Is olc an ghaoth ón Eoraip nach séideann do dhuine éigin…

Beidh ceathrar feisirí nua, ar a laghad, ag dul go Strasbourg i ndiaidh an toghcháin Eorpaigh 

Is olc an ghaoth ón Eoraip nach séideann do dhuine éigin…

Is soiléire anois ná riamh nach dtiocfaidh an chiall pholaitiúil i réim sa Ríocht Aontaithe, sa Rialtas ná sa bhfreasúra, go dtí go mbeidh sé ródhéanach an tubaiste atá roimh an tír léanmhar sin a sheachaint.

Ní fada mar sin go mbeidh ar Rialtas na hÉireann rogha a dhéanamh faoin tionchar a bheas ag drochBhreatimeacht ar an tír seo. 

Faoi láthair, ní léir socrú ar bith faoinar féidir rogha idir easpa teorann abhus agus teorainn Eorpach a sheachaint. Ní raibh cibé duine is túisce a dúirt nach féidir leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal ag smaoineamh ar an mBreatimeacht. Ach oireann an seanfhocal don tsáinn ina mbeidh muintir an oileáin seo gafa, a bhuí leis an mBreatimeacht crua atá ag teannadh linn ón 29 Márta 2019.

Sin ráite, tá athrú amháin romhainn, a chuirfear i bhfeidhm an bhliain seo chugainn, a rachaidh chun tairbhe do pholaiteoirí na hÉireann.

San atheagrú a rinneadh ar an ionadaíocht náisiúnta i bParlaimint na hEorpa mar gheall ar aistarraingt na Ríochta Aontaithe, socraíodh go mbeadh dhá shuíochán breise ag an stát seo ó 2019 ar aghaidh.

I ndiaidh an toghcháin, beidh feisirí an Tuaiscirt (Martina Anderson ó Shinn Féin, Diane Dodds ón DUP agus James Nicholson ón bPáirtí Aontachtach) as obair go dtí go n-aimsíonn siad cúraimí nua. 

Rachaidh cailliúint an Tuaiscirt chun sochair go hindíreach don stát ó dheas. Ní 11 feisire Eorpach a thoghfar sa phoblacht in 2019 ach triúr déag feisirí. 

Tá coiste faoi chathaoirleacht an bhreithimh Robert Haughton bunaithe le hatheagar a dhéanamh ar na toghcheantair Eorpacha. Glacfaidh an coiste le moltaí i leith na dtoghcheantar go dtí an 31 Lúnasa (seoladh ríomhphoist: europarlconstituencies@housing.gov.ie).

Meastar go bhfoilseofar na moltaí roimh an Nollaig.

Beidh lánchead ag an gcoiste na toghcheantair Eorpacha nua a leagan amach mar is mian leo, ach aird a thabhairt ar choinníollacha áirithe. De réir a dtéarmaí tagartha, ní foláir don choiste cloí chomh fada agus is féidir le teorainneacha contae agus aird a thabhairt ar thosca tíreolaíocha. Ceadaítear dóibh toghcheantair ina mbeidh trí, ceithre nó cúig shuíochán a mholadh mar is mian leo.

Níl sa stát faoi láthair ach trí thoghcheantar Eorpach; Baile Átha Cliath, an Deisceart (a shíneann ó Chiarraí go Cill Mhantáin) agus an tIarthar, an Tuaisceart agus Lár Tíre (ó Dhún na nGall go Laois, agus ó Lú go Maigh Eo).

Cé nach féidir rogha an choiste a mheá roimh ré, d’fháilteodh go leor iarrthóirí roimh leagan amach nua ina mbeadh ceithre thoghcheantar ann in ionad trí cinn. Ní bheadh iontas ar mhórán dá mbeadh an leagan amach nua cosúil leis an gceann a bhí ann go dtí 2014, agus na suíocháin roinnte mar atá idir lúibíní thíos: 

– Ceantar Bhaile Átha Cliath (4 shuíochán)

– An chuid eile d’oirthear na tíre (3)

– An deisceart (3)

– An t-iarthar/tuaisceart (3)

Tá feisire Eorpach Shinn Féin Liadh Ní Riada ag moladh go gcuirfí an dá shuíochán breise in áirithe d’ionadaithe ó Thuaisceart Éireann, ach níor thug páirtí ar bith eile le fios go dtí seo go n-aontaíonn siad léi. Fiú dá n-aontódh, bheadh deacracht mhór le réiteach: conas a thoghfaí ionadaithe as limistéar taobh amuigh den stát?

Tá sé ráite cheana féin ag beirt fheisirí, Matt Carthy as Muineachán, feisire de chuid Shinn Féin agus Nessa Childers, feisire neamhspleách i mBaile Átha Cliath, nach seasfaidh siad arís. Fágann sin go mbeidh ceathrar feisirí nua, ar a laghad, ag dul go Strasbourg i ndiaidh an toghcháin. 

Tá ceathrar feisirí ag Fine Gael, triúr ag Sinn Féin agus ceathrar neamhspleách sa pharlaimint Eorpach faoi láthair. Is roimh Fhianna Fáil agus Micheál Martin mar sin a bheas an dúshlán is mó i mí na Bealtaine, agus iad ag iarraidh a chinntiú go mbeidh feisire Eorpach amháin ar a laghad ag an bpáirtí i ré nua an Bhreatimeachta. 

Fág freagra ar 'Is olc an ghaoth ón Eoraip nach séideann do dhuine éigin…'

  • Mairéad

    Cén saghas buntáiste? Nach mbeidh feisirí eile ag tíortha eilecan aontais freisin!