‘Is mó seans go bhfeicfeá agallamh ar TG4 le scríbhneoir Béarla ar chamchuairt poiblíochta ná ceann le scríbhneoir Gaeilge…’

'Easpa freastail' TG4 ar scríbhneoirí Gaeilge agus litríocht na Gaeilge le plé ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag Oireachtas na Samhna

TG42

Is minic scríbhneoirí Gaeilge in amhras faoi thiomantas TG4 d’fhorbairt na scríbhneoireachta Gaeilge.

Sin cuid dá bhfuil le rá i bplécháipéis a chuirfear faoi bhráid bhaill Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag ollchruinniú an Aontais ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn.

Deirtear sa cháipéis a chuirfear ar aghaidh mar aighneacht chuig TG4 ach na moltaí inti a bheith pléite agus aontaithe ag baill an Aontais, gur údar ‘díomá’ ag scríbhneoirí Gaeilge líon na gclár agus na ndrámaí ag TG4 ar scríobhadh i mBéarla an chéad lá iad.

‘Dealraíonn sé go bhfuil mórán nó formhór na scripteanna á bhforbairt agus á gcoimisiúnú i mBéarla agus á n-aistriú go Gaeilge le maoiniú agus deis léirithe a fháil.

‘Ní haon chabhair é sin don scríbhneoir atá ag saothrú i nGaeilge nó don airneán teilifíse Gaeilge go fadtéarmach. Gan dabht, bíonn obair ann do lucht aistriúcháin agus bíonn siad buíoch as,’ a deirtear i bpléchaipéis Aontas na Scríbhneoirí.

Sa chápéis a phléifear ag Oireachtas na Gaeilge, ceistítear gnéithe éagsúla de chur chuige TG4 maidir le scríbhneoireacht agus litríocht na Gaeilge:

‘Gan deiseanna rialta fostaíochta, struchtúir chearta forbartha agus rátaí cearta pá, ní bheidh rath ar dhrámaíocht ar TG4.

‘Ní ceist acmhainní amháin é. Is ceist tola é an earnáil drámaíochta a fhorbairt nó gan é a dhéanamh. Má tá TG4 dáiríre faoi dhrámaíocht ar ardchaighdeán, is gá gníomhú go práinneach.’

Maítear go bhfuil sé soiléir nach bhfuil TG4 ‘i ndiaidh na structúir gur gá a chruthú chun scríbhneoireacht na Gaeilge a chothú agus a fhorbairt chun leasa TG4 agus chun leasa an lucht féachana’.

Deirtear go bhfuil ‘an t-easnamh sa fhreastal ar scríbhneoirí na Gaeilge ar TG4 an-soiléir nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an gclúdach ar litríocht an Bhéarla ar staisiúin RTÉ agus BBC’.

Maítear gurb ‘annamh le scór bliain anuas’ clúdach ‘sásúil rialta’ a bheith déanta ag TG4 ar leabhair Ghaeilge, ar lucht a scríofa nó ar lucht a léite. Is trua sin, a deirtear, mar ‘nuair a bhíonn siad ann [cláir faoi litríocht na Gaeilge], bíonn an chuid is mó acu ar ardchaighdeán agus tuilleann said athchraoladh go minic’.

De réir na plécháipéise, is beag aird a thugann cláir irise TG4 ar litríocht na Gaeilge i gcomparáid leis an méid ama a thugtar suas d’ealaíontóirí, ceoltóirí agus rinceoirí ‘nach bhfuil focal Gaeilge acu nó ceangal acu le pobal na Gaeilge’.

‘Is mó seans go bhfeicfeá agallamh ar TG4 le scríbhneoir Béarla ar chamchuairt poiblíochta ná [agallamh] leis an scríbhneoir Gaeilge, a ndéanann na meáin chumarsáide Béarla neamhaird air. B’fhurasta sin a leigheas,’ a deirtear.

Tá na moltaí éagsúla atá sa cháipéis maidir le conas feabhas a chur ar an bhfreastal a dhéanann TG4 ar scríbhneoirí Gaeilge agus litríocht na Gaeilge le cur faoi bhráid chruinniú tSathairn chomh maith.

Moltar, mar shampla, gur chóir do lucht TG4 ‘cuid réasúnta’ dá mbuiséad a chur ar leataobh chun scríbhneoireacht teilifíse i nGaeilge a chothú agus gur cheart cúrsaí traenála do scríbhneoirí scripte Gaeilge a eagrú go rialta.

Moltar leis go gcraolfadh an stáisiún sainchlár rialta ar leabhair agus litríocht chomhaimseartha na Gaeilge agus go ndéanfaí clúdach rialta ar ócáidí liteartha na Gaeilge ar chláir irisí agus nuachta an chraoltóra.

Ba chóir chomh maith, a deirtear, sraitheanna ar mhórscríbhneoirí agus ar stair na litríochta Gaeilge a chraoladh.

‘Tá géarghá go gcuirfeadh an craoltóir struchtúir forbartha drámaíochta i bhfeidhm chun earnáil cheart fostaíochta a chruthú do scríbhneoirí, léiritheoirí agus aisteoirí na Gaeilge,’ a deirtear i bplécháipéis Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge.

‘Go búnúsach, muna n-athraíonn cúrsaí go luath, tá baol ann nach mbeidh i TG4 ach céim iontrála do scríbhneoirí san earnáil teilifíse agus ansin, agus taithí faighte acu, saothróidh siad a gceird le craoltóirí eile mar nach acmhainn dóibh scríobh i nGaeilge a thuilleadh, go fiú má bhí said ag scríobh i nGaeilge i dtosach báire,’ a deirtear.

Fág freagra ar '‘Is mó seans go bhfeicfeá agallamh ar TG4 le scríbhneoir Béarla ar chamchuairt poiblíochta ná ceann le scríbhneoir Gaeilge…’'