mórán eile a bhí bainteach lena scéal anseo in Éirinn agus i Meiriceá.

Ba chráite agus ba thragóideach an tógaint a bhí ag an mbeirt acu; an drochíde agus an t-imeallú á seoladh ar bhóthar a n-aimhleasa.

Taibhsíodh dom go raibh an tiontú ar an Ioslamachas raidicúil mar thoradh ar an gcos ar bolg a d’imir an saol agus a muintir orthu.

Deir Jamie linn gur cadhan aonair a bhí inti ag fás aníos, gan aon chairde ná féinmheas aici. Phós sí fear a bhí cúig bliana déag níos sine ná í nuair a bhí na hocht mbliana déag slánaithe aici.

D’fhulaing sí mí-úsáid fhisiciúil agus scar siad. Phós sí faoi dhó arís ach níor mhair na póstaí san ach an oiread. Níl aon aithne ag a mac Christian ar a athair.

Tá scéal Colleen níos suaite fós.

B’alcólaigh a beirt tuismitheoirí, rinne a hathair mí-úsáid ghnéis uirthi agus d’fhág sí an baile is thug sí faoin striapachas nuair a bhí sí sa déaga luatha.

Fuaireadar tearmann agus fuascailt i bpóirsí dorcha an idirlín mar ar chuir “deartháireacha” an Ioslamachais raidiciúil an tsúil ribe orthu. Chuir fear leis an leasainm “Black Flag” cluain orthu agus mealladh chun na hÉireann iad.

Tháinig an bheirt acu go hÉirinn timpeall an ama chéanna in 2009. Ba i bPort Láirge a bhí Ali Charaf Damache buailte faoi. Níor chathair mar a thuairisc é. Níorbh fhada gur pósadh é féin agus Jamie, áfach.

Dar le Colleen ní fada gur caitheadh na pleananna dúnmharaithe faoi thóin chártaí.

Chaith Colleen a caipín leis an gcúram agus chuaigh sí i dteagmháil leis an FBI. Pé neamh-mheabhair a bhí uirthi mheas sí go dtabharfadh sí na cosa léi. Gabhadh í nuair a d’fhill sí ar Mheiriceá.

Tosnaíodh ag faire ar an dtigh i bPort Láirge. Gabhadh Jamie í féin nuair a d’fhill sí ar Mheiriceá.

Déanann Cassidy a chúram go slachtmhar cé gur chuir an siar is aniar gan ghanntar idir amanna agus láithreacha éagsúla as dom tar éis scaithimh. Éiríonn leis meitheal bhreá de chloigne cainte a bhailiú le chéile. Labhraíonn an bheirt go hionraic agus a n-aghaidheanna clúdaithe in éadaí an Ioslamachais.

Gné den scéal a bhfuaireas an-bhlas uirthi ná an seó bóthair a dhein meáin Mheiriceá den chúram.

Ní fada nó gur thosaigh siad ag rith amach ón gcairt ar fad. An-bhlas á bhfáil acu ar an ainm cleite ar líne a bhí ag Colleen. Ba í Colleen an chéad bhean riamh i Meiriceá a cúisíodh as gníomhartha sceimhlitheoireachta agus bhíothas ag maíomh gurb iad na mná seo “the new face of terrorism”.

Chaith Jamie agus Colleen ocht agus deich mbliana, faoi seach, i bpríosún. Tá a saol loite acu ach ní thuigeann siad é sin. Léiríonn an gaol ciotach idir Jamie agus a mac é sin go truamhéalach.

Ar an iomlán ba dheacair dom léamh ar an mbeirt bhan.

Cinnte táid fós gafa leis an Ioslamachas ach n’fheadar an dtuigeann siad, nó an bhfuil sásta glacadh le, cé chomh tromchúiseach is a bhí a gcuid gníomhartha.

N’fheadar ach an oiread an daoine saonta suaite iad atá ar seachrán nó an bhfuilid dainséarach agus as a meabhair.

Cé go maíonn Colleen i gcónaí go mbeadh an beart déanta aici, n’fheadar ach an mbeadh beart de réir briathair déanta dá dtiocfadh cúrsaí go cnámh na huillinne.

Fág freagra ar 'Jihad Jane, cathair Phort Láirge agus an t-ealaíontóir Sualannach'