Jackson, Olding agus beirt fhear eile neamhchiontach i gcás cúirte Bhéal Feirste

Fuarthas neamhchiontach i gCúirt Chorónach Bhéal Feirste inniu na himreoirí rugbaí Paddy Jackson agus Stuart Olding a raibh sé curtha ina leith go ndearna siad éigniú ar bhean

Jackson, Olding agus beirt fhear eile neamhchiontach i gcás cúirte Bhéal Feirste

Rory Harrison, Paddy Jackson, Stuart Olding agus Blane McIlory a bhfuarthas neamhchiontach iad sa Chúirt Chorónach i mBéal Feirtse

Fuarthas neamhchiontach i gCúirt Chorónach Bhéal Feirste inniu na himreoirí rugbaí Paddy Jackson (26) agus Stuart Olding (25) a raibh sé curtha ina leith go ndearna siad éigniú ar bhean 19 bliain d’aois le linn cóisir tí a bhí ar siúl i dteach Jackson go moch ar maidin, an 28 Meitheamh 2016.

Fuarthas neamhchiontach chomh maith Jackson as ionsaí gnéasach a dhéanamh uirthi.

Tar éis beagnach ceithre uair a chloig ag plé an cháis, chinn an giúiré, ochtar fear agus triúr ban, d’aon ghuth gur neamhchiontach sna cúiseanna a bhí an bheirt imreoirí rugbaí.

Mhaígh an bheirt fhear le linn na trialach gur gníomhartha gnéis comhthoiliúla a bhí i gceist.

Fuarthas neamhchiontach chomh maith, cairde na beirte Blane McIlroy (26), a raibh nochtadh mígheanasach curtha ina leith, agus Rory Harrison (25), a raibh sé curtha ina leith go ndearna sé cúrsa na córa a shaobhadh agus gur cheil sé eolas faoin eachtra.

Thug na fir ar fad fianaise le linn na trialach a mhair naoi seachtaine agus tugadh 30 finné os comhair na cúirte.