Is treise an dóchas ná an taithí i Mauritania…is léir

Gan scáth gan náire gan bhrón, faightear colscaradh sa Mháratáin agus deintear ceiliúradh dá réir

Is treise an dóchas ná an taithí i Mauritania…is léir

Mhúscail cuntas i nuachtán iomráiteach Meiriceánach mo spéis is m’fhiosracht i dtír i bhfad i gcéin le hainm suaithinseach, an Mháratáin nó Mauritania.

In iarthuaisceart na hAfraice atá sí, agus ainm níos suaithinsí fós ar an bpríomhchathair acu, ainm ná beadh sé de mhisneach ná d’eolas agam conas é a fhuaimniú gan Araibis ná Beirbeiris a bheith ar mo thoil agam, sin é Nouakchott.

Gaineamhlach 90% den Mháratáin, maireann formhór na ndaoine i ndeisceart na tíre, áit nach bhfuil an aeráid is an teas chomh diamhair. Tá an phríomhchathair suite ar an aigéan Atlantach, mar a bhfuil faoiseamh éigin acu ón dteas.

Agus tú ansan, níl an baile iomráiteach a bhfuil cloiste againn go léir mar gheall air ar chuma éigin, sin é Timbuktu, níl sé ach turas lá go leith ó bhaile uait. Ansan a gheobhair Aonach na gCamall, chomh maith aon lá le hAonach a’ Phoic a déarfainn.

Múraigh agus Arabaigh agus Beirbeirigh agus pobal dúchasach na hAfraice a mhaireann i Mauritania.

Mórchuid teangacha dúchasacha agus an Fhraincis anuas air sin ag cuid mhaith acu. Moslamach Siach is creideamh d’fhormhór an daonra.

Táimid go léir eolach ar ‘luachanna’ agus nósmhaireacht phobal mar é.

Daorsmacht ar an mbean, cead a chinn is a chos ar an bhfear.

Cead ag an bhfireannach scata ban a phósadh i dteannta a chéile.

Cosc ar an mbean a leithéid de phribhléid. Quelle surprise, arsa an duine.

Ach tabhair fé ndearna sa chuntas breá seo san New York Times más é do thoil é, nach amhlaidh atá in aon chor i gcás an cholscartha. Seachas an cosc ar níos mó ná páirtí amháin a bheith ag bean ag an am céanna, tá saorchead aici colscaradh nuair a oireann sin di.

Cur síos breá atá anseo ar chóisir spleodrach aoibhinn aerach agus scata ban ag ceiliúradh lá a gcolscartha.

Agus níorbh é an chéad uair aige cuid acu é colscaradh a fháil óna gcéile fireann.

A ceathair nó a cúig de bhabhtaí a bhí cuid acu ag colscaradh.

Chaitheas féachaint an tarna babhta ar dháta an lae a bhí agam agus mé a’ léamh an ailt.

Arbh é ‘Lá na nAmadán’ a bhí againn?

Ach ambaist, nárbh é.

Gan scáth gan náire gan bhrón…faightear colscaradh agus deintear ceiliúradh dá réir.

Ní hamhlaidh atá i dtíortha Moslamacha eile mórthimpeall orthu. Cúis náire agus stiogma de réir dealraimh a leithéid i Maracó.

Sa Mháratáin is gnáth-imeacht saoil é, agus údar ceiliúrtha go minic, ag brath ar an staid ina raibh caidreamh an phósta ina raibh an bhean bhocht sáinnithe.

Sa chur síos áirithe seo, is i mbaile Ouadane a tháinig na mná le chéile agus d’eagraigh cóisir ceiliúrtha colscartha.

Maisíonn a lámha le hine. Cuireann péint is púdar ar a gceannaithe…

Cognaíonn agus caitheann siar camallfheoil rósta is oinniúin, cantaí aráin, dátaí milse agus uachtar.

Ardaíonn scol amhrán grá, gan trácht ar rabhcáin a’ moladh Mahamad, an Fáidh.

Drumaí dá léasadh is spleodar boise.

Measann socheolaithe go bhfuil mianach láidir matrarcach sna mná Beirbeireacha a thugann misneach dóibh a saol a chaitheamh mar is mian leo.

Tuairiscítear go dtéann mná colscartha ar an margadh agus go ndíolann siad a seanbhalcaisí, chomh maith le tranglam is airnéis an phósta, agus tosnaíonn amach nua glan arís le páirtí eile.

Is treise an dóchas ná an taithí i Mauritania…is léir.

Fág freagra ar 'Is treise an dóchas ná an taithí i Mauritania…is léir'

  • Carraig53@protonmail.com

    ‘Aonach na gCamall’ dos gach duine agus ‘Aonach na nGamall’ dos na mnáibh!